D’impigh leasuachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Kamala Harris ar Hamas glacadh láithreach le sos comhraic sé seachtaine a d’fhágfadh go bhféadfaí tuilleadh cúnaimh a thabhairt do mhuintir na Palaistíne.
D’achainigh Harris go láidir ar Iosrael níos mó a dhéanamh chun cúnamh daonnúil a chur ar fáil do Stráice Gaza, mar a bhfuil, a dúirt sí, “géarchéim dhaonnúil” ag tarlú.
Tá na céadta míle duine i mbaol gorta sa Phalaistín de dheasca an chogaidh ar cuireadh tús leis cúig mhí ó shin.
“Mar gheall ar cé chomh mór is atá daoine ag fulaingt in Gaza, caithfidh sos comhraic a bheith láithreach ann,” a dúirt leasuachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá.
“Tá margadh ar an mbord agus, mar a dúramar, caithfidh Hamas glacadh leis an margadh sin. Bíodh sos comhraic againn.
“Tá daoine in Gaza ag fáil bháis leis an ocras. Mídhaonnacht atá i gceist le cúrsaí mar atá agus is í ár ndaonnacht choiteann a thugann orainn gníomh a dhéanamh. Caithfidh Rialtas Iosrael i bhfad níos mó a dhéanamh chun cur leis an soláthar cúnaimh. Ní ceadmhach leithscéalta.”
Thacaigh Harris le héileamh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden ar shos comhairc sé seachtaine faoina scaoilfí saor gialla a fuadaíodh in ionsaithe Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair seo caite mar mhalairt ar oscailt trasbhealaí teorann le níos mó cúnaimh a scaoileadh isteach in Gaza.
Bhí caint Harris ar cheann de na ráitis is láidre ag polaiteoir sinsearach i rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá ó thosaigh an choimhlint seo inar maraíodh os cionn 30,000 Palaistíneach, de réir fhigiúirí na n-údarás sláinte, a bhfuil Hamas i gceannas orthu.
Dúirt Harris go raibh an méid a bhí ag tarlú “gach lá” in Gaza “uafásach”.
Tá cruinniú inniu ag an Leas-Uachtarán le Benny Gantz, duine d’oifigigh shinsearacha chomh-aireacht chogaidh Iosrael.
Meastar go bpléifear ag an gcruinniú éileamh Harris go rachfaí i ngleic leis an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza.
Pádraig
Is maith an rud é go bhfuiltear ag cur brú ar Hamas anois seachas an milleán agus an fhreagracht ar fad a chur ar Iosrael. Óir ba é Hamas a chuir tús leis an tubaiste is déanaí seo sa Mheánoirthear nuair a rinne siad slad ar shibhialtaigh Iosraelacha ar an 7ú Deireadh Fómhair. Thuig siad go mbeadh freagra fíochmhar ann ó Iosrael air seo agus gurb iad muintir Gaza is mó a bheadh thíos leis ach rinne siad an slad ar aon nós. Cé go raibh gréasán fairsing tollán tógtha acu a d’fhéadfadh foscadh a thabhairt do shibhialtaigh, níor lig siad do ghnáthmhuintir Gaza na tolláin chéanna a úsáid chun éalú ó bhuamaí an IDF. Go deimhin, tá gach cuma ar an scéal go ndearna Hamas a ndícheall gan ligean na sibhialtaigh éalú ón láthair chogaíochta mar gur mhian leo pobal Gaza a úsáid mar sciath daonna i gcoinne an IDF agus ar an gcaoi sin cur le líon na marbh. Thuig siad go gcuirfeadh bás na sibhialtach déistean ar an bpobal idirnáisiúnta le gníomartha Iosrael. Agus cé go raibh stoc-charn bia agus leighis ag Hamas sna tolláin, níor roinn siad sin leis an ngnáthphobal ach an oiread. Go deimhin, bíonn Hamas ag goid cúnamh daonnachtúil ó na carthanachtaí chun gur féidir leo leanúint ar aghaidh leis an gcogaíocht in aghaidh Iosrael.
D’fhéadfadh Hamas deireadh a chur leis an slad trí na gialla a scaoileadh saor agus trína gcuid airm a thabhairt suas. Iadsan is mó is cúis le fulaingt agus cruatan mhuintir Gaza faoi láthair. Bhí caidrimh idir muintir Gaza agus Iosrael ag dul i bhfeabhas roimh an 7ú Deireadh Fómhair agus normálú á dhéanamh ar Iosrael sa Mheánoirthear, rud nár thaitin le Hamas mar nach nglacann siad le Giúdach ar bith a bheith beo ar thalamh na Palaistíne (i.e. tá siad ag iarraidh na Giúdaigh ar fad in Iosrael a mharú agus an talamh ar fad a bheith acu dóibh féin).
