‘Le linn an ama a chaith mé san Afganastáin ní fhaca mé oiread is toradh dearfach amháin ar fhórsaí an iarthair a bheith ann’

Tá leabhar á scríobh i nGaeilge ag Aralt Mac Giolla Chainnigh faoin seal a chaith sé ar dualgas míleata san Afganastáin

 ‘Le linn an ama a chaith mé san Afganastáin ní fhaca mé oiread is toradh dearfach amháin ar fhórsaí an iarthair a bheith ann’

Aralt Mac Giolla Chainnigh agus Faheem Nazimi, Príomh-Ateangaire in Kandahar, Afganastáin in 2008

Rud ‘thar a bheith dearfach’ é go bhfuil fórsaí an iarthair ag imeacht as an Afganastáin agus bhí sé ‘dosheachanta’ gur i seilbh an Taliban a d’fhágfaí an áit, dar le hoifigeach airm agus Gaeilgeoir a chaith a chaith seal ar dualgas míleata ann.

Rinneadh ‘a lán dochair’ ansin le 20 bliain anuas, agus glacfaidh sé tamall maith sula dtiocfaidh an tír ar ais chuig an bpointe ina raibh sí sular tháinig na fórsaí eachtrannacha isteach, gan trácht ar dhul chun cinn a dhéanamh arís, a dúirt Aralt Mac Giolla Chainnigh, oifigeach in arm Cheanada, le Tuairisc.ie.

Tá aithne mhaith sa tír seo ar Aralt Mac Giolla Chainnigh mar chainteoir Gaeilge, mar dhuine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Cheanada agus mar dhuine a fhreastalaíonn ar imeachtaí Gaelacha amhail an tOireachtas.

Cuireadh ar dualgas san Afganastáin é sa bhliain 2008 agus bhí sé ar dhuine de ghrúpa a bhí ansin le staidéar a dhéanamh ar thionchar an fheachtais mhíleata ar shaol na ngnáthdhaoine. Tá leabhar á scríobh aige i nGaeilge ar a thaithí sa tír.

Eagraíocht de chineál difriúil seachas arm eachtrannach a theastaigh le fóirithint ar phobal na hAfganastáine, a deir Mac Giolla Chainnigh. “Eagraíocht forbartha a mbeadh cumas féinchosanta aici a theastaigh ansin seachas arm, dream a bheadh in ann droichid agus scoileanna a thógáil, bia a sheachadadh, aidhmeanna carthanacha den chineál sin,” dar leis.

Dúirt sé nach chun leas na tíre a bhí fórsaí an iarthair san Afganastáin ar chor ar bith.  “Le linn an ama a chaith mé ann ní fhaca mé oiread is toradh dearfach amháin ag teacht as fórsaí an iarthair a bheith ann.”

“Bhí breis is 20,000 duine d’fhórsaí na comhghuaillíochta ina gcónaí ar bhunáit aerpháirc Kandahar – achan duine acu ag obair breis is dhá uair déag gach lá, ach saothar in aisce a bhí ann, mar gheall ar mhíthreorú. Saothar in aisce nó dochar cinnte a bhí ann.

“Chuir sé iontas orm nuair a shroich mé Kandahar den chéad uair. An bharúil a bhí á scaipeadh sa bhaile i gCeanada ná go raibh sé ar intinn ag na comhghuaillithe imeacht chomh luath agus ab fhéidir.

“Fiú ag traenáil le NATO sa Pholainn, dúradh liom go raibh na comhghuaillithe chun seasmhacht an rialtais a dhaingniú, agus bunstruchtúr na tíre a thógáil arís mar ullmhúchán le himeacht go tapa agus an áit a fhágáil i lámha mhuintir na tíre. Ach i ndiaidh seal gairid a chaitheamh ar an talamh ann, ba léir nach raibh an fhís chéanna ag baill áirithe de chuid na gcomhghuaillithe.

“Bhí lucht arm na Breataine ann agus iad den bharúil nár cheart imeacht go ceann 30 nó 40 bliain, iad ag maíomh gurbh é sin an t-aon chaoi chun a chinntiú go mbeadh buntáiste fadtéarmach tugtha don tír.

“Bhí mé féin go mór in amhras – agus i bponc – maidir leis na haidhmeanna éagsúla a bhí ann i measc na náisiún a bhí páirteach sa chomhghuaillíocht.  Gan aidhm shoiléir, a bheadh spreagúil agus intomhaiste, níor cheart go mbeadh fórsaí eachtrannacha ar bith ann.”

