Ní fada go mbeidh an B-fhocal ag bagairt orainn uilig arís

Ó tháinig an fhírinne faoin mBreatimeacht chun solais, is follasaí ná riamh bundearcadh na mBreatimeachtóirí Sasanacha

Ní fada go mbeidh an B-fhocal ag bagairt orainn uilig arís

Dá mbeadh stuaim agus macántacht i réim i Sráid Downing, d’fhéadfaí a bheith réasúnta cinnte go ndéanfaí margadh Breatimeachta idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Faraor, ní léir a leithéid fós.

Ní dea-scéal ach a mhalairt a bhí ag an Tánaiste Simon Coveney agus cur síos á dhéanamh aige ag cruinniú rialtais inné ar an gcor is deireanaí sna cainteanna faoin mBreatimeacht.

Tá dlús á chur le pleanáil rialtais i gcomhair an Bhreatimeacht gan mhargadh, a dúirt sé, agus tá reachtaíocht á dréachtadh a rithfear mura mbeidh margadh déanta roimh an 31 Nollaig – an sprioc-am faoina gcaithfear é a chur i bhfeidhm.

Thart ar an am céanna, dúirt Stefaan De Rynck, príomhchomhairleoir idirbheartaí an AE, Michel Barnier, le comhdháil sa Bhruiséil nach raibh sé dóchasach go ndéanfaí aon dul chun cinn sna comhráite idir an dá thaobh an tseachtain seo chugainn.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis na comhráite (ar líne arís, mar gheall ar an víreas corónach) toisc nach mbeidh an dá thaobh ag labhairt lena chéile go foirmiúil roimh chruinniú mullaigh an AE ar an 18-19 Meitheamh.

Socraíodh roimhe seo, dá dteastódh síneadh ama ar idirthréimhse bhallraíochta na Ríochta Aontaithe, go gcaithfí socrú lena aghaidh a dhéanamh ag an gcruinniú mullaigh. Sin ráite, dúirt príomh-idirbheartaí na Breataine David Frost arís Dé Luain nach n-iarrfadh a rialtas síneadh agus nach nglacfaidís lena leithéid dá dtairgfí é.

D’fhéadfaí breathnú ar ráitis De Rynck agus Frost mar chuid den ghnáthchur i gcéill a chloistear sula ndéantar margadh ar bith. Ní foláir áfach cuimhneamh arís ar an atmaisféar aisteach agus an t-aineolas atá in uachtar i gcónaí sa Bhreatain.

Nuair a vótáil an Ríocht Aontaithe i bhfabhar an Bhreatimeachta in 2016, bhí formhór na bpolaiteoirí a mhol aistarraingt ón AE ag maíomh go mbainfeadh an Ríocht Aontaithe tairbhe eacnamaíochta as imeacht.

Ó tháinig an fhírinne (gur mó an dochar ná an sochar a dhéanfar) chun solais, is follasaí ná riamh bundearcadh na mBreatimeachtóirí Sasanacha.

Is mó a meas ar fhlaitheas an stáit ná ar a leas eacnamaíochta.

Má chuirtear a neamhaird ar fhíricí, chomh maith le heaspa tuisceana ar mheon cheannairí an AE san áireamh, is léir an chontúirt go bhfuil an Ríocht Aontaithe ag teannadh le Breatimeacht tubaisteach gan mhargadh. Go deimhin, dúirt feisirí parlaiminte agus tráchtairí éagsúla thall le gairid gur dóichí ná riamh, mar gheall ar an gcoróinvíreas, go ngéillfidh an tAontas d’éilimh na Breataine faoi dheireadh.

Ní chuimhníonn Boris Johnson ná a lucht leanúna riamh, is cosúil, ar an gcontrárthacht idir a n-éileamh go mbeadh “muinín” níos mó ag an AE as an mBreatain agus an lagchomhlíonadh atá á bhagairt acu fós ar an gcomhaontú a rinneadh maidir le Tuaisceart Éireann. Ná ar an amhras a chothaíonn a leithéid sa Bhruiséil.

Má chuirtear sa mheá freisin an míshásamh a spreag (a) cur chuige mall éidreorach an rialtais i Londain ó thosaigh ráig an choróinvíris agus (b) neamhaird mhínáireach chomhairleoir an phríomh-aire Dominic Cummings ar rialacha sláinte an rialtais, is follasaí an fonn a bheidh ar Johnson brú ar aghaidh gan mhoill leis an mBreatimeacht.

Más Breatimeacht tubaisteach gan mhargadh a bheas mar thoradh ar an ealaín seo, oirfidh sé do rialtas na Breataine an milleán, nó cuid mhór de, a chur ar an víreas corónach.

Faraor, mar sin, tá Boris Johnson ag teannadh le rogha a dhéanamh idir beartas mí-ionraic agus beartas gan chiall (gan chiall, is é sin le rá, seachas a leas pearsanta gan scrupall) ó thaobh leas a thíre de.

Má thoilíonn sé faoi dheireadh glacadh leis an gcuid is mó den mhargadh a thairgfear dó, agus a mhaíomh ina dhiaidh go bhfuair sé an ceann is fearr ar an AE, beidh an t-ádh orainn.

Ná cuir geall air.

Fág freagra ar 'Ní fada go mbeidh an B-fhocal ag bagairt orainn uilig arís'

  • Des O Murchu

    Beidh siad boxxxxd!