Ní haon ionadh gur thosaigh lucht na meán sóisialta ag rith le brothall faoi Micko…

Clár corraitheach, caithiseach le laoch caide nach mbeidh a mhacasamhail riamh arís ann a bhí i ‘Micko’

Ní haon ionadh gur thosaigh lucht na meán sóisialta ag rith le brothall faoi Micko…

Tá laochra caide áirithe ann, sa Ríocht ach go háirithe, gur leor an chéad ainm a lua le go n-aithneofaí iad: Jacko, Páidí, Darragh agus gan amhras Micko; an fear caide is rathúla a bhí riamh ann. Sa chlár faisnéise mothúchánach, corraitheach Micko (RTÉ 1, aréir) tugann fear an Choireáin éachtaint ar a shaol agus na gaiscí a chuir sa Táin é.

Clár faisnéise i bhfoirm agallaimh, gan aon chloigne cainte nó tráchtaireacht, an cur chuige a roghnaíodh agus cé nach áin liom féin an cur chuige sin d’oibrigh sé sa chás seo óir go raibh rannpháirtí deisbhéalach, ionraic idir chamáin; carachtar a raibh scéal le dealramh le hinsint aige. Ní haon ionadh gur thosaigh siad siúd a thaithíonn na meáin shóisialta ag rith le brothall.

Dúirt sé linn gurb í an chaid an rud is mó a bhfuil grá aige dó agus gur bhreá leis imeacht ar shlí na fírinne agus é ag féachaint ar chomhrac caide. Ní haon iontas sin óir go bhfuil a shaol tugtha don chaid aige. Bhí sé sáite i 21 Craobh Uile-Éireann i gcaitheamh a shaoil, curiarracht nár sháraigh, nó nach sáróidh, éinne riamh. D’éirigh leis ceithre bhonn uile-Éireann a bhuachaint mar imreoir sciliúil, díograiseach. Go deimhin tháinig sé ar ais ó dhrochghortuithe leis an dá cheann deireanach a chrochadh leis.

‘Sure why should I be giving it to ye when I can score myself,’ an tslais a chaith sé lena leathbhádóirí a dhein a shaint leis an gcaid a chásamh. Buille oird ar inneoin. Bhí a thuilleadh le teacht.

Ina dhiaidh sin féin is mar bhainisteoir, ar feadh breis agus tríocha bliain, a shamhlaíonn formhór an phobail é. An íomhá siúd de suas síos feadh na taobhlíne le clár an chluiche fillte ina ghlac, greanta i scioból samhlaíochta lucht caide.

Ag tús an chláir thrácht sé ar a óige, saol oileánda a shinsear, a ghinealach Corcaíoch (go bhfóire Dia orainn) mar aon le ról a athar i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha. Ní nach ionadh bhí raidhse ábhar cartlainne i bhfochair na cainte. Ní fada nó gur tosnaíodh ag trácht ar chaid i ndáiríre. Dar leis go raibh ‘drochphaiste’ ag na Ciarraígh sna seascaid agus tús na seachtóidí mar a bhuadar ceithre chraobh uile-Éireann agus go gcailleadar cúig cinn. Sampla eile dos na deismireachtaí cainte macánta a bhí ag teacht uaidh tiubh te i rith an chláir. Mhaífinn gurbh iad na carúlacha sin ceann de an cúiseanna is mó ar cheart duit féachaint ar an gclár.

Ní nach ionadh bhí a thréimhse mar bhainisteoir ar fhoireann Chiarraí lárnach sa chlár.  Sa tréimhse  1975-1986 d’imríodar i ndeich gCraobh Uile-Éireann agus thugadar an svae leo ocht mbabhta. Slataíocht Rós Thrá Lí ba chúis leis an gcliseadh i ’76, dar leis. Ina theannta sin ní raibh aon easpa cainte ar Pat Spillane, ní raibh aon róghean ag Heffo agus é féin ar a chéile agus deineadh leibhéal ceart ar an ‘Bomber’ bocht.

‘He was a nice, soft pudgy little fella when I got him. He was a great man for a Mars bar and a packet of Smarties, and by God he had the sign of it.’

Mar sin féin bhí an lúb ar lár aimsithe agus cuireadh na ‘Dubs’ de dhroim seoil. ‘A little nudge made history,’ a deir sé faoi bhua gan choinne Uíbh Fhailí in ’82, cliseadh a d’fhág in ísle brí ar feadh i bhfad é agus a thagann ag ráthaíocht ina intinn uair sa tseachtain ar a laghad.

D’fhéadfadh an clár ar fad a bheith caite ar an tréimhse sin amháin. Go deimhin an t-aon laige a bhí ar an gclár ná go raibh sé róghearr leis na codanna ar fad dá shaol a chíoradh chun ár sástachta. Táim cinnte go ndéarfadh muintir Chill Dara go bhféadfadh a thréimhsí leo siúd clár eile a líonadh.

Chuaigh sé in adharca údarás CLG maidir le cúrsaí urraíochta i dtosach na n-ochtóidí agus níl aon aithreachas air faoi sin, agus go deimhin is amhlaidh go bhfuil sé sásta go bhfuair sé an ceann is fearr orthu.

Ba léanmhar na paistí cainte a dhein sé ar a bhean chéile atá imithe ar shlí na fírinne agus na dúshláin a bhaineann le bheith ag dul in aois. Ag an am céanna bhí aoibh an gháire orm agus é ag cur síos ar a ghaiscí leis an bhfoireann faoi 14 áitiúil.

Clár corraitheach, caithiseach le laoch caide nach mbeidh a mhacasamhail riamh arís ann.