Ní foláir rogha chrua faoi mhaoiniú RTÉ a dhéanamh go luath

is léir an chúis imní a bhainfeadh le maoiniú a d’fhágfadh RTÉ agus craoltóirí eile ró-spleách ar an stát, ach ba chóir go bhféadfaí fál cosanta a thógáil idir rialtas ar bith agus na craoltóirí

Ní foláir rogha chrua faoi mhaoiniú RTÉ a dhéanamh go luath

Más mian le léitheoir ar bith cuisle an tsaoil pholaitiúil reatha a bhrath am ar bith, is leor mar chéad chéim breathnú ar na hábhair a tharraingítear anuas agus an Taoiseach nó an Tánaiste á gceistiú sa Dáil ag ceannairí an fhreasúra.

Gan amhras bíonn ábhair eile ag cur imní nó míshásamh ar an bpobal. Tugann na ceisteanna, áfach, a chuireann Mary Lou McDonald, Holly Cairns, Ivana Bacik agus urlabhraithe Phobal Seachas Brabús agus na neamhspleách léargas suimiúil ar fhadhbanna tábhachtacha nach bhfuil réitithe, dar leo, ag an rialtas.

Ní hionann agus ceisteanna eile a chuireann siad ar Leo Varadkar nó (gach Déardaoin) ar Mhicheál Martin, níl dualgas orthu ábhar na gceisteanna a chur in iúl roimh ré.

Is léiriú mar sin ar thábhacht na géarchéime airgeadais atá ag bagairt ar RTÉ, agus ar Raidió na Gaeltachta mar chuid de, gur chuir Sinn Féin ceisteanna faoi mhaoiniú na heagraíochta ar cheannairí an rialtais faoi dhó i rith na seachtaine. Chuir Mary Lou McDonald i leith an rialtais Dé Céadaoin, agus an ceart aici, go raibh tuairimí i bhfabhar agus in aghaidh an cheadúnais teilifíse á nochtadh ag comhaltaí an rialtais.

D’iarr sí ar Eamon Ryan, a labhair thar ceann an Taoisigh a bhí thar lear, freagra soiléir a thabhairt faoi dhearcadh an rialtais ar mhaoiniú RTÉ. Thug an ceannaire Glas freagra nár fhreagair a ceist, ní nach ionadh toisc nach eol don rialtas fós cé mar ba chóir tacú amach anseo le RTÉ agus le craoltóireacht seirbhíse poiblí i gcoitinne. Dúirt Eamon Ryan léi go réiteodh an rialtas an fhadhb mhaoinithe. Uair éigin.

Tharraing Pearse Doherty, a rinne ionadaíocht ar cheannaire Shinn Féin Déardaoin, an t-ábhar céanna anuas nuair a cheistigh sé an Tánaiste. Ba chóir don rialtas éirí as a bheith ag dul anonn is anall leis an gceist, a dúirt sé. Ba chóir dóibh mar sin maoiniú ón stát, faoi mar a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán  dhá bhliain ó shin, a chur i bhfeidhm gan mhoill.

Arís ní raibh Micheál Martin ábalta freagra díreach a thabhairt, ach dúirt sé go mbeadh imní air go gcuirfeadh maoiniú stáit neamhspleáchas na meán i mbaol.

Dáiríre is tábhachtaí ná freagraí seachantacha an rialtais a ndúirt Mary Lou McDonald agus Pearse Doherty. Mhol an bheirt córas maoinithe nua, ar féidir glacadh leis mar sin gurb é a theastódh ó Shinn Féin dá mbeidís i mbun rialtais.

Rinne Mary Lou McDonald cur síos soiléir ar dhearcadh Sinn Féin ar cheist an cheadúnais (nó ‘an táille’ mar a thug sí air) in abairt Ghaeilge inar dhúirt sí: “Caithfidh an rialtas deireadh a chur leis an táille agus maoiniú díreach an Státchiste a chur ina áit chun todhchaí a chinntiú do chraoltóireacht seirbhíse poiblí.”

