Ní chuireann sé a dhath as dom cúpla uair an chloig a chaitheamh ag póirseáil d’fhreagra na ceiste is fánaí

Ní fada ó ghlaoigh fear orm ag fiafraí meas tú cén dath a bhí ar gheansaithe pheileadóirí a chontae sna 1930idí agus chaith mé in aer a raibh de chúram eile orm agus thug cuid mhaith de lá do mo chiapadh féin agus daoine eile go bhfuair mé freagra

Ní chuireann sé a dhath as dom cúpla uair an chloig a chaitheamh ag póirseáil d’fhreagra na ceiste is fánaí

Sean Boylan Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Ní haon nuacht daoibh a chloisteáil faoi seo go mbainim an-sásamh agus solamar as a bheith ag póirseáil trí shean-nuachtáin, seanchláracha agus rudaí eile go leor nach é chuile dhuine a chuirfeadh suim iontu. Sin é mo nádúr, i bhfad níos mó luí agam leis an obair sin ná atá le Netflix, Twitter, TikTok, Pinterest, an Dow Jones, Bitcoins ná seafóideacha eile dá gcineál.

Bheadh sé ag dul beagán thar fóir Néandartálach a thabhairt orm. Ghlacfainn go fonnmhar le ‘duine den seansaol’.

Agus a chead sin acu, san áit a mbíonn dream eile faoi gheasa ag an liosta atá luaite thuas is é an rud is fánaí ar bith a chuireann bís ormsa. An t-aon ghrianghraf a tógadh ariamh de mo sheanathair, nach raibh a fhios agam a leithéid a bheith ann go dtí le gairid. Daoine a bhíonn in ann ainm a chur ar na carachtair ba mhó sa tsraith teilifíse The Virginian (1962-1971), nó a mbeadh sé de chuimhne acu cén t-ainm a bhí ar an teach ósta i Glenroe (Teasy McDaid’s).

B’fhearr liom uair an chloig cois cuntair ag caint le mo chomrádaithe scoile faoi eachtraí seafóideacha a tharla le linn ár n-óige ná gach a bhfuil tagtha de scannáin as Hollywood agus Bollywood eatarthu. Is iad na rudaí beaga is fánaí dá bhfuil a thugann sásamh intinne dom.

Minic go leor is é tóraíocht an ghadhair gan fios a dhatha a bhíonn i gceist.

Ní fada ó ghlaoigh fear as lár tíre orm ag fiafraí meas tú cén dath a bhí ar gheansaithe pheileadóirí a chontae sna 1930idí. Chaith mé in aer a raibh de chúram eile orm agus thug cuid mhaith de lá do mo chiapadh féin agus daoine eile go bhfuair mé freagra.

Chuir mé fear na ceiste ar an eolas agus d’fhiafraigh mé de faoin gcúis ar theastaigh a leithéid uaidh. Dúirt sé gur chuala sé ráite go mba iad dathanna chlub a pharóiste féin ag an am a bhí orthu. ‘Cén dath a bhí ansin?’ a deirimse.

Ní raibh a fhios aige.

Dá dhonacht an scéal sin ar a laghad bhí Mac Uí Ghúgail ar an saol le lámh chúnta a thabhairt dom. Ní nach raibh ann nuair a ghlaoigh an teileafón i m’oifig i Raidió na Gaeltachta maidin Luain fadó ag déanamh ar mheán lae – an ceann a bhí ceangailte leis an mballa agus leagtha ar an deasc atá i gceist agam. Ní raibh a mhalairt le fáil ag an am.

Tábhairneoir as Cathair na Gaillimhe a bhí ann, fear a bhí i ndeireadh foighne, bodhraithe le dhá uair an chloig ag beirt phótairí ag sárú faoin mbainisteoir a bhí ar pheileadóirí chontae na Mí sula ndeachaigh Seán Boylan i gceannas orthu. Iad ag éirí níos glóraí de réir mar a bhí siad ag slogadh.

Ag an am bhí ar a laghad 18 bliain caite ag an mBaolánach sa gcúram – Craobh na hÉireann buaite ag a fhoireann trí huaire, ina dtánaistí trí huaire eile, 71 cluiche craoibhe imeartha acu agus gan caillte acu ach timpeall deich gcinn.

