Gach uair a théann tú ar bord eitleáin, cloiseann tú an teachtaireacht chéanna.
Díríonn aeróstach aird na bpaisinéirí ar na doirse éigeandála. Síneann sí a méar i dtreo na soilse urláir lena lasfar an bealach éalaithe má theipeann ar an ngnáthshoilsiú.
Deirtear gur ar éigean a bheidh ar an eitleán tuirlingt ar an bhfarraige, sula dtaispeántar conas seaicéad tarrthála a chur ort féin.
Ní maith lenár bhformhór smaoineamh ar an gcineál tubaiste ina mbeadh gá le seaicéad tarrthála, ná ar an gcaolseans a bheadh againn teacht slán as tuirlingt thobann i bhfad amach san Atlantach. Is fusa smaointe dá leithéid a chur as d’intinn.
Chuir teacht i láthair Dominic Raab le linn phreasagallaimh i Londain Déardaoin teachtaireacht chriú eitleáin i gcuimhne d’iriseoirí éagsúla a bhí i láthair. An fáth? Ní chuirfeadh a ndúirt sé mórán a smaoinigh air ar a suaimhneas.
Bhí Raab, a ceapadh an mhí seo caite tar éis do David Davis éirí as, ag fógairt 29 cáipéis comhairle ó rialtas na Breataine. Rinneadh cur síos sna cáipéisí ar an tslí ina láimhseálfar fadhbanna éagsúla má fhágann an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach ar an 29 Márta 2019, mar atá socraithe, gan aon mhargadh a bheith déanta roimh ré. Dúradh go bhfoilseofaí a thuilleadh comhairle dá leithéid faoi cheann míosa.
Níor chuir na fógraí dream ar bith ar a suaimhneas. Dúirt Páirtí an Lucht Oibre, Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon agus lucht eagair an fheachtais i bhfabhar reifrinn eile ar an mBreatimeacht go raibh an tubaiste atá ag bagairt cheal margadh leis an AE níos soiléire ná riamh, a bhuí le fógraí an rialtais.
Dúirt na feisirí parlaiminte agus na nuachtáin is láidre atá i bhfabhar an Bhreatimeachta go rabhthas ag iarraidh daoine a scanrú ionas go nglacfaidís le drochmhargadh. Ba ghéire an cáineadh a rinne siad ar thairngreacht an tSeansailéara Philip Hammond go mbeadh ar an Ríocht Aontaithe £80 billiún sa bhreis a fháil ar iasacht as seo go ceann 15 bliain mar gheall ar an mBreatimeacht.
Bhí sampla breá den chaint ghéar a chloistear thall agus Breatimeacht á phlé, go háirithe sa Pháirtí Caomhach, i ráiteas a d’eisigh an feisire Jacob Rees-Mogg faoi thairngreacht Hammond:
‘As a dog returneth to its vomit, so a fool returneth to its folly. The Treasury is desperate to stop Brexit. Everything the Treasury does has to be read in this light.’
Samhlaigh cúlbhinseoir as Fine Gael, leithéid Hildegarde Naughton abair nó Colm Brophy, agus Paschal Donohoe á cháineadh go poiblí acu le caint chomh mífhreagrach, agus is léir doimhneacht an aighnis a spreagann an Breatimeacht in Westminster.
Ní ábhar comhthuisceana ach a mhalairt a léirítear agus an margadh a theastaíonn á phlé, cé nach bhfuil ach seacht mí fágtha go mbeidh an Ríocht Aontaithe lasmuigh den AE.
Léirigh moladh rialtas na Breataine do lucht gnó i dTuaisceart Éireann dul i gcomhairle leis an rialtas i mBaile Átha Cliath, gné eile den mhífhreagracht atá i réim. Ba dheacair smaoineamh ar chomhairle a spreagfadh míshuaimhneas chomh mór i measc aontachtóirí an Tuaiscirt.
Dá ndéarfaí a leithéid le lucht gnó in Hampshire, abair, bheadh Dominic Raab agus rialtas na Breataine á gcáineadh go láidir fós. Ach is beag aird a thug na meáin i Londain ar a chomhairle aisteach (aisteach, is é sin le rá, d’aontachtóirí a bhfuil lánmhuinín acu as an rialtas i Londain).
Glactar leis sa Bhruiséil anois nach mbeidh margadh déanta leis an mBreatain roimh an gcruinniú mullaigh Eorpach a reáchtálfar i mí Dheireadh Fómhair. Dúirt foinsí éagsúla san AE Dé hAoine nach raibh fiúntas dáiríre sna cáipéisí ‘comhairle’ a d’eisigh Dominic Raab seachas mar lagiarracht chun brú a chur ar an AE teacht ar chomhréiteach.
I bhfianaise gach a ndearna Rialtas na Breataine go dtí seo, is dóichí ná riamh go bhfuil ciall leis na tuairimí seo a leanas:
1. Tá sé ionann agus cinnte nach mbeidh ar chumas rialtas na Breataine margadh a dhéanamh leis an AE sa ghearrthéarma.
2 Ní féidir réiteach dáiríre a aimsiú ar fhadhb na teorann ná ar stádas trádála an Tuaiscirt, cé nach féidir glacadh le cur i gcéill a chuideodh go mór le smuigléirí.
3. Má ghlactar leis go mbeidh ciall i réim i Londain uair éigin roimh an 29 Márta agus go mbeidh an toil ann aimhleas as cuimse a sheachaint sa dá thír, iarrfaidh an rialtas thall go gcuirfí moill roimhe sin ar an mBreatimeacht, ar bhealach éigin.
Ní féidir galar an Bhreatimeachta a leigheas, ach d’oirfeadh síneadh ama don AE agus don Ríocht Aontaithe araon.
Donncha Ó hÉallaithe
Is breá an rud alt tomhaiste, bunaithe ar fhianaise, a léamh faoi dheire ar TUAIRISC.IE faoi cheist na Breatimeachta.