Deir lucht feachtais nach amhlaidh go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis in Albain ach go bhfuil sí “á marú” ag an Rialtas le ciorruithe agus easpa infheistíochta.
Deir lucht na Gàidhlig go bhfuil an teanga á cur i mbaol a báis ag na céadta míle de chiorruithe.
Tuairiscítear go bhfuil sé i gceist ag Rialtas na hAlban £354,000 a ghearradh den bhuiséad a bhí ag Bòrd na Gàidhlig anuraidh agus tá sé ina imní chomh maith go bhfuil MG Alba, a dhéanann cláir do BBC Alba agus dreamanna eile, á fhágáil ar an ngannchuid freisin.
£5.125 milliún a bheidh ag Bòrd na Gàidhlig i mbliana ach ní chuirfear aon mhaoiniú breise ar fáil dóibh, mar a tharla i mblianta eile.
Tugadh £354,000 breise anuraidh don eagraíocht.
D’fhágfadh na ciorruithe go gcuirfí deireadh le scéim na nOifigeach Forbartha Gàidhlig atá ag Bòrd na Gàidhlig, agus leis na conarthaí atá ag beirt oifigeach pleanála teanga agus bainisteoir oideachais.
Dúirt an brúghrúpa Misneachd go mbeadh “impleachtaí tromchúiseacha” ag na ciorruithe do ghréasán na n-oifigeach Gàidhlig atá “riachtanach do thodhchaí na Gàidhlig mar theanga bheo phobail”.
Tá Misneachd ag iarraidh go gcuirfí bonn reachtúil faoi phostanna na n-oifigeach Gàidhlig agus go mbeadh pá maith agus conarthaí buana ag dul leo.
Léiriú is ea na ciorruithe, a deir Misneachd Alba, nach “ag fáil bháis ach á marú” atá an Gàidhlig.
Buille eile atá sna ciorruithe seo sa mhullach ar rabhadh a thug lucht acadúil ceithre bliana ó shin go raibh géarchéim teanga i bpobail labhartha na Gàidhlig, a bhfuil an chuid is mó díobh sna h-Eileanan Siar, an tEilean Sgitheanach agus Tiriodh.
Ba é tuar na saineolaithe sin ag an am go bhfaigheadh an Ghaeilge bás mar theanga phobail sna ceantair sin laistigh de dheich mbliana mura leasófaí an polasaí teanga sna croícheantair Ghaeltachta.
Dúirt Martainn Mac A’Bhaillidh, ceannasaí Misneachd Alba:
“Go bunúsach buille an bháis atá anseo [ciorruithe] don Ghaeilge mar theanga bheo i measc an phobail.
“Tuigimid go maith go bhfuil brúnna go leor ann ach má táimid dáiríre in aon chor faoin nGàidhlig a choinneáil beo mar chuid d’oidhreacht chultúrtha na hAlban, anois nó go brách an t-am le beart a dhéanamh.
“Ní rud é seo go bhféadfaimid a rá ‘gearrfaimid é seo faoi láthair agus b’fhéidir i gceann cúpla bliain go bhféadfaidh muid breathnú arís air’ – beatha nó bás atá i gceist anseo. Tá an teanga ar leaba a báis.”
“Is é rialtas seo Phàrtaidh Nàiseanta na h-Alba [SNP] a chaithfidh rud éigin a dhéanamh ar an gceist seo. Is ar a gcloigeann siúd a bheidh sé más é seo an uair dheiridh a gcloisfidh tú Gàidhlig á labhairt mar theanga phobail in Albain.”
Is ionann scéal ag John Morrison, cathaoirleach MG ALBA [Seirbhís Meán Gàidhlig], a deir go bhfuil a luach caillte go mór ag an maoiniú £13m a fhaigheann an tseirbhís sin ó Rialtas na hAlban, maoiniú a d’fhéadfá a rá atá ‘calctha’ nó gan athrú le deich mbliana.
“Sin atá dáiríre in aon infheistíocht a dhéantar sa nGàidhlig – infheistíocht. Inár gcás féin in MG ALBA, saothraíonn gach uile £1 a infheistítear ionainn £1.34 agus cruthaíonn muid breis is 340 post – beagnach 200 acusan sna Garbhchríocha agus sna h-Eileanan Siar.
“Léiríonn sin nach aon síneadh láimhe ná déirc atá sa maoiniú a fhaigheann MG ALBA.”
Thart ar 1.1 % den daonra, nó 58,000 duine in Albain a labhraíonn Gàidhlig.
Tá bille teanga nua á réiteach a bhfuil mar aidhm leis stádas oifigiúil a thabhairt don Albainis agus don Gàidhlig agus iad a chur chun cinn sa gcóras oideachais agus sa saol poiblí.
Tá an bille seo i dtús a aistir tríd an bparlaimint agus moltar ann go gcruthófaí “ceantair atá tábhachtach ó thaobh na teanga” agus go mbeadh tuilleadh tacaíochta ar fáil dóibh sin ar mhaithe leis an Gàidhlig a choinneáil slán iontu.
Bheadh cead ag údaráis áitiúla iarratais a dhéanamh chun aitheantas oifigiúil a fháil do “ceantar atá tábhachtach ó thaobh na teanga” má bhíonn Gàidhlig ag 20% de phobal an cheantair, ar a laghad.
Tá an bille nua seo cáinte ag an saineolaí teanga Conchúr Ó Giollagáin, duine d’údair an taighde The Gaelic Crisis in the Vernacular Communities a foilsíodh in 2020 agus An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsíodh in 2007.
Locht a bhí ag Ó Giollagáin ar dhréacht tosaigh den bhille nua in Albain go raibh “easpa físe” ag baint leis agus nár dhírigh sé a dhóthain ar chaomhnú na Gàidhlig sna croícheantair teanga.
“Cur chuige náisiúnta atá i gceist anois agus ní léir dúinn cén chaoi a dtabharfar tosaíocht don ghéarchéim i measc phobal labhartha na Gàidhlig sa Ghaeltacht,” arsa Ó Giollagáin.
“Más é mian an bhille seo stádas náisiúnta a thabhairt do theanga mhionlaigh, tá sé tábhachtach go léireofaí sa reachtaíocht nua conas a bhainfidh sé sin le go leor dreamanna éagsúla sa daonra.
“Ach sílim féin go bhfuil sé réasúnta go mbeadh tosaíocht ann ó thaobh acmhainní agus iarrachtaí tráth a bhfuil an teanga ar tí imeacht as na pobail cainteoirí dúchais deireanacha, rud atá ar eolas againn.”
Dáithí Mac Cárthaigh
Mholfainn Scottish a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban agus trácht á dhéanamh uirthi as Béarla. Mura ngéilltear di mar theanga bhunaidh na hAlban, is lú fós an spreagadh a bheidh ann tacú léi.
Sibéal
Úsáidtear Scots don Lallans.