Ní úsáideann Foras na Gaeilge ná Údarás na Gaeltachta AI ar bhealach a thógfadh obair ó ealaíontóirí – aire

Cuireadh sa Dáil faoi chomórtas intleachta saorga atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta d’fhíseáin a dhéantar leis an intleacht shaorga

Ní úsáideann Foras na Gaeilge ná Údarás na Gaeltachta AI ar bhealach a thógfadh obair ó ealaíontóirí – aire

Tá sé ráite ag Aire na Gaeltachta Dara Calleary nach mbíonn eagraíocht ar bith atá faoi scáth a Roinne – Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ina measc – ag úsáid na hintleachta saorga leis an dearadh grafaicí “nó obair dá leithéid” a dhéanamh.

Bhí an tAire Calleary ag freagairt ceiste ó cheannaire Phobal Seachas Brabús, Richard Boyd-Barrett, sa Dáil faoi chomórtas intleachta saorga atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta. Tá €6,000 le bronnadh ag an Údarás ar an duine a dhéanfaidh an físeán is fearr le huirlisí intleachta saorga.

D’fhiafraigh Boyd-Barrett den Aire Gaeltachta cé acu an raibh nó nach raibh gníomhaireachtaí stáit faoi scáth a Roinne ag úsáid na hintleachta saorga “in áit” ealaíontóirí agus dearthóirí grafaicí agus an raibh sé i gceist ag an Aire stop a chur leis an gcleachtas sin.

D’iarr sé liosta ar an Aire Calleary de na tograí ar fad atá ar bun ag na heagraíochtaí atá faoina scáth ar úsáideadh an intleacht shaorga lena n-aghaidh go dtí seo.

Dúirt an tAire go bhfuil ocht ngníomhaireacht faoi chúram a Roinne: An Coimisinéir Teanga; Foras na Gaeilge; Údarás na Gaeltachta; Gníomhaireacht na hUltaise; an Rialtóir Carthanas; Sábháilteacht Uisce na hÉireann; Pobal; agus Coimisiún Forbartha an Iarthair. Dúirt sé gur faoi na heagraíochtaí féin atá sé ceisteanna oibríochtaí a réiteach.

“Deirtear liom nach bhfuil ceann ar bith de na gníomhaireachtaí seo ag úsáid uirlisí intleachta saorga le grafaicí a dhearadh ná obair dá leithéid, in áit ealaíontóirí, dearthóirí, ná físghrafadóirí,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Calleary gur reáchtáil Údarás na Gaeltachta an comórtas ‘An Togra Scéalaí’ “go neamhspleách” agus gur dearadh an comórtas le pobal na Gaeilge a spreagadh “a n-ábhar Gaeilge féin a chruthú” agus nár coinníodh obair ó ealaíontóirí ná dearthóirí trí úsáid na hintleachta saorga.

Cháin an comharghrúpa ealaíontóirí Gaeilge ‘AerachAiteachGaelach’ comórtas an Údaráis go láidir i mí na Nollag agus dúirt go bhfuil “impleachtaí móra diúltacha” ag baint leis an intleacht shaorga.

“Creidimid go láidir nár cheart d’Údarás na Gaeltachta ná aon ghrúpa eile uirlisí IS a chur chun cinn i réimse na scannánaíochta ná in aon réimse ealaíne eile. Is próiseas í an chruthaitheacht seachas táirge.

“Adhantar an próiseas sin i gcroí an duine dhaonna agus múnlaíonn machnamh, scileanna agus pearsantacht an ealaíontóra é. Cosnaímis an chruthaitheacht sin,” a dúradh i ráiteas a chuir an grúpa amach.

Mhol AerachAiteachGaelach dá mbaill agus d’ealaíontóirí eile baghcat a dhéanamh ar an gcomórtas atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta.

Ba é an 16 Eanáir spriocdháta an chomórtais ‘An Togra Scéalaí’ agus tá súil ag Údarás na Gaeltachta na buaiteoirí a fhógairt sna seachtainí amach romhainn. Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis le Tuairisc gur reáchtáladh an comórtas mar gheall gur “gá a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge beo agus feiceálach sa ré dhigiteach”.

“Faoi láthair is beag ábhar atá ar fáil ar ardáin teicneolaíochta i nGaeilge, i gcomparáid le teangacha eile. Tugann an comórtas seo deis don phobal triail a bhaint as IS chun cur go mór le líon an ábhair dhigitigh Gaeilge atá ar fáil,” a dúradh sa ráiteas.

Tá ceithre chomhlacht closamhairc Gaeltachta luaite leis an Togra Scéalaí san fhíseán poiblíochta a chuir Údarás na Gaeltachta amach faoin gcomórtas: Telegael, Fíbín Media, Danú Media agus NemetonTV.

“Beidh cuid acu [na comhlachtaí léiriúcháin] ag cur deiseanna taithí oibre ar fáil do na buaiteoirí agus beidh cuid eile ag cur ionadaithe ar fáil don phainéal moltóireachta,” a dúirt urlabhraí an Údaráis.

Maíodh freisin go raibh an tÚdarás ina “chrann taca” don earnáil closamhairc sa Ghaeltacht agus go bhfuil Gaeltacht Chonamara “ar cheann de na réigiúin “is tábhachtaí “in Éirinn i dtaobh na hearnála closamhairc mar gheall ar an “infheistíocht shuntasach” a rinne an tÚdarás  ann “ó thús na 1990idí”.

Fág freagra ar 'Ní úsáideann Foras na Gaeilge ná Údarás na Gaeltachta AI ar bhealach a thógfadh obair ó ealaíontóirí – aire'