Beidh an réiteach a theastaíonn ar chás na hAfganastáine deacair go leor a chur i bhfeidhm, a deir Mac Giolla Chainnigh.

“Tabhair ar ais don Afganastáin na ceantair sa Phacastáin a baineadh uaithi. Abhainn na hIondúise an teorainn nádúrtha san oirthear agus an tAigéan Indiach an teorainn nádúrtha sa deisceart. Leis an réiteach sin, bheadh na treibheanna Paistiúnacha ar ais le chéile agus na treibheanna Balúcacha chomh maith, mar ba mhaith leo a bheith.

“I gcás na bPaistiúnach, mar shampla, tá 13 milliún díobh san Afganastáin, iad ar an ngrúpa eitneach is mó sa tír, 42% den daonra ar fad, agus 28 milliún acu sa Phacastáin. Dá mbeadh teacht acu ar an aigéan, bheadh na hAfganastánaigh in ann geilleagar iomaíoch a chruthú chun dul i ngleic le bochtaineacht agus easnamh bia,” a deir Aralt Mac Giolla Chainnigh.

Tá sé in amhras an bhfuil an toil idirnáisiúnta ann lena leithéid a dhéanamh, ná fiú an bhfuil an toil ann chun bunfhadhbanna na hAfganastáine a réiteach ar chor ar bith. Tá an pobal idirnáisiúnta dírithe ar cheisteanna níos fairsinge sa réigiún, ceisteanna a bhaineann leis an Iaráin agus an Phacastáin ach is í an Afganastáin an eochair leis na deacrachtaí sin a réiteach, a deir sé.

“Lig do na Paistiúnaigh agus na Balúcaigh teacht ar ais le chéile in aon tír amháin.  Go dtí go dtarlóidh sin, ní bheidh síocháin sa chuid sin den domhain. Mura bhfuil spéis ann é sin a dhéanamh anois, tarlóidh sé pé scéal é,” a dúirt sé.

Meabhraíonn an t-iar-oifigeach airm dúinn gur gluaiseacht chreidimh iad an Taliban.

“Is gluaiseacht chreidimh sa traidisiún Ioslamach iad.  Gluaiseacht iad nach bhfuil inghlactha ag an chuid is mó de na gnáthMhoslamaigh – ach gluaiseacht chreidimh í mar sin féin.  Nuair a bhain siad cumhacht amach, faraor, ba léir go raibh a gclár oibre féin acu, bunaithe ar shainmhíniú cúng ar an Ioslamachas.

“Sárú cearta ban, mar shampla, an búrca a chaitheamh agus na fir, bhí fad agus stíl féasóige ar leith ceadaithe dóibh. Ceapadh cleachtais shóisialta nach raibh baint ar bith acu le traidisiúin na tíre.  Ba thír mhodhúil Ioslamach í an Afganastáin le fada.

“Sa saol traidisiúnta bhíodh fir agus mná le feiceáil ag obair le chéile sna páirceanna ag cur agus ag baint na mbarraí.  Faoin Taliban, ní bheadh cead chun oideachais, fostaíochta nó taistil ag na mná.  Ní bheadh cead ag mná a dtithe a fhágáil gan tionlacan fir.”

Creideann Mac Giolla Chainnigh gur faoi na treibheanna éagsúla ansin a bheidh sé teacht ar réiteach. “Tá treibheanna difriúla ann ceart go leor – Paistiúnaigh, Tajik, Hazara, Turcamánaigh – ach is córas é sin atá riachtanach nuair a chaithfidh dreamanna comhoibriú le chéile agus acmhainní a roinnt. Is féidir leo a gcuid fadhbanna féin a réiteach, agus is féidir leo réiteach lena chéile, ach muid á ligean socair.  An rud nach féidir leo a réiteach ná na fadhbanna a chruthaigh muid dóibh.”

Fág freagra ar ' ‘Le linn an ama a chaith mé san Afganastáin ní fhaca mé oiread is toradh dearfach amháin ar fhórsaí an iarthair a bheith ann’'

  • Seán Hade

    Maith an fear, tá cuma an-suimiúil ar an méid sin. Táim ag súil go mór leis an leabhar ar fad a léamh cheana féin. An fios go fóill cathain a fhoilseofar é?

  • alan titley

    An tuairisc ghonta is fearr a léigh mé fós ar a bhfuil ag tarlú faoi láthair. Gan cheist.

  • Galt Barber

    Maith thu, a Arailt!