Ní bhíonn mórán scáthdhornálaíochta i gceist nuair a thugann an dá chontae seo aghaidh ar a chéile

Tá tús á cur an deireadh seachtaine seo leis an tsraith náisiúnta iománaíocht agus ualach cluichí spéisiúla ann

Ní bhíonn mórán scáthdhornálaíochta i gceist nuair a thugann an dá chontae seo aghaidh ar a chéile

Beidh aird lucht leanúna na hiomána ar Pháirc Tom Semple Durlas Éile um thráthnóna, áit a rachaidh seaimpíní na hÉireann Tiobraid Árann agus seaimpíní na sraithe, Luimneach, chun páirce chun tús oifigiúil a chur le comórtas na sraithe Allianz 2020.

Bhí slua mór i láthair coicís ó shin nuair a chroch Luimneach leo a gcéad chorn agus iad róláidir do Chorcaigh i gcomórtas Co-Op Superstores na Mumhan.

Ach beidh dúshlán i bhfad níos mó rompu níos déanaí um thráthnóna agus na Tiobraid Árannaigh, ríthe iomána na tíre, ina gcoinne. De ghnáth ní bhíonn bunobair chomh mór ná chomh dian sin curtha isteach go luath sa bhliain ag na seaimpíní mar gheall ar cheiliúradh, sos agus saoire.

Ach tá roinnt imreoirí óga ag Tiobraid Árann a bheidh ag déanamh a ndíchill ionad a fháil ar phainéal sinsir an chontae do chluichí i bhfad níos tábhachtaí níos déanaí sa bhliain.

Agus bígí cinnte gur amach sa samhradh a imreofar na cluichí is tábhachtaí.

Ná déanaigí dearmad freisin gur bhuaigh Tiobraid Árann an dá chraobh dheireanach faoi 20 agus faoi 21 agus go bhfuil chuid maith imreoirí den scoth as na foirne sin acu. 

Ach tá Luimneach gonta ag an tslí a chaill siad i gcoinne Chill Chainnigh sa chomórtas craoibhe agus ceapaim go mbeidh siad ag déanamh gach iarracht tús maith a chur leis an mbliain úrnua seo. De ghnáth ní bhíonn mórán scáthdhornálaíochta ar siúl nuair a thugann an dá chontae seo aghaidh ar a chéile.

Ní dóigh go seasfaidh aon duine siar anocht ach an oiread.

Beidh buachaillí nua Laoise sa bhaile anocht agus seaimpíní Laighean, Loch Garman, aníos chucu. Feicfimid conas mar a bheidh ag foireann Eddie Brennan agus iad ag imirt ag an leibhéal is airde seachtain i ndiaidh seachtaine.

Ansin amárach tá na cluichí eile i Roinn 1 ar siúl agus dreamanna nua eile roinne seo san iomaíocht. Beidh an Iarmhí ag dul go dtí an Ghaillimh agus beidh Ceatharlach ag taisteal go dtí Páirc Uí Chíosóg in Inis. Tá cuid mhaith cainte déanta le cúpla bliain anuas faoi ar cheart seans a thabhairt do na foirne atá ar an imeall agus iad a ligint isteach leis na boic mhóra.

Bhuel, tá seans á fháil ag trí cinn díobh anois agus feicfimid conas mar a bheidh acu. 

As na cluichí eile a bheidh ann amárach, cuirfear cuid mhaith suime an taobh seo tíre i gconas mar a chruthóidh Corcaigh agus iad as baile i gcoinne Phort Láirge. Rinne bainisteoir nua na nDéise, Liam Cahill, gortghlanadh ar phainéal 2019 agus mar bharr air sin, d’fhógair an cúlaí cumasach Philip Mahony go bhfuil deireadh lena ghairm mar imreoir idirchontae.

Tá ráite ag Shane Bennett nach bhfuil a dhóthain suime aige faoin tráth seo don traenáil agus an iomaíocht ghéar a bhaineann leis an iománaíocht ag an leibhéal ard atá sa spórt. 

Beidh an dá fhoireann ag súil le dea-thaispeántais ar a laghad.

As na cluichí eile a bheidh ar siúl déarfainn go mbeadh an ceann idir Cill Chainnigh agus Baile Átha Cliath suimiúil.

Tá gach cuma ar an scéal go bhfuil dea-bhail ar an iománaíocht i gCill Chainnigh agus coirn na gclub go léir tugtha leo acu as Páirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite.

Beimid ag faire an mbeidh aon chosúlacht ar Bhaile Átha Cliath go mbeidh siad san iomaíocht i mbliana.

Beidh an cluiche seo le feiceáil iarbheo ar TG4.

Fág freagra ar 'Ní bhíonn mórán scáthdhornálaíochta i gceist nuair a thugann an dá chontae seo aghaidh ar a chéile'