Ní fhéadfá dhá abairt chainte a dhéanamh faoi pheil na Mí ag an am gan ainm Sheáin Boylan a lua. Bhí sé chomh fite fuaite sin le béaloideas na peile go raibh baol ann go mbeadh dearmad déanta, fiú ag an té a chuaigh roimhe go raibh sé féin sa bpost lá dá raibh.

‘Maith an fear faigh amach an méid sin agus beidh beagáinín suaimhnis agam,’ a deir an tábhairneoir.

Mo dhúshlán tugtha agus le grá don réiteach, chuaigh mé tríd an mbeagán de na leabhair thagartha agus den seanpháipéarachas a bhí san oifig. Ghlaoigh mé ar chúpla iriseoir sna nuachtáin áitiúla agus náisiúnta a raibh aithne agam orthu, ach b’in a raibh ar a shon agam. Ní bhíodh fear an Meath Chronicle san oifig ar an Luan.

Chuimhnigh mé ansin go raibh aon duine amháin go cinnte a mbeadh freagra na ceiste aige. Fear a raibh Liam Ó Cráibhín mar ainm air agus tréimhse i bhfad níos faide caite aige mar rúnaí ar Choiste Contae na Mí ná a bhí caite ag Seán ina bhainisteoir.

Bhí aon deacracht bheag amháin leis sin – bunmhúinteoir ab ea Liam agus bhíodh sé idir a ceathair agus a cúig a chlog tráthnóna faoin am a mbaineadh sé an baile amach. Ní raibh ann ach go gcaithfeadh fear na Gaillimhe cur suas leis an racán tamaillín eile.

‘Mick O’ Brien is ainm don fhear atá i gceist agat. D’imir sé don chontae sna 1960idí,’ a deir Liam, nuair a d’éirigh liom greim a fháil air faoi dheireadh.

Ar mo thábhairneoir a rinne mé an chéad ghlaoch eile ag súil go mbeadh faoiseamh éicint le fáil aige as mo chuid eolais agus beagán buíochais ag dul dom féin.

Ach, níor chuimhnigh mé go raibh acmhainn eile aige siúd a bhí níos cumhachtaí ná an chuimhne chéadach, an fhiosracht ná an cumas teagmhála.

‘Go raibh maith agat a Mhártain, ach bhíodar ag cur an oiread sin de chantal orm gur bheáráil mé iad achar gairid tar éis dom glaoch ort!’

Sé an rud nach dtuigim faoin scéal go mba fíorbheagán múisiam a chuir sin orm ná go deimhin scéalta eile mar é a bhain minic go maith dom.

Fós tagann troigh de orm má chaithim a dhul ag cuartú eochracha an chairr, mar a dhéanaim trí huaire sa ló. Cuir troigh eile cantail leis sin na seacht ngeábh a shiúlaim an teach ar thóir mo chuid spéacláirí.

Ar an taobh eile den scéal ní chuireann sé a dhath as dom cúpla uair an chloig a chaitheamh ag iarraidh a dhéanamh amach céard a tharla don Princess Maud a thug na scórtha míle imirceach as Dún Laoghaire go Holyhead [Caergybi] idir 1947 agus 1965 agus atá luaite in amhráin ‘Mo Mhéit’ ag John Beag.

(Chaith sí 3 bliana ina dhiaidh sin ina bád farantóireachta idir oileáin na Gréige, áit ar tugadh an Venus uirthi; ina dhiaidh sin arís cóiríodh í agus bhí sí ina bád lóistín ag oibrithe bádchlóis i gCóbanhávan nó gur streachlaíodh ó chéile í i 1973).

Is fada an fanacht a bheadh ort leis an eolas tábhachtach sin a fháil ó Tik Tok nó ar Netflix!

Fág freagra ar 'Ní chuireann sé a dhath as dom cúpla uair an chloig a chaitheamh ag póirseáil d’fhreagra na ceiste is fánaí'

  • Maria Kelly

    B’é Mick O’Brien a bhí i gceannas ar fhoireann na Mí nuair a fuair siad an lámh in uachtar ar Bhaile Átha Cliath chun an tsraith peile a bhuachan sa bhliain 1975. Cónaíonn sé i mo cheantar féin sa Mhí. Is “legend” é Mick