Ní tharraingeoidh Ó Ríordáin siar a ráiteas faoin Taliban agus lucht na Gaeilge

In agallamh leis an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin a craoladh ar Nuacht TG4 anocht, dúirt sé nach bhfuil sé i gceist aige ráiteas conspóideach a rinne sé inné a tharraingt siar

Ní tharraingeoidh Ó Ríordáin siar a ráiteas faoin Taliban agus lucht na Gaeilge

Aodhán Ó Riordáin. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Níl an Seanadóir de chuid pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin chun a ráiteas faoin ‘Taliban’ agus lucht na Gaeilge a tharraingt siar.

Dúirt Ó Ríordáin sa Seanad inné go raibh lucht na Gaeilge “ardnósach” agus gur thuig sé an fáth a dtugtar ‘Taliban’ orthu.

Tharraing a chuid cainte go leor conspóide agus tráchtaireachta, agus d’iarr Conradh na Gaeilge air a ráiteas “maslach” a tharraingt siar.

In agallamh leis, a craoladh ar Nuacht TG4 anocht, áfach, dúirt an Seanadóir nach bhfuil sé i gceist aige an ráiteas a tharraingt siar. Dúirt sé nach raibh aon “aiféala” air faoin ráiteas ach go mb’fhéidir go mbainfeadh sé leas “as téarmaíocht” eile an chéad uair eile a mbeadh ceist na Gaeilge á plé sa Seanad. Thug sé le fios arís gur chóir do lucht ghluaiseacht na Gaeilge breathnú ar an gcur chuige a bhíonn acu.

Bhí Ó Ríordáin ag labhairt leis an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne sa Seanad inné faoin nGaeilge agus faoi mhúineadh na teanga nuair a thug sé uaidh an ráiteas conspóideach. Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach “meon na nGaeilgeoirí” a athrú agus gur bac ar dhul chun cinn na teanga an meon céanna.

Dúirt gur mhaith an rud mura mbeadh lucht na Gaeilge “chomh hardnósach sin” agus iad ag cur teachtaireachtaí chuige féin agus chuig daoine eile. “Tá fáth ann go nglaoitear orthu ‘an Taliban’, mar is cuma cén sórt plé a bhíonn agat faoi chúrsaí Gaeilge, mura n-aontaíonn tú go huile is go hiomlán leis na tuairimí atá acusan ó thaobh ghluaiseacht na Gaeilge, is ionann tú féin agus Cromwell,” a dúirt sé.

Tharraing caint Uí Ríordáin cáineadh go leor ar na meáin shóisialta agus na meáin chraolta tráthnóna inné.

Fág freagra ar 'Ní tharraingeoidh Ó Ríordáin siar a ráiteas faoin Taliban agus lucht na Gaeilge'

  • padraig o muircheartaigh

    a chara labhraionn Aodhan O Riordan an Ghaeilge agus mar sin taim lan sasta eisteacht leis agus an deis a thabhairt do labhairt go macanta fe Lucht na Gaeilge.Nach bhfuil an ceart sin ag gach duine.

  • Thuas na ballaí

    Cuireann Gaeilgeoir ar bith suas na ballaí mise, mé féin san áireamh. Cuma liom faoin scéal seo i ndáiríre.

  • Deasun ÓSeanáin

    Tá gunnaí ag na Taliban agus faigheann siad seirbhís ina dteanga fein san Oifig an Phoist, AIB Roinn Oideachais etc. -An bhfuil ‘Gluaiseacht na Gaeilge’ mar sin?

  • Manus

    Nach club Hells Angels a bhunú le popáil suas ag chuile imeacht pobail an plean is fearr. Ró thugtha go trealaimh oifige atá muid.