Níl aon mhíniú soiléir ag an rialtas faoi cén fáth go bhfuil siad meáite ar stop a chur leis an nGlas Triarach

Ba thréigean ar na gealltanais a tugadh aimsir Chonradh Liospóin a bheadh in aon iarracht an Glas Triarach a chur ar ceal

Níl aon mhíniú soiléir ag an rialtas faoi cén fáth go bhfuil siad meáite ar stop a chur leis an nGlas Triarach

Le deireanas d’fhógair Hildegarde Naughton, thar ceann an rialtais, go n-ullmhóidh an rialtas reachtaíocht faoi phráinn le deireadh a chur leis an nGlas Triarach, polasaí nach dtugann cead os cionn dhá shaighdiúir déag de chuid na hÉireann a chur thar sáile ar mhisean míleata gan cead an rialtais, cead na Dála agus sainordú ó na Náisiúin Aontaithe.

Tugadh an Glas Triarach isteach nuair a dhiúltaigh muintir na hÉireann in 2008 do Chonradh Liospóin an Aontais Eorpaigh. Bhí faitíos ar vótóirí go mbeadh Éire ceangailte le gníomhaíochtaí míleata de chuid an Aontais mar gheall ar an gconradh.

Fuair Éire díolúine ón gcuid mhíleata den chonradh agus thug an rialtas gealltanas nach mbeadh an tír páirteach in aon ghníomhaíocht mhíleata thar lear ach leis an nGlas Triarach seo.

Is bunaithe ar an ngealltanas sin a ghlac muintir na hÉireann le conradh Liospóin ar an dara hiarraidh.

Ba thréigean ar na gealltanais a tugadh in 2008, mar sin, a bheadh in aon iarracht leis an nGlas Triarach a chur ar ceal anois.

Ach le tamall tá rialtas Fhianna Fáil/Fine Gael ag iarraidh muid a cheangal níos dlúithe le NATO agus le pleananna míleata an AE. Beagnach dhá bhliain ó shin mhol Micheál Martin go leasófaí an reachtaíocht ionas nach mbeadh gá a thuilleadh le sainordú ó na Náisiúin Aontaithe.

Is é an leithscéal ta tugadh don athrú seo atá molta ná go dtugann sé veto don Rúis agus don tSín le rannpháirtíocht na hÉireann i ngníomhaíochtaí míleata thar lear a chrosadh toisc go bhfuil an veto sin acu ar Choiste Slándála na Náisiún Aontaithe.

Ar ndóigh tá an ceart crosta sin freisin ag na Stáit Aontaithe, ag an bhFrainc is ag sean-namhad na tíre seo, an Bhreatain.

Is cuid de struchtúr na Náisiún Aontaithe é, mar ní oibreodh na Náisiúin Aontaithe gan a leithéid a bheith ann ón tús. Tá sé ann ar mhaithe le ‘fuinneog oscailte’ a bheith idir na mórchumhachtaí.

Mar stát neodrach – nó atá in ainm a bheith neodrach ar aon chuma – bhíodh muid i gcónaí ag iarraidh ról stuama ar son na síochána a bheith againn i gcúrsaí an tsaoil mhóir, cosúil leis an gceannaireacht a léirigh an tír seo chun an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach a chur le chéile faoi Frank Aiken.

Tá ceist shimplí ann don rialtas maidir lena moladh go gcuirfí deireadh leis an nGlas Triarach. Cén misean thar lear nach raibh muid in ann páirt a ghlacadh ann mar gheall ar an veto sin, bíodh sin ag an Rúis nó ag aon tír eile ar an gCoiste Slándála?

Agus ceist eile, a bhaineann leis: cé na misin thar lear a cheapann an rialtas a mbeidh muid in ann páirt a ghlacadh iontu má imíonn an Glas Triarach?

Cothaíonn na cúiseanna go léir atá tugtha ag an rialtas leis an athrú polasaí atá beartaithe acu amhras. Is amhlaidh atá i gcás áitiú an Taoisigh Micheál Martin nach mbeadh ról againn san Úcráin mura mbeadh sainordú na Náisiún Aontaithe againn agus sa gcás go gcuirfí monatóirí síochána ansin má thagann deireadh leis an gcogadh.

Má tá an sainordú riachtanach i gcás na hÚcráine, cén fáth nach bhfuil sé riachtanach i gcásanna eile?

Níl a fhios agam céard atá in intinn an rialtais ach tá mé amhrasach. Sé mo thuairim go dteastaíonn ón rialtas, b’fhéidir, páirt a ghlacadh i mbeartais a dhéanfadh an tAontas Eorpach a mbeadh an Rúis nó an tSín ina gcoinne. Cur isteach ar an Afraic, b’fhéidir, sna tíortha sa Sahel atá anois ag díbirt na Fraince as a cuid stát; nó gníomh éigin sa Mheánoirthear.

Go dtí go míníonn an rialtas na fíorfháthanna leis an moladh seo agus na coinníollacha a bhainfeadh lena leithéid, mairfidh an t-amhras.

Ag labhairt faoi seo sa Seanad dúirt Tom Clonan go gciallaíonn plean an rialtais go mbeadh cead acu saighdiúirí na tíre seo a sheoladh chuig aon choimhlint ach tromlach simplí vótáil ar a shon sa rialtas.

Ní bheadh aon chosaint ar ár neodracht, a deir Clonan, cé go léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil móramh mór sa tír ar son an pholasaí sin a choinneáil. Sa gcás sin, deir sé, is cóir, ar a laghad, tromlach 75% a bheith ag teastáil sa Dáil d’aon chinneadh, saorvóta a bheith ag Teachtaí Dála agus gan iad faoi ordú an aoire.

Deir daoine eile gur chóir reifreann a reáchtáil le hathrú polasaí chomh bunúsach leis sin a cheadú, go háirithe toisc gur tugadh isteach é mar ghealltanas a thug ar an tír glacadh le Conradh Liospóin.

Meas tú, an bhfuil an oiread sin measa ag an rialtas ar dhearcadh is ar mhian an phobail, nó an mbeidh siad ag iarraidh an t-athrú a bhrú tríd beag beann ar an meon sin?

Fág freagra ar 'Níl aon mhíniú soiléir ag an rialtas faoi cén fáth go bhfuil siad meáite ar stop a chur leis an nGlas Triarach'