Ní hé dualgas an stáit é a bheith ina gharda morálta ag an bpobal – tá sé thar am éirí as an gcur i gcéill

Díol suntais iad na póstaeir atá crochta ar an taobh ó thuaidh den teorainn agus súil ghéar á coinneáil ag tuaisceartaigh ar an reifreann ó dheas

Ní hé dualgas an stáit é a bheith ina gharda morálta ag an bpobal – tá sé thar am éirí as an gcur i gcéill

Tá ciallachais as cuimse ag reifreann na hAoine do Thuaisceart Éireann chomh maith leis an bPoblacht.

Má vótálann móramh chun an tOchtú Leasú a aisghairm cuirfear deireadh le heaspórtáil na faidhbe atá á séanadh le fada thuaidh agus theas. Ní bheidh ar mhná an deiscirt a dhul chun na Breataine i gcruachás le haghaidh ginmhilleadh agus beidh mná an tuaiscirt in ann a dhul thar teorainn más é sin a thograíonn siad.

Cé nach bhfuil vóta ag pobal an tuaiscirt sa reifreann tá lucht feachtais ar dhá thaobh na ceiste an-tógtha leis an reifreann. Díol suntais iad na póstaeir atá crochta ar an taobh ó thuaidh den teorainn, an oiread daoine óga a bhíonn ag caitheamh t-léinte na bhfeachtas agus na grúpaí a thaisteal thar teorainn ag stocaireacht. I measc na ndaoine a chuaigh ó dheas bhí mná as Béal Feirste a ghlac páirt sa bhfeachtas ‘Tá’ i gContae an Chabháin agus i gContae Lú agus grúpa as Iúr Chinn Trá a chuaigh chuig na contaetha cois teorann freisin ag moladh go gcoinneofaí an tOchtú leasú ar an mBunreacht.

Tá rian na ndíospóireachtaí ar na páirtithe náisiúnacha abhus chomh maith. Dé Sathairn bhí comhdháil speisialta ag an SDLP chun a pholasaí a phlé. D’athdhearbhaigh an páirtí go bhfuil sé ‘ar son na beatha’ ach ghlac toscairí le moladh go gceadófaí vóta de réir coinsiasa d’ionadaithe. Athrú suntasach ar pholasaí an pháirtí is ea é sin agus chothaigh sé míshuaimhneas i measc dornán den bhallraíocht.

Tá iar-ionadaithe de chuid Shinn Féin imithe ón bpáirtí sin i ngeall ar a pholasaí i leith an ghinmhillte, an t-iarTheachta Tionóil Francie Brolly agus a bhean, Anne, iarmhéara Shinn Féin i Léim an Mhadaigh ina measc.

Mar is dual d’aontachtaithe, níl suim ar bith léirithe sa reifreann ach tá saorvóta ag an UUP ar cheisteanna coinsiasa agus tá an DUP dubh dóite in aghaidh an ghinmhillte.

Is eol don saol gur ghlac pearsain iomráiteacha, ar nós bainisteoir peile Thír Eoghain, Mickey Harte páirt ghníomhach sa bhfeachtas ag éileamh go gcoinneofaí an bac ar ghinmhilleadh sa Bhunreacht. Tá an dochtúir teaghlaigh as Doire a sheas i dtoghchán anuraidh mar iarrthóir in aghaidh an ghinmhillte glórach in aghaidh aisghairm an ochtú freisin. Maíonn a lán de na daoine atá in aghaidh an reifrinn ó dheas go gcuirfeadh vóta ‘Tá’ ginmhilleadh gan srian ar fáil don tuaisceart freisin – cor a dhamnódh an tír ar fad, dar leo.

Ar ndóigh, maíonn siad sin atá ag éileamh ‘Tá’ gur chabhair a bheadh ann do mhná agus do theaghlaigh ar dhá thaobh na teorann, céim a gcuirfí na múrtha fáilte roimpi. Bheadh costas níos lú ag baint le taisteal ó dheas thairis eitilt go Londain, Learpholl nó Glaschú. Agus bheadh maolú mór ar an strus.

I bhfírinne tá caonach liath ar an-chuid de na hargóintí. Cloisimid figiúirí agus a thuilleadh figiúirí. Tá a oiread seo mílte beatha sábháilte ag an mbac ar ghinmhilleadh sa Bhunreacht a deir lucht a mholta. Cá bhfios dóibh? An bhfuil siad sásta go mbíonn ginmhilleadh ag na mílte gach bliain a fhad is nach dtarlaíonn sé inár dtírín bheag fhimíneach féin?

Céard faoi na mílte a chuaigh go Sasana? Aon duine dhéag de mhná an deiscirt agus an tuaiscirt ag imeacht in aghaidh an lae. Agus na céadta eile ag tógáil drugaí ginmhillte a ceannaíodh ar an idirlíon faoi choinníollacha contúirteacha? Mná a bhfuil faitíos orthu insint do dhochtúir nó altra gur druga ginmhillte is cúis le haimhréidh mar go mbeadh dualgas faoin dlí ar an ngairmí sláinte tuairisc a thabhairt do na húdaráis. Ní fada ó bhí caint abhus ar dhuine a cheannaigh pillíní ginmhillte a chúiseamh.

Deir dochtúirí agus cnáimhseoirí thuaidh agus theas go raibh cásanna inar ceileadh scothchóireáil ar mhná i ngeall ar an dlí in aghaidh an ghinmhillte.

