Ní foláir an cheist a chur, cé hé an fíorTrump?

Ní hé go n-athraíonn Trump a chuid aidhmeanna ó lá go lá, ach athraíonn sé an straitéis a bhíonn aige

Ní foláir an cheist a chur, cé hé an fíorTrump?

Caithfear a cheart a thabhairt do Donald Trump. An lá céanna go ndúirt mé go raibh a uaillmhian go mbeadh sé mar oidhreacht aige gurb é uachtarán na síochána é á caitheamh i dtraipisí aige, nár chuir sé críoch leis an gcogadh idir Iosrael agus an Iaráin.

Cogadh ar ndóigh a chuir sé féin go bruach na holltubaiste nuair a d’ionsaigh sé áiseanna núicléacha na hIaráine.

Ar ndóigh táid ann i Meiriceá atá ag iarraidh scéal mór a dhéanamh de go ndúirt Trump gur éirigh thar cionn leis an ionsaí nuair is cosúil nach bhfuil na háiseanna sin scriosta ar fad – mar a mhaígh sé – ach go bhfuil dochar teoranta déanta dóibh.

Tá Trump ag rá go bhfuil a dhóthain déanta aige ionas gur féidir leis dul chun cainte leis an Iaráin, agus socrú síochána buan a chruthú.

Ní hin atá ag teastáil ó Netanyahu ná Iosrael. Teastaíonn ó Netanyahu an Iaráin ar fad a scrios, mar a scriosadh an Iaráic roimpi, an Libia agus an tSiria, ionas nach bhfuil iontu anois ach fostáit faoi smacht ag an Iarthar nó lagaithe an oiread sin nach féidir leo feidhmiú go neamhspleách.

Sa chomhthéacs sin nach cuma go bhfuil Trump ag déanamh gaisce rómhór faoina bhfuil déanta aige, an fhaid is go bhfuil sé ag tarraingt siar ó bhruach coimhlinte a d’fhéadfadh críochnú le cogadh núicléach?

B’fhearr le lucht a cháinte go leanfadh sé ar aghaidh leis an mbuamáil?

Ach tá sé léirithe ag Trump arís gur féidir leis rud amháin a rá agus a dhéanamh lá amháin, agus rud éagsúil a dhéanamh go luath ina dhiaidh.

Léiríonn an chodarsnacht seo an deacracht a bhaineann le hanailís ar bith a dhéanamh ar Trump nó an rud á dhéanfaidh aige a thuar. Ní hé go n-athraíonn sé a chuid aidhmeanna ó lá go lá, ach athraíonn sé an straitéis a bhíonn aige chun iad a bhaint amach.

Tá a fhios againn ó scéal na dtaraifí go dtosaíonn sé le héileamh a bhíonn thar fóir ar fad, abair taraif 20% ar gach earra, agus sa deireadh go socraíonn sé ar tharaif eile, abair  10%. Bíonn osna faoisimh ag a chuid comhpháirtithe trádála, ach dá mba le 10% a thosódh sé cheapfaidís gur éileamh thar fóir é sin.

Tá an-bharúil ag Trump de féin, agus tá baint aige sin lena uaillmhian a bheith ina uachtarán síochána.

Ach tá srian ar Trump, mar a bhíonn ar gach uachtarán. I gcás Trump tá ‘domhain-stát’ Mheiriceá glan i gcoinne aon iarracht éirí as an naimhdeas traidisiúnta don Rúis nó an cairdeas buan le hIosrael. Agus, ar ndóigh, tá tionchar láidir ag Iosrael ar pholaitíocht Mheiriceá, agus nach ndearna sé féin iarracht a rá go mbeadh sé níos fíochmhaire ar son Iosrael ná aon iarrthóir eile i rás na huachtaránachta?

Dhein Netanyahu iarracht plean Trump a chur as a riocht nuair a lean sé ar aghaidh le hionsaithe a dhéanamh ar an Iaráin, ach ansin, den chéad uair riamh, thug Uachtarán Mheiriceá léasadh poiblí don tír sin. Agus, den chéad uair riamh, ghéill Iosrael roimh fhearg oscailte an Uachtaráin.

Ní hé go bhfuil aon bhunathrú tagtha ar Trump. Níl sé níos daonna ná mar a cheap muid go dtí seo, ach tá a thuiscint féin ar chúrsaí an domhain aige, agus is é an comórtas trádála leis an tSín an scéal is tábhachtaí dó, má tá léite i gceart agam air.

Mar sin is cuma go bhfuil an-bharúil aige de féin, ní dóigh liom go mbeidh aon éifeacht ag an moladh uiríseal suarach lodartha a thug Ard-Rúnaí NATO Mark Rutte dó.

Ghéill an Eoraip d’éileamh Trump go n-íocfaidís níos mó de chostas NATO, agus glacfaidh Trump leis sin. Ní athróidh sé a dhearcadh i leith na Rúise mar gheall ar mholadh Rutte nó aon rud eile.

Cén chaoi lena thuiscint mar sin?

Comhartha den daille intleachtúil a chuireann a lán san aimhréidh ná an t-alt seafóideach a scríobh an Seanadóir Michael McDowell faoi Trump san Irish Times nuair a dúirt sé go raibh sé den tuairim go raibh kompromat ag Putin faoi Trump – sé sin fianaise éigin a ghoillfeadh go mór air dá dtiocfadh sé amach.

Níl McDowell in ann dearcadh Trump i leith na Rúise a thuiscint; mar sin dósan, caithfidh go bhfuil míniú suarach air.

Ag deireadh thiar caithfidh muid glacadh le Trump ar ‘na téarmaí’ a fhógraíonn sé, téarmaí MAGA mar shampla, agus dúil na ndaoine sin go ligfeadh Meiriceá don domhan a gcogaí a throid d’uireasa Mheiriceá.

Teastaíonn ó Trump máistreacht trádála Mheiriceá a choinneáil, agus beidh lucht MAGA an-sásta gur chuir Trump deireadh leis an gcogadh leis an Iaráin.

B’fhearr dúinne aird a thabhairt ar an bhfíorTrump in ionad Trump ár samhlaíochta.

Fág freagra ar 'Ní foláir an cheist a chur, cé hé an fíorTrump?'