Ní féidir le leabhar ná cúrsa aon rud a réiteach mura mbíonn do chorp socair

Bíonn muid ag sodar i ndiaidh an dul chun cinn san intinn, nuair is sos agus sábháilteacht don chorp atá ag teastáil

Ní féidir le leabhar ná cúrsa aon rud a réiteach mura mbíonn do chorp socair

Má tá tú ag mothú traochta, teann, nó má bhíonn tú i gcónaí ag iarraidh breith suas leat féin, ní hionann sin agus laige.

Is minic gur comhartha é sin go bhfuil do chóras néaróg faoi bhrú le fada. Tar éis bliain a chaitheamh ag plé le héascú análaithe, thuig mé nach plean nua ná gealltanas úr an bealach is fearr chun an bhliain nua a thosú, ach moilliú síos, sos beag a thabhairt duit féin agus cluas éisteachta a thabhairt don chorp.

Nuair a thagadh strus nó imní orm roimhe seo, bhí nós agam níos mó a dhéanamh: leabhair nua a léamh, cúrsaí nua a dhéanamh, ceardlann eile…

Tá níos mó PDFanna agus dialanna bailithe agam ná ba mhaith liom a rá, gach ceann acu ag gealladh soiléireachta, suaimhnis nó tús nua. Ar feadh tamaill ghearr, bhíodh dóchas agam. B’fhéidir gurb é seo a chabhródh liom ar deireadh, a chreidinn.

Ach is í an fhírinne atá foghlamtha agam, go mall agus uaireanta go pianmhar, ná nach féidir le leabhar ná cúrsa aon rud a réiteach mura mbíonn an corp sábháilte agus socair ar dtús.

Go luath i mí Eanáir anuraidh, thug mé faoi deara na comharthaí arís: tuirse i ndiaidh na Nollag, guaillí teanna, agus intinn nach raibh in ann stopadh.

Thosaigh mé ag cuardach aipeanna nua, dialann álainn, rud éigin nua le héalú ón mothúchán sin. Faoi dheireadh na seachtaine, bhí mé níos tuirsí fós. Ní ón obair, ach ón iarracht leanúnach a bhí á déanamh agam breith suas liom féin. Bhí mé ag sodar i ndiaidh an dul chun cinn san intinn, nuair is sos agus sábháilteacht a bhí ó mo chorp.

Tarlaíonn sé seo do go leor daoine i gan fhios dóibh féin. Déanaimid iarracht an an mothú go bhfuilimid cloíte a shárú le níos mó smachta agus pleananna. Ach ní easpa iarrachta is cúis le bheith ag mothú cloíte. Is í an chúis atá leis ná córas néaróg sa gcorp atá faoi bhrú leanúnach le fada an lá.

Ó mo thaithí féin, go pearsanta agus go gairmiúil, d’fhoghlaim mé go dtagann an rialú roimh an réiteach. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh an corp a bheith ag mothú sábháilte agus seasmhach sula n-iarrtar air athrú, feidhmiú nó feabhsú. Is sna cleachtais bheaga laethúla a tharlaíonn sé sin.

Cleachtas simplí atá agam anois ná ‘seiceáil isteach’ le mo chorp ar maidin. Glacaim cúig nóiméad ciúin ag mothú cá bhfuil teannas sa chorp agus cá bhfuil sé ag iarraidh scaoileadh. Leathnaím m’anáil agus ligim don néarchóras an luas a roghnú.

Le dhá mhí anuas, tá snámh luath ar maidin le pobal chaifé Súil Eile Space mar ancaire agam. Táim ag snámh le blianta, ach mothaíonn na dips seo difriúil. Ní bhaineann siad le réiteach a lorg, ach faoi bhualadh leat féin san áit ina bhfuil tú. Sea, bíonn an leaba teolaí agus bíonn leithscéalta ag an intinn, ach téim ann fós. Tá cumhacht sa chiúnas sin a bhíonn ann ar maidin agus muid ag dul isteach san fharraige fhuar taobh le taobh. Le himeacht ama, bíonn an snámh agus an comhluadar ag cabhrú leis an gcorp fanacht sláintiúil.

Ní bhaineann sé seo le do shaol a athrú go hiomlán ná rud eile a chur le do liosta. Baineann sé le cleachtais bheaga a sheolann teachtaireacht shoiléir chuig an néarchóras: tá sé sábháilte moilliú síos.

Má tá tú ag mothú dóite amach nó i gcónaí ag iarraidh breith suas leat féin, bíodh a fhios agat seo: níl réiteach eile uait. Is é an freagra atá á lorg agat ná rialú a dhéanamh ar an gcorp ar dtús. Nuair a bhíonn an bunús sin ann, tagann soiléireacht, spreagadh, fócas agus fás go nádúrtha.

Tóg cúig nóiméad gach maidin chun éisteacht le do chorp; is ansin a thagann an tsoiléireacht agus an suaimhneas. Mar a deir an seanfhocal, ‘Tús maith leath na hoibre’.

– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tá tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar 'Ní féidir le leabhar ná cúrsa aon rud a réiteach mura mbíonn do chorp socair'