Bhí téama neamhghnách ag Seachtain an Cheoil i mbliana – ‘Invasion of the Baltics’. Ní raibh a fhios ag an lucht eagraithe go mbeadh an téama sin chomh gar don chnámh is a bhí. Le tamall maith roimh an bhféile cheoil, ní raibh lá ann nach raibh caint ann faoi ionradh dróin nó a leithéid sna tíortha sin.
Agus toisc nach bhfuil mí caite fós ó d’fhill mé féin ó na críocha sin, bhí cineál suim agam sa téama agus mé ag bualadh isteach chuig na hócáidí éagsúla ag tús na féile ‘Ireland Music Week’.
Cara liom ón gclub bád dragan í Angela Dorgan atá i mbun na féile seo ó 2003 i leith. Maithfidh sí dom é má luaim gur deirfiúr í leis an bhfile Theo Dorgan. Ní bheadh éinne ag déanamh iontais de gur scothchainteoir í agus gur duine í atá sáite is saol na n-ealaíon. (Bhí sí ag ceiliúradh freisin fógra an Aire Patrick O’Donovan go leanfadh sé ar aghaidh leis an íocaíocht ioncaim d’ealaíontóirí a raibh sise agus daoine atá páirteach sa bhfeachtas ar a son).
Agus muid ag smaoineamh ar dhuine eile a bhí sáite i saol an chultúir agus an nádúir, Manchán Magan, go ndéana Dia grásta air, tá sé tráthúil go mbeimis ag ceiliúradh na ndaoine sin a chaitheann a saol ag déanamh rudaí maithe ar son an chultúir.
Chuir Angela roimpi mar aidhm na blianta fada ó shin go ndéanfadh sí beart ar son ceoltóirí agus bannaí ceoil, agus go gcabhródh sí leo dul chun cinn a dhéanamh sa saol, taobh amuigh den ghig aonair, nó taobh amuigh den seomra cleachtaidh.
Bhunaigh sí comhlacht ar tugadh ‘First Music Contact’ air agus chuile bhliain eagraíonn sí féin agus buíon oibrithe agus daoine eile an fhéile ‘Ireland Music Week’. I rith an chúpla lá a mbíonn an fhéile ar siúl i mBaile Átha Cliath bíonn seans ag ceoltóirí – ceoltóirí óga den chuid is mó – casadh le daoine mór le rá i saol an cheoil. Bíonn léiritheoirí agus láithreoirí raidió ann, bíonn DJs ó thíortha eile ann, bíonn eagraithe féilte idirnáisiúnta ann agus bíonn ionadaithe ann ó eagrais chultúrtha a thacaíonn leis an bhféile, amhail an Chomhairle Ealaíon agus Culture Ireland. I mbliana bhí ceannasaí na Féile Ceoil is cáiliúla ar domhan – South by Southwest – i láthair.
Ar ndóigh bíonn comórtas géar i gceist le bheith páirteach sa bhféile – caithfidh ceoltóirí dul in iomaíocht lena chéile chun cuireadh a fháil ann. As na 700+ iarratas a fuaireadar, roghnaíodh 50 ceoltóir nó banna le páirt a ghlacadh inti. Is iontach go deo an deis a fhaigheann siad a gcuid ceoil a chur os comhair na ngníomhairí sin ar fad agus b’fhéidir deis a fháil páirt a ghlacadh i bhféile idirnáisiúnta nó fiú gníomhaire dá gcuid féin a aimsiú le linn na féile i mBaile Átha Cliath.
Chas mé le beirt bhan óg ‘June Carousel’ a bhí ar bís an chéad oíche. B’as Beirlín na Gearmáine duine acu agus b’as Ros Comáin an bhean eile (b’as Bealach a’ Doirín a máthair – táimid i ngach áit!). Sa nGearmaín den chuid is mó a bhíonn siad ag casadh ceoil agus bhí súil acu dul chun cinn a dhéanamh de bharr a bheith páirteach san ócáid seo.
Bíonn coirmeacha ceoil in ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath le linn na féile agus seans ag na bannaí iad féin a chur os comhair an phobail beo ar an stáitse. Liosta le háireamh na daoine cáiliúla a fuair lámh chúnta ón ócáid agus ón eagraíocht seo, agus iad ar a mbealach go dtí stáitsí an domhain – leithéidí CMAT, Hozier, Pillow Talk agus go leor leor eile.