Tá ginmhilleadh dlíthiúil i dTuaisceart Éireann faoi choinníollacha an-teoranta- nuair atá beatha na máthar i mbaol nó nuair atá contúirt ann dá sláinte sa bhfadtéarma. Ach maíonn saineolaithe go bhfuil na treoirlínte ó Stormont chomh cúng sin gur laincis iad. Le déanaí foilsíodh tuarascáil a cuireadh faoi bhráid Stormont bliain go leith ó shin a mhol go gceadófaí foirceannadh toirchis i gcás féatas neamh-mharthanach; ar ndóigh ‘cheal Stormont ní tharlóidh tada .Tá leithéidí na mban a thóg cas cúirte faoin gceist trí bliana ó shin fós ag fanacht d’ainneoin liodáin de gheallúintí go gcuirfí cóireáil ar mhná sa bhaile..

Ní chuirfeadh aisghairm an Ochtú Leasú iachall ar éinne ginmhilleadh a bheith acu. Cosnaímis saoirse coinsiasa gach duine – an té atá diongbháilte in éadan an ghinmhillte, an té a chreideann gur peaca dó/di féin é agus an té nach n-aontaíonn leo agus a chreideann i bhféinriail. Ní hé dualgas an stáit é a bheith ina gharda morálta ná ina choinsias ag an bpobal. ’Sé gnó an stáit fóint ar an bpobal – ní ar bhrúghrúpa amháin. Glacadh sé freagracht as déileáil le fadhbanna sláinte agus sóisialta sa bhaile seachas a bheith á bhfágáil faoi na comharsana. Tá sé thar am éirí as an gcur i gcéill.

Fág freagra ar 'Ní hé dualgas an stáit é a bheith ina gharda morálta ag an bpobal – tá sé thar am éirí as an gcur i gcéill'

  • Pádraig

    Tá dunmharú i gceist le ginmhilleadh?An bhfuil nó nach bhfuil?Más fíor go gcreideann tú go bhfuil dúnmharú ann conas is féidir ginmhilleadh a dhéanamh dleathúil

  • Mick

    Déanann gach stát san AE (ar domhan) reáchtáil ar gach gné dár saol – imirce, cúrsaí leighis, cúrsaí taistil, cúrsaí cánach, tithe altranais, cúrsaí oideachais, cúrsaí fostaíochta, saoránacht, etc. Ní haon eisceacht í Éire (ná an Bhreatain ná tuaisceart Éireann) maidir leis seo.
    Neart ionadaithe de chuid Shinn Féin ó dheas ag vótáil “Níl” sa reifreann seo, I bhfad níos mó daoine ná mar a mhaítear go poiblí. An vóta “Níl” ag fáil tacaíocht an-láidir sna ceantair chathracha a vótáileann do SF (agus páirtithe eile den eite chlé) de ghnáth (i Luimneach, tuaisceart BÁC, Corcaigh, Gaillimh, Port Láirge — ná mar a shíltear…
    An-díoma ar cuid mhór baill le seasamh M-Lou agus P Doherty agus dochar mór déanta díobh féin dá réir (M-Lou ar Claire Byrne?), ach níl na meáin á rá sin go hoscailte. Cuir ceist ar lucht an fheachtais “Níl” a bhfuil canbhásáil déanta acu sna ceantracha sin. Beidh le feiceáil ar an Aoine.

  • Noirin

    I gcruachas titeann daoine siar ar
    a gcultur. Ma cheadaitear ginmilleadh mar ata mollta beidh athru cultuir ann agus ardu ar lion na ginmhillte da reir. Agus ceard faoi ginmillte a bheith a dheanamh mar go mbeidh an leanbh faoi mhichumas ma thagann se/si ar an saol. Cen leiriu e sin ar mheas an phobail ar an te ata faoi mhichumas. Votail NIL tiocfaidh siad thar n-ais le rud nios fearr.

  • Eoin Ó Murchú

    Ní bhaineann ginmhilleadh le cultúr ach le cearta mhná: ceart na mná rogha a dheanamh, dul ar aghaidh agus beatha a thabhairt, nó gan dul ar aghaidh. Freisin, is rud fíor-ghránna maslach é a bheith ag labhairt faoi dúnmharú, Bronntanas ó bhean is ea an bheatha, ach tá lucht NÍL ag iarraidh go mbeidh iachall ar mhná dul ar aghaidh le toirmeasc in aghaidh a dtola. Agus mar fghocal scoir uaimse, ní chuireann an t8ú leasú stop le ginmhinnte, ach cruthaionn sé nach bhfuil said sabhailte nó go bhfuil níos mó strus na mar is gá ag baint leó. Níl aon rud daonnach le déanamh ach vótáil TÁ.
    Agus táim cinnte ó bheith imo chónai ann go mbeidh moramh insna ceantracha lucht oibre i mBaile Átha Cliath ag vótáil TÁ freisin.

  • Traolach Ó Murchú

    Ní lia duine ná tuairim.
    Tá cearta leis ag na bpáiste sa bhroinn.
    Níl sé ceart ná cóir an páiste sa bhroinn a mharú d’aon ghnó.
    Tá an ginmhilleadh in aghaidh toil Dé. Deireann an Tiarna:
    “Sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is Domsa
    a rinne sibh é”