Tá a fhios agam nach dtaitníonn sé an teachtaireacht le roinnt mhaith daoine, ach an córas rachmais san Eoraip i ngéarchéim, is níl bhfuil tuairim dá laghad ag ceannairí móra na hEorpa cén chaoi le teacht as an ngéarchéim nó stop a chur leis an meath.
Tá an Fhrainc agus an Iodáil báite i bhfiacha. Tá táirgiúlacht gach ballstát ag dul síos agus tá cúlú eacnamaíochta sa Ghearmáin, príomh-inneall na hEorpa.
Tá dhá phríomhchúis leis seo. An chéad cheann, na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise a bhrúigh méadú faoi dhó ar phraghas breosla, a ghoill ar thionscail agus ar ghnáthshibhialtaigh araon.
Ach níos tábhachtaí chaill an Eoraip rás na nuálaíochta, a thug an tSín agus Meiriceá leo. Agus chailleadar toisc go gcleachtann an Eoraip an nua-liobrálachas i ngach gné den gheilleagar, ag séanadh aon ról lárnach a ar an stát.
Sa tSín agus i Meiriceá – tír amháin mar mháistir an rachmais agus tír eile ag iarraidh bunús láidir eacnamaíochta a chruthú ar mhaithe le cumannachas a bhaint amach – an stát atá sa phríomháit maidir le taighde nuálaíochta, agus an stát a íocann cuid mhaith den chostas freisin.
Tá an meath sin le tabhairt faoi deara sa bhail atá ar dhá chomhlacht Eorpacha a bhí ina bhfathaigh tráth: Bosch agus Merck.
Ba é Bosch an comhlacht ba láidre a bhíodh ag táirgeadh páirteanna do charranna. Ach d’fhan Bosch le carranna den seandchineál agus iad ag obair ar bhreosla iontaise, nuair a ghlac an tSín máistreacht ar charranna leictreacha.
Anois tá earraí na Síne níos fearr agus níos saoire ná earraí Bosch.
Tá Bosch anois ag iarraidh €2.5 billiún de laghdú a dhéanamh ar a gcuid costas, agus ciallaíonn sé sin go bhfuil na mílte oibrithe chun a gcuid jabanna a chailliúint.
I gcás Merck níor éirigh leis an gcomhlacht fanacht chun cinn i réimse na cógaisíochta. Arís tá an tSín chun tosaigh san earnáil nua seo, is tá saotharlann Merck sa mBreatain le dúnadh agus iad ag cur an mhilleáin ar easpa infheistíochta i réimse na n-eolaíochtaí bitheacha.
Samplaí iad an dá chomhlacht seo den mheath atá ag teacht ar rachmas na hEorpa. Ach, má tá rachmas na hEorpa i dtrioblóid, agus tá, bheifeá ag ceapadh go mbeadh páirtithe ar an eite chlé ag baint buntáiste as sin, agus iad ag cur an tsóisialachais ar aghaidh mar rogha ar an rachmas. Ach ní mar sin atá.
Tá an dá ghné den eite chlé mar a bhíodh san Eoraip i lag trá. Tá inchreidteacht na bpáirtithe cumannacha imithe le teip an Aontais Shóivéadaigh, agus tá páirtithe a bhíodh láidir tráth, ar nós Pháirtí Cumannach na Fraince, in ísle brí cé go bhfuil páirtithe fós ann atá níos láidre, sa bPortaingéil agus sa nGréig go háirithe.
Maidir leis na páirtithe daonlathacha sóisialta, d’éirigh siadsan as aon chineál sóisialachais a chur chun cinn na blianta ó shin. Tá iarsma den seandearcadh fós sa
Spáinn, ach den chuid is mó is cuid den Bhunaíocht iad, gafa ag an nua-liobrálachas agus iad níos liobrálaí i bhfad ná ná na sóisialaithe.
Agus toisc go bhfuil an aicme oibre tréigthe acu tá siadsan tréigthe freisin ag an aicme oibre, atá meallta níos mó ar pháirtithe na heite deise i bhfad amach, ar nós Reform i Sasana nó AfD sa nGearmáin. Fiú sna tíortha Lochlannacha tá an ciníochas ag dul i méad.
San Eoraip ar fad, toisc nach bhfuil na páirtithe ar ‘clé’ sásta guth a thabhairt do mhianta is d’ábhair bhuartha na haicme oibre, fágtar ag lucht an chiníochais iad.
Anseo in Éirinn, níl sna páirtithe ciníocha ach rud imeallach. Is fiú a thabhairt faoi deara, ámh, go ndíríonn na páirtithe sin a gcuid feirge ar Shinn Féin, atá ag iarraidh cearta na haicme oibre a chur chun cinn, níos mó ná ar Fhianna Fail nó ar Fhine Gael, páirtithe atá freagrach as teip an pholasaí tithíochta, as na scuainí fada sa
tseirbhís sláinte, as arduithe ar an gcostas maireachtála is as an iliomad fadhb eile a bhíonn ag an ngnáthdhuine.
Ag cosaint an rachmais in ionad é a ionsaí atá na páirtithe ciníocha in Éirinn.
Tá ceacht soiléir ann. Ní eite chlé go eite chlé a oibríonn ar son na haicme oibre: jabanna, coinníollacha oibre, costas maireachtála, tithíocht, seirbhísí – sin iad na téamaí is cóir a bheith ag aon pháirtí a thugann páirtí den eite chlé air féin.
Éirídís as leithscéal a ghabháil. Éirídís as a bheith ag lútáil ar na meáin oifigiúla. Éirídís as a bheith ina ngiollaí ag an rachmas. Caithfear inimirce a phlé go hionraic agus gach aon cheist shóisialta eile, ag seachaint an chiníochais agus an ghráin, ach ag tabhairt guth don aicme oibre freisin.
Fág freagra ar 'Ní eite chlé go eite chlé a oibríonn ar son na haicme oibre'