Ní do mhamó amháin an cairdeagan – seo rogha de sheacht gcinn

An cairdeagan - rogha de sheacht gcinn atá molta ag ár gcomhfhreagraí ar phraghsanna éagsúla idir €15 agus €76

Ní do mhamó amháin an cairdeagan – seo rogha de sheacht gcinn

Samhlaítear an cairdeagan de gnáth le daoine atá ag dul in aois agus tráth den saol bheifí ag súil gur ar mhamó is túisce a d’fheicfí ceann seachas mar fheisteas faiseanta ar mhná níos óige. Ba cheart dom a rá nach bhfuil aon mhasla i gceist agam anseo do mhamónna mar is minic iad chun cinn i gcúrsaí stíle agus faisin.

Ach tá athrú ar stádas an chairdeagain le tamaillín anuas agus é aitheanta anois mar bhall éadaigh a bhfuil seasamh nua aige i measc glúin níos óige.

Na dearthóirí móra le rá – Prada, Gucci agus Balenciaga – is cúis leis an athrú stádais agus leaganacha dá gcuid féin den chairdeagan curtha ar an margadh le gairid acu. Dá thoradh sin, tá cairdeagain ar fáil go forleathan i siopaí éadaigh ar fud na háite anois.

Cairdeagain ollmhóra is mó atá sa bhfaisean agus is féidir iad a chaitheamh mar mhalairt ar sheaicéid leathair nó deinim le do rogha féin de jíons, sciorta nó gúna. Tá leaganacha éadroma ar fáil freisin ar féidir iad a shá isteach i jíons le básta ard ach is iad na cinn ollmhóra is fearr liom féin, go háirithe le t-léine agus jíons caola 

Ar fhir amháin a bhíodh na cairdeagain i dtús aimsire agus deirtear gur ainmníodh an ball éadaigh seo i gcuimhne ar fhear ar leith a chaitheadh a leithéid go rialta, an tIarla Cardigan, oifigeach in arm na Breataine a throid sa chath cáiliúil ar an dtugtar The Charge of the Light Brigade i gCogadh an Chrimé sa bhliain 1854. 

An dearthóir Coco Chanel is túisce a thug stádas dóibh mar earra faisin do mhná agus tá siad ag teacht agus ag imeacht i saol an fhaisin ó shin i leith.

Seo iad na seacht gcinn is fearr a thaitin liom féin astu sin atá sna siopaí faoi láthair agus iad ar fáil ar phraghsanna éagsúla idir €15 agus €76.

 

Cairdeagan ollmhór liath ó Topshop ar €57

Choinneodh an cairdeagan mór scaoilte seo tú breá teolaí agus tá an dath liath ar cheann de na dathanna is mó éileamh an séasúr seo.

 

Cairdeagan olla ó & Other Stories ar €69

Is breá liom an dearadh agus na cnaipí blaosc toirtíse ar an gceann seo a bhreathnaíonn iontach sáite síos i do chuid jíons. Tá an ceann seo ar fáil ar dhath donn freisin.

 

Cairdeagan uaine go rúitín ó ASOS ar €52.54

Fad an chairdeagain seo a mheall mé féin ar dtús agus is cinnte go mbeifeá te teolaí ann. Is ionann an ceann seo a chaitheamh agus fallaing sheomra a bheith ort!

 

 

Cairdeagan v-mhuiníl gorm ó boohoo ar €15

Seo an ceann de na cinn is saoire is mó thaitin liom agus é deas éadrom. Ní móide go gcoinneodh an ceann seo te thú ach tá sé faiseanta agus stíl chlasaiceach atá ann.

 

Cairdeagan bán scaoilte ó Zara ar €39.95

Tá an ceann seo le fáil i ndath uaine freisin agus is é an dath bán mo rogha féin. Taitníonn an bheilt go mór liom agus fágann sé cruth as an ngnáth ar an gcairdeagan álainn seo.

 

Cairdeagan gearr ar dhath an chamaill ó H&M ar €34.99

Taitníonn an dath seo go mór liom agus tá an ceann seo le fáil ar dhath liath freisin.  Bheifeá compordach agus réchúiseach sa gceann seo!

 

Cairdeagan fada bándearg ó Lost Ink ar ASOS ar €76.04

Seo an ceann is daoire a roghnaigh mé agus cé nach samhlaítear an dath bándearg leis an ngeimhreadh sílim go gcuirfeadh an ceann seo beocht bhreise in aon rogha feistis. Bheadh sé feiliúnach freisin san earrach agus sa samhradh.

Fág freagra ar 'Ní do mhamó amháin an cairdeagan – seo rogha de sheacht gcinn'