Ní thiocfaidh deireadh fós le haistear diamhair na Gaeltachta

Imreoidh an Ghaeltacht foireann as Luimneach i gcluiche ceannais Idirmheánach an chúige tráthnóna agus tá cluiche mór ag peileadóirí na Rinne chomh maith

Ní thiocfaidh deireadh fós le haistear diamhair na Gaeltachta

Ceithre bliana déag tar éis dóibh imirt i gcluiche ceannais na Mumhan go deireanach, tá cluiche ceannais cúige sroichte arís ag fir Chorca Dhuibhne agus iad ag imirt tráthnóna i gcluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí i dTrá Lí.

Naomh Seanán as Luimneach atá rompu i bPáirc Aibhistín de Staic inniu agus cé gurb iad an Ghaeltacht rogha láidir na coitiantachta, is maith a thuigfidh siad nach féidir leo a bheith réchúiseach faoin gcoimhlint seo.

Thug fir na Gaeltachta taispeántas láidir uathu sa bhabhta leathcheannais, nuair a bhí farasbarr aon phointe dhéag acu ar Mhala, ach i ndiaidh an chluiche sin dúirt bainisteoirí na foirne, Marc Ó Sé agus Conall Ó Cruadhlaoich, go raibh obair fós le déanamh ag na Ciarraígh, go háirithe sa chosaint.

I gcluiche ceannais an chontae, d’éirigh rómhinic leis an Teampall Nua ruathair a dhéanamh trí chosantóirí na Gaeltachta  agus cé nár éirigh le Mala mórán tairbhe a bhaint as an laige sin, ba léir í a bheith ann.

Tá roinnt imreoirí cumasacha ag Naomh Seanán a d’fhéadfadh na bearnaí céanna a aimsiú, go háirithe a gcaptaen Ian Ryan, a imríonn d’fhoireann chontae Luimnigh mar thosaí ach a bhíonn mar leathchúlaí láir dá chlub. Chomh maith le Ryan, tá roinnt imreoirí eile ag Naomh Seanán a bhfuil taithí idirchontae acu: James Naughton, Conor Mullane, Richard Hayes agus tuilleadh nach iad.

Níl ann ach beagán os cionn deich mbliana ó shroich siad cluiche ceannais na sinsear i Luimneach agus cé gur díbríodh iad ón ngrád sin in 2012, bhain siad an cluiche ceannais idirmheánach amach faoi dhó le blianta beaga anuas, sular éirigh leo ardú céime a fháil i mbliana.

É sin ráite, is cinnte go bhfuil an cumas ag imreoirí na Gaeltachta cluiche an lae inniu a bhuachan. Pé deacrachtaí a bhí acu i measc na gcosantóirí le cúpla cluiche anuas, bhí a gcuid tosaithe ar fheabhas in aghaidh Mhala agus d’aimsigh an seisear a thosaigh scóranna sa bhua sin.

D’aimsigh na fir lár páirce, Roibeard Ó Sé agus Seán Ó Gairbhí, cúilíní in aghaidh Mhala chomh maith agus bíonn tionchar mór acu beirt anois ar imirt na Gaeltachta, go háirithe Ó Gairbhí, a raibh mí-ádh ceart air le gortuithe le bliain nó dhó anuas.

Má bhíonn an bheirt sin i mbarr a maitheasa, is iontach an misneach a thabharfaidh siad don Ghaeltacht.

Ba chóir go mbeidís ag ceiliúradh arís tráthnóna agus tá cuid eile dá n-aistear diamhair le cur díobh acu fós.

Tá foireann Ghaeltachta eile ag dul chun páirce i gcluiche mór tráthnóna chomh maith agus an Rinn agus Gleann na hUidhre ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche leathcheannais Chraobh Shinsir Peile Phort Láirge.

Níl aon chluiche imeartha ag fir na Rinne sa chomórtas ó dheireadh mhí Iúil ach, ar a laghad, bhí a gcuid imreoirí gafa le Craobh Idirmheánach Iomána an chontae, craobh a bhuaigh siad.

Ní raibh aon easpa cluichí ar Ghleann an hUidhre mar tá trí chluiche craoibhe imeartha acu le coicís.

Bhain siad áit amach sa bhabhta leathcheannais a bhuíochas de bhua bog go maith ar an Chlais Mhór/Cionn tSáile Dé Máirt seo caite. D’aimsigh iománaí na nDéise, Conor Gleeson seacht bpointe dóibh sa chluiche sin agus is cinnte go bhfuil Gleeson ar dhuine de na himreoirí a gcaithfidh an Rinn súil ghéar a choinneáil air.

Is iad Gleann na hUidhre a bhuaigh Craobh Phort Láirge anuraidh ach tá deis ag an Rinn cluiche ceannais na craoibhe a bhaint amach den chéad uair ó 1925. Tá neart imreoirí ag an Rinn ar fhoireann an chontae anois agus tá a gcumas léirithe acu i gComórtas Peile na Gaeltachta le roinnt blianta anuas.

Is cinnte go dtabharfaidh Gleann na hUidhre cluiche crua dóibh ach má éiríonn le Donie Breathnach, Ray Ó Ceallaigh, Fearghal Ó Cuirrín agus a leithéidí dul i bhfeidhm ar an gcluiche, beidh seans acu.

Cluiche Leathcheannais Chraobh Shinsir Peile Phort Láirge

Gleann na hUidhre v An Rinn, Páirc Uí Fhearchair, 1.30i.n.

Cluiche Ceannais Chraobh Idirmheánach Peile na Mumhan

An Ghaeltacht v Naomh Seanán, Páirc Aibhistín de Staic, 2.00i.n.

Fág freagra ar 'Ní thiocfaidh deireadh fós le haistear diamhair na Gaeltachta'