Ní cathair mar a tuairisc é leabhar a fhoilsiú

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ach oiread le go leor rudaí eile sa saol, i gcás na scríbhneoireachta ní hé an ceann scríbe is tábhachtaí ach an bealach ann

Ní cathair mar a tuairisc é leabhar a fhoilsiú

Bhí blocáil chéarach i gceann de mo chluasa nuair a seoladh mo chéad leabhar, Favela.

Bhí mé leathbhodhar, bhí meadhrán i mo cheann agus bhí fearg as cuimse orm: bhí mo chéad leabhar amuigh agam agus ní raibh mé in ann sult a bhaint as an ócáid mhór!

Bhí cúrsaí i bhfad níos measa an chéad uair eile. Seachtain nó dhó sular thaistil mé go hÉirinn do sheoladh an dara leabhair agam, Aiséirí, chuir m’fhear céile in iúl dom gur theastaigh uaidh scaradh uaim.

Ag na himeachtaí poiblíochta lig mé orm nach raibh a dhath cearr, meangadh bréige orm ó chluas go cluas ach croí briste i lár mo chléibh. Thit mé as a chéile ar an eitleán abhaile.

I gcás na leabhar a d’fhoilsigh mé ina dhiaidh sin, níor baineadh creathadh as an domhan nuair a tháinig an beart le mo chuid cóipeanna údair sa phost. Baineadh ‘plab’ beag as mata an dorais agus b’in é.

Cinnte, bíonn sceitimíní ort nuair a fheiceann tú saothar ar chuir tú bliain nó níos mó de do shaol isteach ann i gcló den chéad uair.

Ach an lá cheana agus mé díreach tar éis teacht ar réiteach ar fhadhb bheag theicniúil scríbhneoireachta, rith sé liom nach mbíonn mórán difríochta idir na sceitimíní a thagann orm nuair a fhaighim an lámh in uachtar ar abairt dheacair aonair amháin, agus na sceitimíní a bhíonn orm nuair a bhaineann leabhar iomlán de mo chuid na siopaí amach.

Ní cathair mar a tuairisc é leabhar a fhoilsiú, má thuigeann tú leat mé, agus cé gurb é sin sprioc nádúrtha na scríbhneoireachta, níor cheart breathnú air mar bhun agus barr an scéil. Mo leithscéal as an gcliché, ach ní ritheann de shamhail liom dáiríre ach an rud a deirtear faoin aistear: ní hé an ceann scríbe is tábhachtaí ach an bealach ann.

Cinnte, is deas an rud é leabhar de do chuid a fheiceáil ar sheilfeanna shiopa leabhar – ach bheifeá glan as do mheabhair mar scríbhneoir mura gcuirfeá a luach féin ar chuile nóiméad aoibhnis a thabharfadh próiseas na scríbhneoireachta duit.

Bíonn an pá ann féin sách dona mar luach saothair.

Fág freagra ar 'Ní cathair mar a tuairisc é leabhar a fhoilsiú'

  • Mick

    Cuireann cad ‘tá á rá agat i gcuimhne dom focail John Lennon : “Life is what happens to you while you’re busy making other plans”.
    Tá sé sin fíor do gach duine ach go háirithe ealaíontóirí – tú féin san áireamh! Ach leanann tú ar aghaidh ar aon nós – agus táimse buíochas as sin, mar is aoibhinn liom di scríbhinní!! Go raibh maith agat as sin, a chara!