Is fusa ar ndóigh ceist a chur ná a fhreagairt, agus is deacra tabhairt faoi réiteach faidhbe ná a rá le rialtas go bhfuil sé thar am acu dul i mbun réitigh. Sin ráite, tá deireadh ré an cheadúnais teilifíse ag teannadh linn, murar féidir cur ina luí ar na neamhíocóirí nua é a íoc arís. Rud nach léir fós conas é sin a dhéanamh, más féidir é a dhéanamh.

Dhiúltaigh sciar den phobal i gcónaí ceadúnas a cheannach, ach léiríonn na figiúirí is deireanaí an méadú mór a tháinig ar neamhthoil íocaíochta de thairbhe na scannal a tháinig chun solais in RTÉ anuraidh.

Tháinig laghdú a trí déag faoin gcéad (126,646) ar líon na ndaoine a cheannaigh ceadúnas teilifíse anuraidh. Bhí laghdú €19m dá réir ar theacht isteach RTÉ in 2023 agus níl feabhas ar an scéal á thuar i mbliana.

Is léir gan dabht mí-oiriúnacht an ábhair seo don rialtas ón áireamh ar na scéalta is deireanaí faoi mhí-eagar lucht ceannais RTÉ roimhe seo:

  1. Cur amú €2.2m ar an ‘Toy Show’ a cuireadh ar ceal.
  2. Pacáiste scoir speisialta €400,000 don iar-phríomhoifigeach airgeadais Breda O’Keeffe nár cuireadh faoi bhráid bhord feidhmiúcháin RTÉ
  3. Scéim iomarcaíochta nach léir gur íocadh cáin mar ba chóir uirthi, agus a bhfuil RTÉ ag iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim é a fhiosrú anois.
  4. Neamhábaltacht Dee Forbes, iarPhríomh-Stiúrthóir na heagraíochta, dul os comhair choiste Oireachtais. Mar gheall ar bhreoiteacht, a deir sí.

Bheadh míchaoithiúlacht an scéil don rialtas follasach go leor fiú mura mbeadh dhá thoghchán rompu i mbliana, gan trácht ar olltoghchán faoi cheann bliana ar a mhéid.

Thug an rialtas droim láimhe don scéim mhaoinithe a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán dhá bhliain ó shin ach ní léir anois aon rogha phraiticiúil eile a chuirfidh craoltóireacht seirbhíse poiblí ar bhonn seasmhach. Níl fonn ar mhórán maoiniú a bhunófaí ar tháille teaghlaigh a thabhairt isteach i bhfianaise ar tharla do scéim na dtáillí uisce.

Gan dabht is léir an chúis imní a bhainfeadh le maoiniú a d’fhágfadh RTÉ agus craoltóirí eile ró-spleách ar an stát, ach ba chóir go bhféadfaí fál cosanta a thógáil idir rialtas ar bith agus na craoltóirí. Mar a dúirt Pearse Doherty sa Dáil, níl easpa neamhspleáchais curtha i leith TG4 mar gheall ar an maoiniú a fhaigheann an stáisiún ón rialtas.

Mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán gur faoi Choimisiún na Meán a bheadh sé an méid a mholadh a theastóidh chun tacú le craoltóireacht seirbhíse poiblí amach anseo.

Bheadh babhta méarfhadachais sothuigthe i mbliana ar chúiseanna polaitiúla gan trácht ar an sruth leanúnach scéalta faoi chaiteachas seafóideach in RTÉ sular ceapadh Kevin Bakhurst mar Ard-Stiúrthóir anuraidh.

Dhéanfadh moilleadóireacht dochar as cuimse, áfach, don tseirbhís a chuireann RTÉ ar fáil agus a deirtear ar chaon taobh i dTeach Laighean atá thar a bheith riachtanach. Níl an t-am ná an léargas polaitiúil oiriúnach, ná deireadh leis an atheagar atá de dhíth, ach tá an riachtanas soiléir anois.

Fág freagra ar 'Ní foláir rogha chrua faoi mhaoiniú RTÉ a dhéanamh go luath'