‘Níl aon chúis nach mbuafaimis ar na All Blacks ag Corn an Domhain’ – Sean O’Brien

Deir Sean O’Brien le Tuairisc.ie nach dtiocfadh aon ‘bhac intinne’ i gceist sa chás go mbeadh ar imreoirí na hÉireann aghaidh a thabhairt ar na All Blacks i gCorn an Domhain

Guinness Series, Aviva Stadium, Dublin 24/11/2013  Ireland vs New Zealand All Blacks Ireland's Sean O'Brien tackled by Luke Romano of New Zealand  Mandatory Credit ©INPHO/Dan Sheridan
Sean O’Brien i gcoinne na Nua-Shéalainne ©INPHO/Dan Sheridan

Ní bheadh aon chúis imní ar fhoireann na hÉireann dá mbeadh orthu aghaidh a thabhairt ar na All Blacks i gCorn an Domhain, dar le Sean Ó Brien. Tá 28 cluiche imeartha ag an dá thír in aghaidh a chéile, ach níor éirigh le foireann Éireannach an ceann is fearr a fháil riamh ar an Nua-Shéalainn.

Ach níl aon easpa feinmhuiníne anois orthu a bhuíochas le Joe Schmidt.

Bhí siad chun cinn ar fhoireann Steve Hansen agus gan ach dhá nóiméad fágtha sa chluiche eatarthu ag deireadh 2013 agus cé nár eirigh leo an beart a dhéanamh, deir Sean O’Brien nach mbeadh aon fhaitíos orthu rompu dá gcasfaí ar a chéile iad i gCorn an Domhain.”Ní dóigh liom go bhfuil aon bhac intinne i gceist fad is a bhaineann sé le dul sa ghleo leo, nó fad is a bhaineann sé le gach rud is féidir a dhéanamh chun cluiche a bhuachan ina gcoinne.

“Ach sracfhéachaint a thabhairt siar ar an gcluiche sin, feicfidh tú gur leis an stair a bhaineann sé anois mar measaim go bhfuilimid tar éis an-dul chun cinn a dhéanamh ó shin agus go bhfuil forbairt mhór tagtha orainn. Beimid i bhfad níos fearr as ná mar a bhí má chastar orainn arís iad.”In ainneoin an dul chun cinn atá déanta faoi Schmidt, tá ceist mhór le freagairt fós faoi na All Blacks. Mura ‘bac intinne’ ba chúis lena dteip sa chluiche sin a chaitheadar uathu i 2013, cad ba chúis leis? Easpa tallainne? Easpa smachta ina gcuid imeartha agus iad faoi bhrú? Cibé freagra atá ar na ceisteanna sin, is cosúil go bhfuil fadhb ar leith ag foireann na hÉireann leis an Nua-Shéalainn.

Fós féin creideann O’Brien nach bhfuil aon chúis ann nach mbufaí orthu dá gcasfaí ar a chéile an fómhar seo iad. “Creidimid ionann féin an oiread sin anois. Táimid ag imirt maith go leor. Tá cluichí buaite againn ina raibh smacht againn ar an imirt. Tá an-chuid foirne buailte againn agus táimid tar éis imirt níos fearr ó shin. D’fhoghlaim an-chuid daoine go leor ón gcluiche sin. Táimid níos láidre inár n-intinn ná mar a bhí riamh.”Cé go bhfuil foireann na hÉireann tar éis dhá chluiche a bhuachan agus iad ag ullmhú do Chorn an Domhain, thug siad taispeántas lag uathu i gcoinne na hAlban. Dar le O’Brien, nár éirigh le foireann na hÉireann gníomhú mar aonad agus an líne á cosaint acu.

Bhronnamar roinnt ciceanna pionóis seafóideacha orthu ag amanna cinniúnacha agus thug sé sin móiminteam d’Albain.  “Más botúin amaideacha aonair atá ann nó má tharlaíonn siad toisc daoine a bheith ag tochras ar a gceirtlín féin, ní foláir do na daoine sin machnamh a dhéanamh ar conas mar a luíonn a gcuid imeartha leis an ‘bpictiúr mór’. Más dírithe ar a rud féin a dhéanamh atá duine, ní éireoidh leis. Ach má dhéanann an duine sin iarracht cabhair a thabhairt don fhear lasmuigh de, beidh cuma níos fearr ar chúrsaí.”

Fág freagra ar '‘Níl aon chúis nach mbuafaimis ar na All Blacks ag Corn an Domhain’ – Sean O’Brien'