An chun tairbhe domsa é? An bhfaighidh mé cóir leighis go luath dá bharr?
An mbeidh cúram leanaí inacmhainne?
An mbeidh mná agus cailíní níos sábháilte? An dtógfar tithe? An ndéanfar beartais chun an timpeallacht a chosaint? An gceapfar Coimisinéir Teanga?
Níl iontu sin ach cuid de na ceisteanna a mbeidh daoine ag iarraidh freagraí orthu ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann amárach, Dé Luain. Bliain agus mí ó d’fhill na páirtithe ar Stormont nochtfar clár rialtais na comh-aireachta sa Tionól. Ar deireadh thiar neosfaidh siad céard atá beartaithe chun fóint ar an bpobal.
D’fhógair an Chéad-Aire agus Leaschéad-Aire ag preasócáid Déardaoin go raibh an clár rialtais aontaithe d’aon ghuth ag airí an Fheidhmeannais. Rinneadh an cinneadh an mhaidin sin ar an dara hiarraidh. Bhí sé fógartha níos luaithe sa tseachtain go ndéanfaí an cinneadh maidin Dé Céadaoin. B’údar aiféaltais é go mb’éigean an gnó a chur ar athlá mar nach raibh an clár nuashonraithe feicthe ag Andrew Muir, an tAire Talmhaíochta agus Gnóthaí Tuaithe ó pháirtí na comhghuaillíochta.
Rinne an Chéad-Aire Michelle O’Neill beag is fiú den aiféaltas, fadhb bheag le próiseas a bhí ann, ar sí. Chothaigh an mhéiseáil amhras áfach go raibh an dá mhórpháirtí, Sinn Féin agus an DUP, ag filleadh ar an sean-nós a bheith dímheasúil ar na mionpháirtithe. Sé an rud atá tábhachtach, arsa an chéad-aire ó Shinn Féin gur aontaigh an chomh-aireacht clár rialtais d’aon ghuth. Déanfaidh an pobal breithiúnas air.
Nuair a foilsíodh an dréachtchlár rialtais sé mhí ó shin cáineadh go géar é agus dúradh gur liodáin de mhianta gan aon phlean oibre. Ba é breith an phobail an t-am sin go raibh naoi ‘dtosaíocht’ a bhí réadúil ann nach bhfaigheadh éinne locht orthu ach gur theastaigh plean inoibrithe chun iad a bhaint amach. Nocht os cionn 1,400 a dtuairimí le linn an chomhairliúcháin phoiblí faoin dréachtchlár.
De réir rialacha Stormont, ní mór an clár a chur faoi bhráid an Tionóil sula scaoilfear leis an bpobal é. Amárach a bheas an chéad seisiún Tionóil ann ó aontaíodh an clár. Níl baol ar bith ann go vótálfar i gcoinne an chláir ó tá ceithre pháirtí sa bhFeidhmeannas agus an freasúra an-bheag. Cé nárbh fhéidir leis an gcéad-aire agus an leaschéad-aire mionsonraí a fhoilsiú ag a bpreasócáid, dúradar beirt gur chlár uaillmhianach é a leagfaidh bunchloch do thodhchaí rathúil.
Dúirt Michelle O’Neill gur thug siad aird ar na tuairimí a nocht daoine le linn an chomhairliúcháin. Nocht Emma Little-Pengelly go raibh gealltanais faoi fheachtas in aghaidh an bhochtanais agus ar mhaithe le seandaoine curtha leis an gclár de bharr tuairimí an phobail. Is mithid óir bhí sé sin ar cheann de na heasnaimh mhóra san dréachtchlár. Bhí straitéis na Gaeilge, feidhmiú an Achta cultúir agus ceapadh na gCoimisinéirí Teanga in easnamh freisin ach is cosúil nár tugadh faoin mbearna sin a líonadh. Dúirt an tAire Pobal, Gordon Lyons an DUP, ag coiste níos deireanaí Déardaoin nach raibh straitéis na Gaeilge faoi réir agus nach raibh a fhios aige cathain a bheadh. Níor luaigh sé sprioc ama ar bith.
Sceith bhéil ab ea an dréachtchlár rialtais as easpa spriocanna. Ní raibh sprioc ama luaite le ceann ar bith de na naoi dtosaíocht agus ní raibh toradh ná sprioc intomhaiste leagtha amach ach oiread. Is cosúil go bhfuil iarracht déanta chun a dhul i ngleic leis an mant sin. Dúirt an leaschéad-aire Little-Pengelly go bhfuil spriocanna uaillmhianacha sa chlár agus go ndéanfar monatóireacht ar an dul chun cinn le linn an chúrsa. Ina theannta sin tá suíomh idirlín ‘wellbeing dashboard’ á fhorbairt chun gur féidir torthaí na bpleananna a scrúdú féachaint an mbeidh an éifeacht atá beartaithe acu.
Ar éigean a luaitear Stormont gan easpa airgid a lua in éineacht leis. Ní léir an bhfuil comhordú déanta idir an clár rialtais agus an buiséad atá sa bpróiseas comhairliúcháin poiblí faoi láthair. Ach oiread le spriocanna ama agus dul chun cinn intomhaiste ní fiú tada clár rialtais gan na hacmhainní chun é a chur i gcríoch. Bhí na chéad-airí ag caint ar bhunsraith do na blianta amach romhainn, ach go bunúsach is clár dhá bhliain é seo mar beidh toghchán Tionóil ann in 2027. Ní mór toradh ar a bplean a bheith le brath ag daoine taobh istigh d’achar gearr. Cífimid.
Fág freagra ar 'Clár rialtais Stormont aontaithe ar deireadh thiar thall, ach fós ag fanacht ar straitéis Gaeilge'