Tá súil agam go bhfaighfear réidh le Hamas i ndiaidh an bhabhta cogaíochta seo agus go mbeidh todhchaí níos gile ann do mhuintir Gaza dá bharr.
jpmorley0@gmail.com
Tá agus bhí gach aon cheart ag Iosrael dul i ndiaidh Hamas, gan aon agó. Is sceimhlitheoirí iad.
An bhfuil an ceart céanna acu dearg-ár a imirt ar leanaí, máithreacha, seandaoine, daoine éislinneacha srl (30000++ go nuige seo) ón aer, ón bhfarraige agus ar an talamh de ló is d’oíche, ón 7 Deireadh Fómhair seo caite gan stad? Cén áit go díreach atá sábháilte os cionn na talún nó féna bhun? Na háiteanna sin go léir a ndúradh leo bheith sábháilte roimhe seo, an ea? Cá rachaidh beagnach dhá mhilliún daoine i bhfolach ón sceimhle agus ón marú? Ó tá rogha eile anois acu, an ea, na tolláin? In éineacht le Hamas?? Beidh siad sábháilte ansin ar aon dul leis na gialla a maraíodh chomh maith? Cén fáth a bhfuil gorta ann ? Cé dúirt nach ligfear “bia, breosla, uisce ná aibhléis leis na hainmhithe daoine seo”? An mbeidh an IDF flaithiúil go leor agus sásta bia, uisce nó cógais a roinnt leo? Nó gan gadaíocht agus bradaíocht a dhéanamh ar dhaoine bochta? Gan a gcuid áirnéisí, a gcuid talún a ghoid? Nó GAN iad a bhuamáil nó a lamhach le linn dóibh bheith ag dul sa tóir ar bhunriachtanaisí na beatha in airde ar thrucailí srl? An ligfidh siad do na fíorbhochtáin seo atá ag siollagar leis an ocras an méid sin féin a dhéanamh? Bhí muintir Gaza an-sásta maireachtáil i gcampa géibhinn? Cur suas leis an úirísliú, an bhrúidiúlacht, na maslaí, an ciníochas, an tséirseáil, an t-imeallú, an apartheid laethúil gach uile lá dá saol? Cén fhéachaint suas sa saol a bhí, atá nó a bheidh acu sa ‘todhchaí níos gile’ sin adeir tú, nuair atá smionagar agus léirscrios déanta de Gaza ó bhun barr? Cén léas dóchais atá acu istigh i lár an áir?
Pádraig
A JP Morley, tuigimid ar fad go bhfuil scrios agus ár ag tarlú agus is tragóideach an rud é ach cé a chuir tús leis an mbabhta cogaíochta seo is déanaí? Hamas. Faoi mar a dúirt mé, thuig siad go mbeadh freagra fíochmhar ann ó Iosrael tar éis an 7ú Deireadh Fómhair agus bhí siad sásta pobal Gaza a íobairt ‘ar son na cúise’. Ba mhian leo ár agus scrios a dhéanamh ar Ghiúdaigh agus cogadh bolscaireachta a fhearadh i gcoinne Iosrael ina dhiaidh sin tríd an milleán ar fad a chur na hIosraelaigh as an tubaiste a lean in Gaza.
Deir tú gur ‘campa géibhinn’ a bhí in Gaza roimh an 7ú Deireadh Fómhair – bhuel, más fíor duit (rud nach dtagaim leis), cé atá freagrach as? Cé a bhí i gceannas ar an stráice ó tharraing na hIosraelaigh amach as an áit beagnach 20 bliain ó shin? Cad a rinne Hamas chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine ó shin i leith? Cad a rinne siad leis na múrtha airgid a fuair siad mar chúnamh daonnachtúil? Seachas coinníollacha saoil an phobail a fheabhsú agus an t-airgead a infheistiú in infreastruchtúr agus i seirbhísí poiblí, etc. is é a rinne siad ná tolláin a thógáil, pá a íoc lena dtrodaithe agus airm a cheannach chun go bhféadfaidís leanúint leis an gcogadh in aghaidh na nGiúdach.
