Ní bheidh rogha Ghaeilge ar na meaisíní féinseirbhíse i mbialanna de chuid McDonald’s sa Tuaisceart ainneoin go bhfuil rogha Ghaeilge á tabhairt isteach ó dheas. Tá an Bhreatnais ina rogha ar na meaisíní céanna le fada an lá.
Tá sé tugtha faoi deara ag roinnt custaiméirí de chuid na mbialann sin ó dheas go bhfuil an Ghaeilge ar fáil mar rogha ar chuid mhaith de na meaisíní féinseirbhíse le cúpla seachtain anuas.
Dheimhnigh urlabhraí de chuid McDonald’s do Tuairisc go bhfuil rogha Ghaeilge á tabhairt isteach ar na meaisíní agus go bhfuil fógra oifigiúil le déanamh faoi sna seachtainí amach romhainn.
Dúradh sa ráiteas céanna, áfach, nach mbeadh an rogha Ghaeilge sin ar fáil ar na meaisíní féinseirbhíse atá i mbialanna de chuid McDonald’s ar an taobh eile den teorann.
“Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil rogha Ghaeilge ar fáil anois sna meaisíní féinseirbhíse i ngach bialann de chuid McDonald’s i bPoblacht na hÉireann. Níl sé mar rogha fós i mbialanna de chuid McDonald’s sa Ríocht Aontaithe,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.
Tá an Bhreatnais i measc na sé theanga atá ar fáil ar mheaisíní féinseirbhíse na mbialann sin ó thuaidh le deich mbliana anuas. Thug urlabhraí de chuid McDonald’s le fios i mí an Mheithimh 2015 go raibh an Bhreatnais mar rogha sna bialanna i mBéal Feirste mar gheall gur cuireadh na roghanna céanna ar fáil “ar fud an Ríochta Aontaithe”.
Dúradh ag an am go mbreathnófaí ar an nGaeilge mar rogha freisin. Níor cuireadh an Ghaeilge mar rogha leis na meaisíní féinseirbhíse ó thuaidh in imeacht na ndeich mbliana ó shin. Tá an rogha Bhreatnaise ar fáil i Sasana, in Albain, agus sa Bhreatain bheag freisin. Dá dtabharfaí rogha Ghaeilge isteach sa Tuaisceart, is dócha ná a mhalairt go mbeadh sí ar fáil i dtrí thír na Breataine freisin.
Dhá theanga atá ar fáil anois ar mheaisíní féinseirbhíse na mbialann sin ó dheas – an Béarla agus an Ghaeilge.
Seosamh Ó Beirgin
Maith sibh, McDonalds, faoi seo!