Ní mór d’oifig coimisinéara teanga a bheith ‘neamhspleách’ – rabhadh ó 11 coimisinéir teanga

Tá a dtacaíocht tugtha ag 11 coimisinéir teanga ó thíortha éagsúla don éileamh ar acht Gaeilge ó thuaidh

Ní mór d’oifig coimisinéara teanga a bheith ‘neamhspleách’ – rabhadh ó 11 coimisinéir teanga

Tá a dtacaíocht tugtha ag Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga don éileamh go dtabharfaí acht Gaeilge isteach agus go mbunófaí oifig coimisinéara teanga ó thuaidh.

Sa litir ar seoladh chuig Conradh na Gaeilge í, deir an 11 coimisinéir teanga atá ina mbaill den chumann idirnáisiúnta nach eagraíocht stocaireachta í ach go dtacaíonn siad le “dea-iarracht” an Dream Dearg “cearta teanga” a chur chun cinn.

Tugtar rabhadh sa litir, áfach, go bhfuil sé “riachtanach” go mbeadh Coimisinéir Teanga neamhspleách “chun muinín an phobail san oifig agus sa ról a chothú”.

Bhí imní ar lucht feachtais ó thuaidh faoin easpa neamhspleáchais a bhain le ról an choimisinéara teanga de réir mar a leagadh amach é sa dréachtmhargadh a rinne Sinn Féin leis an DUP mí Feabhra seo caite.

Cé nár ghlac an DUP leis an margadh sin faoi dheireadh, bhí an Dream Dearg agus Conradh na Gaeilge buartha faoina laige, dar leo, is a bhí na cumhachtaí a bhí luaite le ról an Choimisinéara ann.

De réir eolais a sceitheadh faoin dréachtmhargadh, sula mbeadh an coimisinéir teanga nua in ann rialacha ar bith a chur i bhfeidhm, bheadh air nó uirthi tuairimí an phobail a lorg trí chomhairliúcháin phoiblí, agus ansin cead a fháil ón gCéad-Aire agus ón LeasChéad-Aire.

Dúirt an Dream Dearg cheana go bhfágfadh a leithéid go mbeadh cearta an mhionlaigh ag brath ar thuairimí an mhóraimh agus ar pholaiteoirí agus gur “droch-chleachtas amach is amach é sin”.

Deir na Coimisinéirí sa litir gur féidir le Coimisinéir Teanga “a bheith lárnach sa phróiseas a bhaineann le teanga atá á labhairt ag mionlach a chosaint agus a chaomhnú”.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh thacaíocht na gCoimisinéirí as Ceanada, an Bhreatain Bheag, an Chosaiv, an Bheilg, An Chatalóin agus Tír na mBascach.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer gur eisceacht an Tuaisceart ó thaobh cearta teanga agus go raibh gá le Coimisinéir Teanga chun sin a leigheas.

“Tríd an stádas neamhspléach a bhíonn ag na Coimisinéirí teanga, cinntíonn siad go mbaintear na teangacha seo amach as aon chomhthéacs míchothrom nó leatromach polaitiúil. Tá sin de dhíth orainn níos práinní anois ná riamh,” arsa Niall Comer.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge gur “athdhearbhú” é tacaíocht Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga ar an tacaíocht “fhorleathan” atá ann d’acht Gaeilge.

“Gealladh Acht Gaeilge dúinn i gComhaontú Chill Rímhinn sa bhliain 2006. Is comhráthóirí iad Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann ar an Chomhaontú sin, agus tá sé de dhualgas orthu feidhmiú an ghealltanais seo a chinntiú. Éistimis leis na saineolaithe.

“Bíodh aon reachtaíocht bunaithe ar ghá teangeolaíoch, caighdéain na gcearta daonna, agus dea-chleachtais idirnáisiúnta atá i bhfeidhm cheana féin fud fad na cruinne,” arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Tá ceist an achta Ghaeilge ina húdar mór aighnis idir Sinn Féin agus an DUP i gcónaí agus tús curtha le babhta cainteanna polaitiúla eile.

Acht don Ghaeilge amháin atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge agus ag an Dream Dearg.

Tá grúpa oibre speisialta bunaithe le dul i mbun plé faoi chás an achta Ghaeilge féachaint an féidir teacht ar réiteach faoin gceist atá ina dris chosáin mhór roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Tá an grúpa – a bheidh ag plé le ceisteanna comhionannais, teanga agus féiniúlachta – ar cheann de chúig ghrúpa oibre atá bunaithe mar chuid den bhabhta nua cainteanna polaitiúla.

Ar cheist na reachtaíochta Gaeilge agus ceist an chomhionannais phósta is mó a dhíreoidh an grúpa. Beidh cás na hUltaise san áireamh sa chaint chomh maith.

Fág freagra ar 'Ní mór d’oifig coimisinéara teanga a bheith ‘neamhspleách’ – rabhadh ó 11 coimisinéir teanga'