Tá an-imní ar an Eagraíocht Dhomhanda faoi othair agus oibrithe ospidéal Al-Shifa in Gaza, an t-ospidéal a ndearna trúpaí Iosrael ruathar faoi aréir.
Dúirt urlabhraí gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe, Martin Griffiths, gur chuir ruathar Iosrael faoin ospidéal “uafás” air.
“Caithfidh tús áite ar gach rud eile a thabhairt do chosaint a thabhairt do naíonáin nuabheirthe, d’othair, d’oibrithe sláinte agus do shibhialtaigh. Ní láthair chatha é ospidéal.”
Dúirt Tedros Adhanom Ghebreyesus, ceannasaí an WHO gur “údar mór imní” na tuairiscí faoi ionradh míleata Iosrael ar an ospidéal.
Dúirt an charthanacht Cúnamh Leighis don Phalaistín, atá lonnaithe sa Bhreatain, gur in olcas atá cás na n-othar agus na n-oibrithe ag dul.
“Sular tharla an oibríocht seo taobh istigh den ospidéal bhí an-imní orainn faoi bheatha na ndaoine a bhí ansin mar ní raibh aon teacht acu ar bhia, uisce ná breosla.”
Dúirt údaráis mhíleata Iosrael go raibh “oibríocht spriocdhírithe” ar bun acu san ospidéal, a mhaíonn siad atá “i gcroílár” obair Hamas, rud atá séanta ag Hamas.
Tuairiscíodh ar an BBC go bhfaca duine laistigh den ospidéal sé thanc agus breis is 100 saighdiúir gar den aonad éigeandála laistigh de choimpléasc an ospidéal. Dúradh go raibh saighdiúirí ag imeacht ó sheomra go seomra agus daoine á gceistiú acu.
Dúirt Andreas Krieg, Ollamh sa staidéar slándála in King’s College i Londain, go ndéanfaí tástáil anois ar mhaíomh Iosrael go bhfuil ionad ceannasaíochta ag Hamas faoin ospidéal.
Ag labhairt dó le Al Jazeera, dúirt Krieg go raibh an scéal sin á scaipeadh ag Iosrael le timpeall deich mbliana.
“Tá an scéal sin á bhrú i gcónaí ag Iosrael agus is é tráth na fírinne anois é. Tá saighdiúirí acu ar an talamh agus caithfidh siad anois teacht ar fhianaise go bhfuil an méid sin fíor,” arsa Krieg.
Dúirt an WHO go raibh sé dodhéanta na hothair is leochailí a aistriú amach as al-Shifa hospital.
Mhol urlabhraí de chuid na heagraíochta, Margaret Harris “gaisce” na n-oibrithe sláinte san ospidéal a bhí ag déanamh gach ab fhéidir leo leanúint ar aghaidh gan aon chumhacht agus gan dóthain bia agus uisce glan.
Tá figiúirí éagsúla ann maidir le líon na ndaoine atá san ospidéal. Dúirt an WHO Dé Domhnaigh go raibh 1,500 duine ann a cuireadh as seilbh de bharr an chogaidh agus go raibh os cionn 600 othar agus idir 200-500 oibrí sláinte ar an láthair.
Deir údaráis sláinte Gaza, a bhíonn á rialú ag Hamas, gur maraíodh os cionn 11,000 duine ó thosaigh Iosrael ag buamáil an cheantair mar dhíoltas, os cionn 4,500 páiste ina measc.
Tá Gaza á bhuamáil gan stad ag Iosrael ó ionsaí thar teorainn Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair, ionsaí inar maraíodh 1,200 duine agus inar fuadaíodh os cionn 200 duine atá á gcoimeád ina ngialla in Gaza.
Fág freagra ar '‘Ní láthair chatha é ospidéal’ – imní mhór faoi ruathar Iosrael ar an ospidéal is mó in Gaza'