Pointí de dhíth, ach seans gur troid na mbó maol a bheidh idir Dún na nGall agus Doire

Fágfaidh cluichí an deireadh seachtaine a lorg ar thábla na sraithe agus, b’fhéidir, ar leabhar na rialacha freisin

Pointí de dhíth, ach seans gur troid na mbó maol a bheidh idir Dún na nGall agus Doire

An tSraith Náisiúnta Peile Roinn 1

Dé Sathairn, 1 Márta
Maigh Eo v Ciarraí – Páirc Mhic Éil, 3.00in
Ard Mhacha v Áth Cliath – Páirc Lúthchleasaíochta Ard Mhacha, 7.30 (Beo ar RTÉ 2)

Dé Domhnaigh, 2 Márta

Gaillimh v Tír Eoghain – Páirc Naomh Iarfhlaith, 1.45in
Dún na nGall v Doire – Páirc Mhic Cumhaill, 1.45in (Beo ar TG4)

Babhta tábhachtach é an ceann áirithe seo sa tSraith Náisiúnta Peile. Ar an gcéad dul síos, tá brú ag teacht ar an foirne atá ag iarraidh fanacht i Roinn 1. Cúig nó sé phointe a theastaíonn de ghnáth chun ísliú céime a sheachaint agus Gaillimh, Dún na nGall agus Áth Cliath amháin a bhfuil an méid sin carntha cheana acu.

Níos tábhachtaí b’fhéidir, i ndiaidh an bhabhta seo a dhéanfar aon leasuithe ar na rialacha peile nua atá tugtha isteach ó thús na bliana. Seans nach bhfuil tionchar na n-athruithe atá déanta chomh mór is a thuar roinnt daoine ach is beag duine a déarfadh nach bhfuil na rialacha tar éis rudaí a fheabhsú.

Mar a scríobh Dara Ó Cinnéide ar an suíomh seo, áfach, tá ceist mhór ann faoi thionchar na gcúl báire agus an chuma ar an scéal go bhfuil foirne ag baint leas astu chun seilbh a choinneáil ar an liathróid agus chun cuid den luas a bhaint as an imirt.

Deir cúl báire Thír Eoghain, Niall Morgan gur céim ar chúl a bheadh ann dá gcuirfí stop le cúl báire a bheith ag teacht amach as an gcúl chun páirt a ghlacadh san imirt agus thuigfeá cén fáth go mbeadh Morgan, fear a chaitheann an cluiche uile ag dul suas síos an pháirc, den tuairim sin.

Má tá sé chomh mór sin i gcoinne na rialach mar atá a athrú, ba chun a leasa féin agus leas na gcúl báire eile a théann ag fánaíocht a bheadh sé fanacht thiar sa gcúl ina gcluichí uile agus gan rud ar bith a dhéanamh a tharraingeodh aird Choiste Athbhreithnithe na Peile orthu an deireadh seachtaine áirithe seo.

Tá spreagadh ag teastáil ó Thír Eoghain ó áit éigin agus iad ag taisteal chun na Gaillimhe amárach, áfach, agus iad chun aghaidh a thabhairt ar fhoireann Phádraic Joyce atá ar bharr na sraithe. D’aimsigh Darragh Canavan 1-4 do Thír Eoghain agus é fillte ar an bhfoireann an deireadh seachtaine seo caite ach d’fhág gaiscí David Clifford gur chaill siad an tríú cluiche as a chéile.

Bua neafaiseach go maith a bhí ag na Gaillmhigh ar Dhún na nGall agus lán mála pointí aimsithe ag Shane Walsh le cóir na gaoithe a bhí ag séideadh i Staid an Phiarsaigh. Beidh sé níos séimhe i dTuaim ná mar a bhí cois cuain ach beidh gaoth éigin fós i seolta na nGaillmheach agus gan aon chluiche caillte sa tsraith acu.

Níor cheart go gcuirfeadh an chailliúint i mBóthar na Trá as rómhór do Dhún na nGall agus na Conallaigh d’uireasa Michael Murphy, Patrick McBrearty agus Ryan McHugh sa gcluiche sin. Deirtear nach bhfuil aon ghortuithe ag cur as don triúr ach d’fhéadfadh nach bhfeicfear iad amárach ach an oiread agus Doire ag trasnú an Fheabhail chun cuairt a thabhairt ar Bhealach Féich. Imreoidh na foirne seo a chéile sa réamhbhabhta i gCraobh Uladh faoi cheann cúig seachtaine agus ní bheidh ceachtar acu ag iarraidh aon rún a scaoileadh, fiú agus bua ag teastáil go géar ó Dhoire atá ag bun Roinn 1 faoi láthair.

Inniu, beidh Ciarraí i gCaisleán an Bharraigh chun aghaidh a thabhairt ar Mhaigh Eo. Thug David Clifford léargas eile ar a chumas agus a thábhacht do Chiarraí leis na trí chúl a d’aimsigh sé i gcoinne Thír Eoghain. Teastaíonn bua amháin eile ó Chiarraí chun go mbeadh siad saor ó bhuairt faoi ísliú céime agus tá seans maith acu inniu. Tabharfaidh an teacht aniar a rinne Maigh Eo i gcoinne Ard Mhacha misneach don fhoireann baile, áfach, agus iad tagtha ar ais ó bheith naoi bpointe chun deiridh chun comhscór a fháil.

Níl ach cluiche amháin buaite ag Ard Mhacha go dtí seo agus an ceann is fearr faighte acu ar Dhoire i mBabhta a Dó. Bhí dea-scéal ann do sheaimpíní na hÉireann i rith na seachtaine agus tuairiscí ann go bhfuil Rian O’Neill le filleadh ar an bpainéal, cé gur beag seans go bhfeicfear é i gcoinne Átha Cliath anocht. Bhí bua cuimsitheach ag foireann Dessie Farrell ar Dhoire bocht an tseachtain seo caite agus Seán Bugler i mbarr a mhaitheasa arís agus sé cinn de phointí faighte aige.

Fág freagra ar 'Pointí de dhíth, ach seans gur troid na mbó maol a bheidh idir Dún na nGall agus Doire'