Rinne mé cara nua an lá cheana. Ar ár mbealach chuig clinic an dochtúra a bhíomar nuair a casadh orainn í. ‘Máire’ an t-ainm atá uirthi. Bhuail sí bleid orainn agus muid i bhfoisceacht cúpla méadar den chlinic.
‘Tá mo ghairdín faoi lochán uisce,’ arsa sise, go himníoch. ‘Tá sé beagnach chomh hard leis an bhfuinneog chúil.’
Cé nach raibh aon aithne againn uirthi, stad muid – bhí cosúlacht láidir uirthi go raibh sí ag iarraidh an drochscéal a roinnt le duine éicint. Bhí cóta éadrom báistí uirthi agus greim aici ar a mála láimhe. B’fhéidir go raibh sí ar a bealach leis an scéal a thuairisciú do na húdaráis áitiúla?
‘An bhfuil sibh ag iarraidh é a fheiceáil?’ d’fhiafraigh sí. ‘Níl mo theach i bhfad ón áit seo.’
An amhlaidh go bhfuil cuma na fiosrachta ormsa? Bí cinnte go raibh mé ag iarraidh an tuile seo a fheiceáil. Bhí sí ina cónaí in eastát deas, a bhí coinnithe go maith agus ní raibh aon chosúlacht tuilte amach ar aghaidh na dtithe ar aon nós.
Ach bhí muidne tar éis beagáinín siúil a dhéanamh roimhe sin, trí pháirc phoiblí, agus rinneamar iontas de leibhéal an uisce ar na plásóga féir – ní fhacamar a leithéid riamh. B’fhíor do na tráchtairí a dúirt nach raibh aon áit le dhul ag an uisce níos mó.
Tá sruthán beag le taobh na páirce seo agus níos minice ná a chéile, bíonn sé beagnach triomaithe amach agus is ar éigean go mbeadh a fhios agat go raibh sruthán ar bith ann, go hiondúil.
Ach an mhaidin áirithe seo bhí sruth an-láidir uisce ann agus é beagnach ag dul thar bruach in áiteanna.
Thug sí chomh fada leis an doras tosaigh muid agus isteach linn. ‘An bhfuil aon duine ina chónaí leat?’ a d’fhiafraigh mé féin. ‘Ó tá, tá mo mhac agus a bhean chéile anseo ach is gearr go beidh siad ag bogadh amach.’ Thug sí le fios nach ndearna siad faic chun an drochscéal a thuairisciú. Bhí leapacha do chait gach áit thart orainn.
Shiúil muid chomh fada leis an bhfuinneog chúil. Bhí an t-uisce beagnach chomh hard leis an gcosán faoin bhfuinneog. Lochán a bhí sa ngairdín cúil i ndáiríre. ‘Nílim in ann na héadaí a chrochadh ar an líne níos mó,’ a dúirt sí. ‘Cuirim cúpla rud amach tríd an fhuinneog agus tá mé in ann roinnt bheag a chrochadh air, ar an gcaoi sin.’
Bhí mé féin in amhras faoin triomach a bheadh ar fáil na laethanta seo ar aon chaoi.
‘Tá sé mar sin le bliain anuas,’ arsa an bhean. ‘Níor ísligh sé ar chor ar bith.’ Thagair sí do na comharsana a chuir síneadh lena gcuid tithe, rud a d’fhág nach raibh aon áit le dhul ag na tuilte ach isteach ina gairdín beag féin.
Bhí mé ag éirí míchompordach faoin scéal. Agus mé ag breathnú amach ar an lochán ina gairdín, mheas mé go raibh an-seans ann go raibh an sruthán beag a chonaic muid níos túisce, ar a chúl sin arís. Agus tar éis oíche dhamanta bháistí, bhí leibhéal an uisce ardaithe i ngach áit thart – sna páirceanna poiblí, sna páirceanna spóirt, sna gairdíní, sna srutháin féin.
Thosaigh sí ag insint dúinn faoi na háiteacha éagsúla ar chuir sí fúithi – California, Londain agus an contae arb as di féin, an áit ba ghaire dá croí. Bhí an-chumha uirthi i ndiaidh a fir chéile a fuair bás tamall roimhe sin. Rinne sí cur síos dúinn ar an tsochraid agus ar na sluaite a phlódaigh isteach san eastát. Ba léir go raibh an-mheas ag daoine ar a fear céile, fear a raibh dlúthbhaint aige le clubanna spóirt sa gceantar.
De réir a cheile, chaill sí suim i scéal na dtuilte agus thosaigh sí ag caint faoin saol iontach a bhí aici lena fear céile. Ba léir go raibh sí buailte go dona ag an uaigneas. Ach bhí mé ag teacht ar an tuairim go raibh níos mó ná sin ann.
Cé go riabh ciall le gach rud a dúirt sí, bhí beagán den áibhéil anseo is ansiúd ann.
Agus thug sí isteach sa teach muid gan ceist ar bith a chur orainn fúinn féin – cá as a dtáinig muidne? An amhlaidh nach raibh amhras ar bith uirthi faoi strainséirí a thabhairt isteach ina teach?
Smaoinigh mé ar na píosaí a scríobhadh Alex Hijmans anseo ar Tuairisc faoina mháthair agus í i ngreim ag an ngalar Alzheimer. Is cuimhneach liom go raibh sí réasúnta maith ina thús agus í in ann a bheith ina cónaí léi féin, ina teach féin.
Agus chuimhnigh mé freisin ar na daoine ar fad, cuid mhaith díobh ag dul amach sna blianta, a d’éirigh maidin éigin tar éis na Nollag agus b’fhéidir go raibh an teach féin faoi uisce, nó na bóithre thart orthu faoi thuilte, a gcuid carranna millte, a gcuid troscán le caitheamh ar an ‘scip’.
Níor ghá go mbeadh an galar Alzheimer ort le go mbeadh duine ag cailleadh a chéille. Agus ní raibh stop leis. Gach lá thug réamhaisnéis na haimsire drochscéal eile dúinn.
Nuair a bhí mo dheartháir i Meiriceá ag ceannach tí na blianta ó shin, chuir uncail liom a bhí ag obair mar dhíoltóir tithe ag an am comhairle air. ‘Ná ceannaigh teach atá i ngar d’abhainn – is cuma cé chomh beag is atá sí.’ D’úsáid sé an focal ‘creek’ i mBéarla.
Is iomaí duine na laethanta seo atá aiféalach faoin suíomh ar a bhfuil a gcuid tithe tógtha. Chuirfinn geall nach bhfaca éinne san eastát sin i mBaile Átha Cliath an srutháinín beag neamhurchóideach a bhí ag sileadh leis thar an gclaí, ag íochtar na ngairdíní, na blianta ó shin.
Agus ní fhaca an bhean bhocht sin an lá ag teacht, go mbeadh sí léi féin, an t -uisce ag teacht ina treo gach lá, agus gan í féin in ann aon mheabhair a bhaint as.
Fág freagra ar 'Ní fhaca an bhean bhocht an lá ag teacht go mbeadh sí fágtha léi féin agus an gairdín ina lochán uisce'