Ní mhaireann litríocht ar líne ach seal, ach is féidir iris chlóite a thaispeáint do do gharchlann

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tá draíocht ar leith ag baint le d’ainm féin a fheiceáil i gcló, ar pháipéar, in iris liteartha aitheanta agus má chailltear Comhar ceilfear an pléisiúr sin ar scríbhneoirí na Gaeilge amach anseo

Ní mhaireann litríocht ar líne ach seal, ach is féidir iris chlóite a thaispeáint do do gharchlann

Is cuimhin liom go dtí an lá inniu ann an chéad uair ar cuireadh saothar litríochta de mo chuid i gcló. Earrach na bliana 1996 a bhí ann agus foilsíodh gearrscéal i nGaeilge liom ar An tUltach. Bhí duais bainte amach ag an scéal céanna i gcomórtas scríbhneoireachta de chuid na hirise sin agus nach mise a bhí sásta nuair a tháinig seic £100 sa phost – ach níor sháraigh rud ar bith an lúcháir a bhí orm nuair a chonaic mé scéal a scríobh mé féin i gcló, ar pháipéar, in iris liteartha aitheanta.

Tá go leor le rá agam faoi phlean Fhoras na Gaeilge do na meáin Ghaeilge. Ní maith liom an béal bocht a dhéanamh go poiblí ach i bhfianaise an scéala a tháinig aniar aduaidh orainn an mhí seo caite tá moladh de mo chuid féin agam d’iriseoireacht chlóite na Gaeilge: an t-iomlán a bhogadh amach go dtí an Bhrasaíl, áit gur féidir maireachtáil (ar éigean!) ar an airgead suarach atá ar fáil don earnáil.

Tá mé ag ceapadh go bhfaigheadh Tuairisc.ie spás oifige ar phraghas réasúnta sa favela béal dorais agus is féidir le NÓS bogadh isteach sa seomra atá le spáráil agam más maith leo.

Ach is í an chinniúint atá i ndán do Comhar, más ea, is mó a chuireann isteach orm faoi na leasuithe maslacha ar mhaoiniú na meán clóite Gaeilge a bhfuil tuairimí an phobail á lorg ag an bhForas ina dtaobh faoi láthair. Tá Sráid Amiens ag iarraidh go gcuirfí ardán ar fáil ar líne a chothódh prós-iriseoireacht agus scríbhneoireacht chruthaitheach na Gaeilge ar bhuiséad 60,000 euro sa bhliain – ardán, i bhfocail eile, a dhéanfadh jab Comhar ar leath an bhuiséid atá ar fáil don iris sin faoi láthair.

B’áis iontach a bheadh ina leithéid d’ardán leictreonach dá gcuirfí maoiniú ceart ar fáil dó ach fós féin ní sháródh sé an luach a bhaineann le foilseachán clóite do scríbhneoirí agus d’ábhar scríbhneoirí. Imíonn dánta, gearrscéalta nó píosaí prós-iriseoireachta a fhoilsítear ar-líne isteach i gcartlann dhigiteach tar éis míosa. Nuair a chuirtear deireadh, cheal maoinithe, leis an bhfoilseachán leictreonach a d’fhoilsigh iad bíonn siad imithe ar fad. Is féidir iris chlóite a thaispeáint do do gharchlann.

Ach os a chionn sin, tá draíocht ar leith ag baint le d’ainm féin a fheiceáil i gcló, ar pháipéar, in iris liteartha aitheanta den chéad uair agus go deimhin an dara huair, an tríú huair agus gach uair ina dhiaidh sin. Níor mhaith liom go gceilfí an pléisiúr sin ar an nglúin scríbhneoirí Gaeilge atá ag teacht in inmhe anois.

Fág freagra ar 'Ní mhaireann litríocht ar líne ach seal, ach is féidir iris chlóite a thaispeáint do do gharchlann'