Ní leor ádh agus mí-ádh níos mó agam – bíodh ‘an t-ádh Albanach’ ann feasta

Cás na nAlbanach agus scileanna camógaíochta Wonder Woman atá ag déanamh tinnis don Saighdiúir Samhraidh an tseachtain

Ní leor ádh agus mí-ádh níos mó agam – bíodh ‘an t-ádh Albanach’ ann feasta

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Bhí an t-ádh air, a deir muid, nó bhí an mí-ádh air. Ní féidir leat mórán eile a rá i gcúrsaí spóirt. Bíonn an t-ádh ar fhoireann agus baineann siad nó bíonn an mí-ádh orthu agus cailleann siad. Nó bíonn an t-ádh orthu agus críochnaíonn an cluiche ar comhscór nó bíonn an mí-ádh orthu agus críochnaíonn an cluiche ar comhscór. Amharc, mar shampla, ar an toradh ar an chluiche idir Éirinn agus an Ostair Dé Domhnaigh. Mí-ádh agus comhscór.

Ní leor ádh agus mí-ádh níos mó agam. Tá mé le cur leis an ádh; bíodh ‘an t-ádh Albanach’ ann feasta fosta. Tá sé iontach furasta a mhíniú agus tá fréamhacha an áidh seo le fáil sa chluiche sacair idir Albain agus Sasana a bhí ann Dé Sathairn. Tá na Sasanaigh cúl chun cinn ar na hAlbanaigh agus níl an chosúlacht ar an scéal go bhfuil na hAlbanaigh in ann cúl a aimsiú. Níl a fhios ag na hAlbanaigh cá bhfuil cúl na Sasanach. Níl an sat-nav sacair ar obair ar chor ar bith acu. Is mó seans go n-aimseoidh peileadóirí na hAlban Páirc an Chrócaigh ná cúl in éadan na Sasanach.

Ach – Dia idir sinn agus gach ainnis Albanach – scórálann na hAlbanaigh dhá chúl den scoth ag deireadh dheireadh an chluiche ar fad ar fad ar fad. Tá Diego Maradona ag na hAlbanaigh agus Leigh Griffiths is ainm dó. Níl ach cúpla nóiméad fágtha agus níor cheart go mbeadh i gceist anois ag lucht leanúna na hAlban ach cá mhéad pionta a d’ólfadh siad ag deireadh dheireadh dheireadh an chluiche ar fad ar fad ar fad. Ach scórálann na Sasanaigh cúl agus críochnaíonn an cluiche ar comhscór ach tuigeann tú i do chroí istigh gurb ionann é agus caill.

An t-ádh Albanach, glóir nach glóir, an leathbhua.

Tig leat an t-ádh Albanach a úsáid i gcomhthéacsanna eile fosta, i gcúrsaí polaitíochta, mar shampla: “Bhí an t-ádh Albanach ar Shinn Féin gur bhain siad suíocháin bhreise i Westminster ach thug Theresa May an seicleabhar don DUP ina ainneoin sin!”

Cúúúúúúlllllllll!!!!!! Caaaaaaaaccccccc!!!!!!!! An t-ádh Albanach!!!!!!

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Mo mhíle buíochas le caideoirí Corgi as an tsár-dhrochthaispeántas peile in éadan Thrioblóid Aráin. 0-1 a bhí ag na Corgis i ndiaidh an chéad leatha. Aon chúilín suarach amháin. 0-4 ag Tipp, dream peileadóirí a chaitheann a gcuid ama ar fad ag wonderáil cár imigh na camáin! Ba mhór an crá croí dom tabhairt le fios go raibh peil Uladh ní ba mheasa ná peil na Mumhan an tseachtain seo caite. Tréas a bhí ann, i ndáiríre. Is mé atá buíoch de na Corgis as a léiriú nach raibh an ceart agam – is measa go fóill peil na Mumhan.

Anois, ceist iontach dáiríre í seo, lándáiríre. Ceist faoi chúrsaí cultúir. Wonder Woman? Dá mba Ghael í Wonder Woman an imreodh sí peil na mban nó camógaíocht?

Tá mé buíoch d’Aongus Ó hAlmhain as dul sa tseans leis an cheist choigilteach seo a phlé ar líne. ‘Camógaíocht ar mhodh Scáthach,’ a scríobhann sé mar fhreagra ar an cheist is tromchúisí a bhí riamh romhainn mar phobal. Sílim go bhfuil an ceart aige. Camógaíocht go cinnte. Bhí Wonder Woman iontach cumasach i mbun claímh sa scannán agus déarfainn go mbeadh sí lán chomh cumasach i mbun camáin.

An cheist atá anois ann: cá háit ar an pháirc a d’imreodh sí? Mar chosantóir? I lár na páirce? San ionsaí? Déarfainn, i bhfianaise a cuid buanna ar fad, go mbeadh sí in ann ag gach ról acu sin. Iománaí ildánach a bheadh inti gan amhras. Cá bhfuil an club nó an contae nach mbeadh ag iarraidh go mbeadh Wonder Woman ar an fhoireann acu? (Is cinnte nach n-imreodh sí caid do na Corgis!)

Tá sí in ann rith; tá sí in ann léim agus tá croí mór maith aici. Ní chloíonn an díomua í. A mhalairt. Spreagann an díomua chun bua í.

Tá mé i ndáiríre. Ní iarracht shuarach í seo le go mbeidh deis ag an Eagarthóir pictiúr den spéirbhean Gal Gadot a chur ar an cholún seo arís agus léitheoirí óga a mhealladh. Tig linn uilig – lucht spóirt agus iriseoirí – mórán a fhoghlaim ó Wonder Woman agus an dóigh a dtugann sí faoi dhúshláin an tsaoil mhóir.

(Anois, ó smaointím air, cé a bhainfeadh troid idir Wonder Woman agus Scáthach? Nó an dtroidfeadh siad ar chor ar bith? Gach seans nach dtroidfeadh. D’aithneodh siad iad féin mar dheirfiúracha. Agus, frig mise, an bhfuil ábhar scannáin faoi Scáthach, Wonder Woman na nGael, ansin do TG4? Liomsa an smaointeamh!

©INPHO/Cathal Noonan

Maigh Eo; Maigh Woe; Maigh Won’t.

Fág freagra ar 'Ní leor ádh agus mí-ádh níos mó agam – bíodh ‘an t-ádh Albanach’ ann feasta'