‘Ní fiú a bheith ag trácht ar chearta teanga d’uireasa polasaí earcaíochta don Ghaeilge’

Ag labhairt dó ag Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga sa Ghaillimh, dúirt an Dr John Walsh nach bhféadfaí cearta teanga in Éirinn a threisiú gan dul i ngleic le ceist na hearcaíochta sa státchóras

 

An Dr John Walsh
An Dr John Walsh

Ní fiú a bheith ag caint ar chearta teanga phobal na Gaeilge agus gan aon pholasaí earcaíochta don Ghaeilge ag an stát.

B’shin cuid dá raibh le rá tráthnóna ag an Dr John Walsh, saineolaí ar an reachtaíocht teanga, agus é ag caint ag Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga sa Ghaillimh.

Dúirt an Dr Walsh nach bhféadfaí cearta teanga in Éirinn a threisiú gan dul i ngleic le ceist seo na hearcaíochta.

Dúirt sé gurb í aidhm na scéimeanna teanga a aontaítear le h-eagraíochtaí poiblí ná go mbeadh “beagáinín Gaeilge” ag roinnt daoine sa státseirbhís agus gurb í “an Ghaeilge mar shiombalachas” an toradh a bhí ar chóras na scéimeanna.

Bhí gá le reachtaíocht “uileghabhálach shoiléir” le cosaint mar ba chóir a thabhairt do chearta teanga phobal na Gaeilge agus le seirbhísí Gaeilge a chinntiú, a dúirt an Dr Walsh.

Ba chuma ann nó as na scéimeanna teanga, áfach, agus gan aon pholasaí ceart earcaíochta a bheith ann don Ghaeilge, a dúirt John Walsh atá ina Léachtóir Sinsearach le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr.

Léirigh taighde a rinne Tuairisc.ie nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas d’aon phost i measc na 589 post a líonadh i ranna Rialtais le linn na bliana 2014.

Is ar bhonn deonach amháin atá seirbhísí Gaeilge á soláthar ag roinnt ranna stáit faoi láthair, cleachtas a dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Brendan Howlin a bhí ar bun ina Roinn féin.

Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach as cur i bhfeidhm pholasaí an Stáit i leith earcú daoine sa Státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu.

Sa scéim teanga a d’aontaigh Roinn na Gaeltachta leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus a cheadaigh an tAire Stáit Joe McHugh, deirtear go sonrach go gcuirfidh Roinn Howlin lena seirbhísí Gaeilge trí ‘oibrithe deonacha breise a lorg le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil’.

Is i scéimeanna teanga a aontaíonn an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta formhór na seirbhísí is gá d’eagraíochtaí Stáit a chur ar fáil i nGaeilge.

Tugtar le fios i scéim na Roinne Caiteachtais Phoiblí go ndearnadh suirbhé i measc a mball foirne féachaint ‘an mbeadh ar a gcumas agus an mbeadh siad sásta glacadh le glaonna i nGaeilge’ a sheolfaí ar aghaidh chucu.

B’údar díomá don Choimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill an dearcadh i leith soláthar seirbhísí Gaeilge a léirigh an tAire Brendan Howlin.

“Tá an Stát ag dul i muinín cur chuige go fóill atá ag brath ar bhaill foirne a bheith sásta seirbhísí a sholáthar i nGaeilge ar bhonn deonach; córas nach bhfuil sásúil ná éifeachtach.

“Ní hionann iarraidh ar bhaill foirne seirbhísí a chur ar fáil ar an gcaoi seo agus tabhairt faoi bheartais Ghaeilge an Stáit a chur i bhfeidhm ar bhonn córasach agus céimiúil,” a dúirt an Coimisinéir Teanga le Tuairisc.ie.

Dúirt sé freisin gur léirigh caint Howlin “arís eile an líon íseal foirne atá ar fáil i roinnt Ranna Rialtais chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge”.

Dúirt Ó Domhnaill nach raibh “aon toradh le feiceáil go fóill ar an gcuspóir go n-aithneofaí na poist sin lena mbeadh cumas feidhmiú sa dá theanga oifigiúla mar choinníoll leo”, cuspóir atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Fág freagra ar '‘Ní fiú a bheith ag trácht ar chearta teanga d’uireasa polasaí earcaíochta don Ghaeilge’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá coistí Gaeilge riachtanach d’achan eagras stáit. AGUS tá cumainn Ghaeilge sna heagraisí stáit riachtanach fosta – áit go dtig le cainteoirí Gaeilge castáil ar a chéile agus an suaimhneas intinne acu go labharfaí Gaeilg leo go nádúrtha agus go foscailte. Goidé fá gréasáin náisiúnta na gcoistí agus na gcumainn seo? Agus go dtig moltaí agus tuairimí fá aitheantas agus comhionannas don Ghaeilg a mhalartú agus a roinnt?

    Is ábhar magaidh é ‘seirbhísí i nGaeilg ar bhonn deonach’.