Faoi mar a dúirt mé, d’fhéadfadh Hamas deireadh a chur leis an slad trí na gialla a scaoileadh saor agus trína gcuid airm a thabhairt suas. Dá bhrí sin, is iadsan is mó is cúis le fulaingt agus cruatan mhuintir Gaza faoi láthair. Ach tá léirithe acu arís is arís eile gur cuma leo dáiríre faoi phobal Gaza – tá fuath chomh mór sin acu do na Giúdaigh go bhfuil siad sásta ár agus scrios a tharraingt ar a bpobal féin seachas ligean do na Giúdaigh maireachtáil faoi shíocháin ina stát féin ar leac a ndorais.
jpmorley0@gmail.com
Is iad Hamas a chuir tús leis an gcogaíocht “is déanaí”. Aontaím leis an gcáilíocht atá iontuigthe sa dá fhocal sin faoi chamóga, go háirithe. Agus, deirim arís é, tá gach aon cheart ag Iosrael dul sa tóir ar Hamas, is sceimhlitheoirí iad. Tá “freagra fíochmhar” faighte acu…agus ag a lán eile nach iad, chomh cinnte le bás. Ní fuil, ní fíoch ná ní ‘fíochmhar’ go dtí é. Go deimhin féin, tá 30,450 duine curtha chun báis anois, 11,000 leanbh, 9000 bean agus gan aon áireamh ar an líon corp atá ag lobhadh faoin smionagar ar fud Gaza. Cathain a shásófar an fíoch fola ‘fíochmhar’ sin nó an sásófar go deo é?
Cé a mharaigh na leanaí agus na máithreacha sin as fuil fhuar? Ar bhaill de Hamas iad, b’fhéidir… na naíonáin féin? Cé scaoileann piléir leis na hocracháin dhearóile a chuireann iad féin i mbaol a mbáis agus iad ag lorg bia dóibh féin agus dá bpáistí? An é Netanyahu atá á spreagadh agus á stiúradh lena ráiteas oifigiúil poiblí faoi Amalek, Samuel 1, 15.30 ina ndeirtear gur cheart ‘gach a bhfuil acu agus gach a bhfuil ann díobh a chur de dhroim an tsaoil’? Nach in é polasaí oifigiúil rialtas Iosraeil i ndearg-ainneoin fholáireamh an ICJ maidir le cinedhíothú? Agus an foláireamh eile a tugadh maidir le cúnamh daonnachtúil a ligean isteach? Cén aird a thugtar ar aon cheann acu sin?
“Ligean do na Giúdaigh maireachtáil faoi shíocháin” …táim an-mhór ar son na síochána, ba cheart go bhféadfadh GACH duine ar chlár na cruinne seo bheith ábalta maireachtáil go sítheach síochánta le chéile. Ach cad tá le déanamh nuair is ball den ‘untermënschen’ tú go gcaitear “lomadh” a dhéanamh ort uair umá seach d’réir mar a oireann mar mhaithe le ‘slándáil’ do chomharsan? Agus ‘lebensraum’ á chur i bhfeidhm gach aon lá? Völken de lonnaitheoirí buile ‘fíochmhara’ ag canntáil do choda ort agus gan agat ach an chaolchuid, tú a chur ó thigh, ó threibh agus ó thalamh? Blitzkrieg, i bhfocail eile ??
Tú a bheith i mbaol do chaite agus tú amuigh ag piocadh ológa nó ag fosaíocht le cúpla gabhar ar do phaiste beag suarach féin?
“Ligean dóibh maireachtáil faoi shíocháin”?
Agus léarscáil den ‘Iosrael Nua’ á bheartú ag Neatanyahu nach bhfuil aon rian de thalamh na Palaistíne fágtha ann? Glanadh ar fad déanta ar na “míola” lofa sin ag deireadh thiar? Nach é fírinne an scéil go bhfuil Rialtas faisisteach Iosraeil sásta gach aon ‘diabhal’ Arabach a mharú d’fhonn Hamas a dhíothú scun scan. Is ró-chuma leo mar is “ainmhithe daoine” iad ar aon chuma. Ba cheart do Hamas géilleadh, cinnte, ba bhreá an rud é. Amhail mar a rinne na truáin de ghialla a ídíodh ar an dtoirt agus iad á dtabhairt féin suas? Iad faoi bhrat bán agus nocht go coim? Cén seans a bhí acu? Cén seans a bheadh ag éinne eile? Ba bhreá an rud é cinnte dearfa freisin mura gcaithfeadh Hamas nó Iosrael nó SAM srl srl srl na trilliúin ar threalamh cogaíochta agus maraithe gach aon bhliain. Duine gan trua gan taise is ea an duine ‘fíochmhar’ sin a mbíonn a mhéar ar an dtruigear aige.