Dúirt oifigeach airm leis an scríbhneoir seo cúpla bliain ó shin go bhfuil difríocht bhunúsach idir seoladh na bhfórsaí cosanta thar lear agus gach cinneadh eile a dhéanann rialtas.
“Is amhlaidh atá,” a dúirt sé, “toisc nach féidir contúirt a chur as an áireamh riamh agus ár saighdiúirí á gcur ar dualgas leis na Náisiúin Aontaithe i réigiún ar bith ina bhfuil nó a raibh fórsaí eile ag marú a chéile.
“Bíonn ar ár saighdiúirí déileáil freisin le meon, le nósanna agus le dlíthe difriúla – ní mar a bheidís dá mbeidís sa bhaile nó mar ba chóir iad a bheith, dar linne, ach mar atá siad i bhfírinne.”
Tháinig a bhriathra chun cuimhne agus an t-athrú atá beartaithe ag an rialtas ar an nglas faoi thrí ar sheoladh comhaltaí de chuid na bhfórsaí cosanta thar lear á phlé sa Dáil i rith na seachtaine.
Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Simon Harris le fios go bhfoilseofar bille an mhí seo chugainn a chuirfidh deireadh leis an nglas reachtúil faoi thrí, an glas triarach, a chuirtear ar sheoladh na bhfórsaí cosanta thar lear.
Faoi láthair, teastaíonn ceadú na Náisiún Aontaithe, cinneadh rialtais agus vóta Dála chun níos mó ná dháréag comhaltaí de na fórsaí cosanta a chur ar dualgas lasmuigh den stát. Má ritear an bille ní bheidh ach cinneadh rialtais agus vóta Dála riachtanach.
Cháin urlabhraithe an fhreasúra an t-athrú go láidir. Mhaígh Mary Lou McDonald go raibh an bonn á bhaint dár neodracht. Dúirt Ivana Bacik go gceadódh an bille rannpháirtíocht na bhfórsaí cosanta in aighnis thar lear gan cosaint údarás na Náisiún Aontaithe. Mhol Sinéad Gibney ó na Daonlathaithe Sóisialta go gcuirfí béim ar leasú Chomhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe.
Sheachain ráitis uile an fhreasúra bunchuid den fhírinne: ní athróidh an polasaí nua ár neodracht in aon chor. Beidh Éire chomh neodrach má ritear an bille agus a bhí sular fógraíodh an glas faoi thrí roimh an dara reifreann ar Chonradh Nice in 2001.
Ní ar thoil na Rúise ná ar thuairimí na mbuanchomhaltaí eile den Chomhairle Shlándála ach ar pholasaí an rialtais atá ár neodracht ag brath. Níl maolú ná cealú neodrachta á mholadh ag páirtí ar bith i nDáil Éireann agus léiríonn gach pobalbhreith tacaíocht láidir don neodracht.
Gan dabht is féidir cur i leith an rialtais gurb ionann agus tréigean neodrachta caiteachas breise ar na fórsaí cosanta (mar atá beartaithe – féach thíos). Sin nó comhoibriú míleata ar bith le tíortha eile, nó an reachtaíocht a chuirfidh dhá ghlas reachtúil in ionad trí cinn ar sheoladh saighdiúirí thar lear.
Ní hionann féidearthacht agus cinnteacht áfach. Níl aon athrú ar ár stádas neodrachta beartaithe. Níl i ngach maíomh gurb ionann caiteachas breise nó comhoibriú le fórsaí Eorpacha eile nó cur chuige reachtúil nua ach maíomh gan cur leis.
Sin ráite, thagair Mary Lou McDonald do laige i gcás an rialtais agus í ag labhairt Dé Céadaoin le linn díospóireachta ar ionradh na Rúise ar an Úcráin a thosaigh trí bliana ó shin. Dúirt sí go sáródh cealú an ghlais faoi thrí, dar léi, geallúint rialtais a tugadh roimh dhá reifreann ar chonarthaí Eorpacha.
Níor admhaigh Simon Harris go raibh geallúint á sárú ach dúirt sé go raibh an dearcadh a bhí ag “daoine” ar an nglas triarach roimhe seo athraithe acu ó shin. Dúirt sé go raibh an saol agus an comhthéacs idirnáisiúnta athraithe ó shin.
“Is mian le daoine,” a dúirt sé, “gur airí rialtais in Éirinn seachas Vladimir Putin a shocróidh cá rachaidh ár gcoimeádaithe síochána.”
Cíorfar aidhmeanna agus comhthéacs an bhille ar ball. Idir an dá linn, thug an cruinniú a bhí ag an Taoiseach leis an Uachtarán Volodymyr Zelensky in Aerfort na Sionainne Déardaoin dhá údar machnaimh do Theachtaí ar an dá thaobh den Dáil.
Dúirt Micheál Martin leis go mb’fhéidir go mbeadh an rialtas toilteanach saighdiúirí a chur chun na hÚcráine dá dtiocfaí ar réiteach. Ní beag an b’fhéidir é.
Níor labhair an Taoiseach leis faoin méadú ar bhallraíocht sna fórsaí cosanta a theastódh (3,000 ar a laghad a deirtear) sula bhféadfaí a thairiscint a chomhlíonadh. Ná faoin gceannaire nach bhféadfaí ár saighdiúirí a chur chun na hÚcráine in aghaidh a thola: Vladimir Putin.
Is léir ar mhórán cúiseanna go dteastaíonn plé níos macánta ar chosaint na tíre agus ar ról na bhfórsaí cosanta abhus agus i gcéin. Teastaíonn plé thar aon rud eile ina gcuirtear gach athrú ar an léargas idirnáisiúnta nach n-oireann d’Éirinn agus nach féidir linn a chur ar mhalairt treo san áireamh.
Léirigh an díospóireacht Dála comhthuiscint maidir le caiteachas breise ar na fórsaí cosanta. Mhol páirtithe an fhreasúra méadú ar chaiteachas agus tá méadú ó €1.1bn in 2022 go dtí €1.5bn ar a laghad (de réir phraghsanna 2022), geallta ag an rialtas.
Faraor, cé go bhfuil tábhacht pholasaí míleata an rialtais níos soiléire ná riamh, fágadh an Roinn Cosanta arís mar chuid de chomhchúram an aire gnóthaí eachtracha agus an rialtas nua á bhunú.
D’fhéadfaí a bheith níos muiníní as fiúntas an chaiteachais bhreise dá mbeadh aire sinsearach lánaimseartha freagrach as an Roinn Cosanta.
Fág freagra ar 'Ní hionann cealú neodrachta agus athrú ar cheadú sheoladh an Airm thar lear'