Agus céard faoi na tíortha Baltacha? a deir tú. Bhí fothéama ag Angela i mbliana don fhéile: ‘A Mheiriceá, nílimid tite amach leat, ach táimid ag casadh le daoine eile’. Tugadh cuireadh do dhaoine as tíortha Mhuir Bhailt páirt a ghlacadh sa bhféile agus glacadh go fonnmhar leis an gcuireadh. Tháinig roinnt mhaith daoine ón earnáil sna trí thír agus rinne cuid acu píosa cainte ag an seoladh.
“Aithníonn muid Éire mar an ceathrú tír Bhaltach,’ a dúirt duine acu ón stáitse. Tá an ceol thar a bheith tábhachtach do dhaoine sna tíortha sin. Ní hé amháin go bhfuil sé fíorláidir sa chultúr ach bhí sé de dhlúth agus d’inneach sa Réabhlóid ansin nuair a fuaireadar neamhspleáchas sa mbliain 1991. Bhí ócáid amháin i 1988, le linn na réabhlóide ‘síochánta’ nuair a tháinig 200,000 duine le chéile i dTaillinn agus iad ag canadh amhráin i dteanga na hEastóine. Aithníodh é mar shiombail láidir ar son an neamhspleáchais ón Aontas Sóivéadach.
Agus tá cosúlachtaí go leor idir an tír s’againne agus tíortha Mhuir Bhailt, mar a d’inis ambasadóir na Laitva, Juris Stalmeistars, dom. Tíortha beaga, a raibh eacnamaíocht lag iontu gur thosaigh siad ag déanamh dul chun cinn nuair siad a fuair gríosadh agus cabhair ón Aontas Eorpach ón uair a ndeachaigh tíortha Mhuir Bhailt isteach san aontas in 2004.
D’inis mé dó go raibh mé ar cuairt chuig na trí thír sin (An Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin) le gairid agus go ndeachaigh an dul chun cinn eacnamaíoch go mór i bhfeidhm orm.
Ach ná tugadh éinne ‘Oirthear na hEorpa’ orthu a thuilleadh.
Ní maith leo go mbreathnófaí orthu mar thíortha atá amuigh ‘ar an imeall’ agus a bhfuil blas an oirthir ag baint leo. ‘Tugaimid ‘An Eoraip Thuaidh’ ar an gceantar ina bhfuilimid suite,’ a dúirt an t-ambasadóir liom. ‘Tá ár bhfócas anois ar an réigiún sin, seachas ar ‘thoir’ nó ‘thiar.’
Agus ár n-aird ar an gcontúirt atá ag bagairt ar na tíortha sa réigiúin sin anois (bhí ionradh dróin ar an Ghearmáin freisin an tseachtain sin) ní haon iontas go mbeidís ag smaoineamh ar sheasamh le chéile agus cúnamh a thabhairt dá chéile.
Dúirt an t-ambasadóir Stalmeistars liom nach í an chontúirt ón oirthear an t-aon bhagairt atá orthu na laethanta seo – tá a n-aird dírithe ar Mheiriceá freisin agus ar chúrsaí trádála. Chonaic sé cosúlachtaí go leor idir muidne agus iadsan sa mhéid sin freisin.
Bhain an dream ó thíortha Mhuir Bhailt an-cheart as an nath cainte a chuala siad maidir leis an aimsir. ‘Sea,’ a dúirt Angela leo. ‘Abraíonn muidne ‘It’s Baltic’ nuair a bhíonn aimsir an-fhuar againn in Éirinn.’ Cheapadar gur ag magadh a bhí sí.
Ar aon nós tá féith an ghrinn iontu – thugadar 50 kilo de chlócaí báistí leo mar bhronntanais do na daoine a bhí ag freastal ar ‘Ireland Music Week’.
Agus ‘It’s B-B-B-Baltic’ scríofa ar chúl gach clóca acu.
Fág freagra ar '‘It’s Baltic!’ – bhain muintir thíortha Mhuir Bhailt an-cheart as féile cheoil i mBaile Átha Cliath'