Ní féidir na fadhbanna atá ag Éirinn a cheilt

Beidh gá le dul chun cinn mór anocht agus foireann na hÉireann ag dul chun páirce i Staid Aviva i gcoinne na hAstráile

Ní féidir na fadhbanna atá ag Éirinn a cheilt

Éire vs An Astráil

Más ag breathnú ar scór deiridh an chluiche idir Éirinn agus an tSeapáin i Staid Aviva seachtain ó shin amháin atá tú, chuirfeadh an bhearna tríocha a haon pointe (41-10) i bhfabhar fhoireann an bhaile amú thú. Cinnte, chríochnaigh Éire go maith, iad ag aimsiú trí úd sa dá nóiméad déag roimh dheireadh an chluiche agus ag ceilt scór de chineál ar bith ar na cuairteoirí sa dara leath. Toradh é sin a bhí á thuar ag beagnach chuile dhuine roimh thús an chluiche.

Scéal eile ar fad a bhí againn sa gcéad leath. Tháinig go leor de na deacrachtaí a bhí ag crá imirt na hÉireann i Chicago an tseachtain roimhe sin chun cinn arís. Ní féidir na staitisticí a cheilt. Faoi leath ama, bhí rath ar Éirinn sa síneadh amach 57% den am i gcomparáid leis an 100% de na sínte amach ina raibh rath ar na Seapánaigh. Tháinig feabhas ar rudaí sa ngné sin den imirt sa dara leath, a bhuíochas do húcálaí nua nó don léasadh teanga a fuair imreoirí na hÉireann ag leath ama! Níl a fhios agamsa ach faoi dheireadh an chluiche d’éirigh leis an tSeapáin i 94% dá gcuid sínte amach agus bhí rath ar Éirinn in 82% dá gcuid féin.

Dála an scéil, sa gcluiche a d’imir Éire in aghaidh na nAll Blacks in Chicago, bhí rath ar fhoireann na hÉireann i gcás 69% de na sínte amach ach chuaigh 75% dá gcuid sínte amach leis na hAll Blacks.

Lena gceart a thabhairt dóibh, bhí feabhas suntasach ar chuile ghné eile de chur chuige na hÉireann ón gcluiche úd in Chicago, cé gur lig an pas deiridh síos iad cúpla babhta. Mar sin féin d’aimsigh siad sé úd agus níor ghéill siad ach ceann amháin.

Beidh gá leis an dul chun cinn céanna agus tuilleadh fós arís anocht agus iad ag dul chun páirce i Staid Aviva i gcoinne na hAstráile. Tá dhá chluiche caillte ag na Wallabies sna cluichí fómhair go dtí seo, ceann i gcoinne na Sasanach (25-7) agus ceann eile i gcoinne na nIodálach (26- 19) an Satharn seo caite, cailliúint a chuirfeas as go mór dóibh.

Tá sean-aithne ag na himreoirí seo ar a chéile. B’Éireannaigh cuid mhór den fhoireann a d’imir leis na Leoin agus iad ar cuairt chun na hAstráile cúpla mí ó shin. Is cinnte go mbeidh díoltas ar aigne na Wallabies agus iad fós faoi stiúir Joe Schmidt, fear a bhí i gceannais ar Éirinn tráth.

Bua, mar aon le leanúint leis an tógáil foirne a bheas ar intinn na hÉireann. Beidh na Springboks, curaidh an domhain, i mBaile Átha Cliath faoi cheann seachtaine agus ní fada uainn an comórtas Sé Náisiún sa mbliain nua.

Fág freagra ar 'Ní féidir na fadhbanna atá ag Éirinn a cheilt'