Ní bheidh an Breatimeacht ina chonstaic ar chonair an athmhuintearais in Éirinn – Ursula Von der Leyen

Ina haitheasc speisialta i dTithe an Oireachtais tráthnóna, dúirt Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh go seasfadh an tAE i gcónaí le Comhaontú Aoine an Chéasta

Ní bheidh an Breatimeacht ina chonstaic ar chonair an athmhuintearais in Éirinn – Ursula Von der Leyen

Ní bheidh an Breatimeacht ina chonstaic ar chonair an athmhuintearais in Éirinn, a deir Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh Ursula von der Leyen sa Dáil.

“Ní féidir ligint do theorainn chrua ar oileán na hÉireann,” a dúirt Ursula von der Leyen ina haitheasc speisialta i dTithe an Oireachtais tráthnóna.

Dúirt sí go seasfadh an tAontas Eorpach i gcónaí le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Bhí sí muiníneach, a dúirt sí, go dtiocfaí ar réiteach ar na ceisteanna “praiticiúla” a bhain le prótacal  an Tuaiscirt.

Shuífeadh lucht an AE síos chun cainte “lenár gcairde” sa Bhreatain le “croí maith agus intinn oscailte”, tagairt, a dúirt sí, don bhanna The Saw Doctors agus a n-amhrán ‘To Win Just Once’.

Dúirt sí gur údar misnigh an plé a bhí aici go nuige seo le Príomh-Aire nua na Breataine, Rishi Sunak.

Dúirt sí go raibh cúis ag an AE féachaint “thar an tsreang dheilgneach”: chun an scoilt idir Tuaisceart agus Deisceart na hÉireann a leigheas.

Mhol Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh go hard an méid, a dúirt sí, a bhí tugtha ag Éirinn don Aontas Eorpach.

Tá ómós ag an uile dhuine eile san Eoraip d’Éirinn, a dúirt sí.

“Rinne Éire áit níos fearr den Eoraip. Táimid faoi chomaoin agaibh,” a dúirt sí.

Ní ar mhaithe leis an AE a mholadh a bhí sí anseo, a dúirt sí ach chun buíochas a ghabháil le hÉirinn.

Chaithfeadh sí iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt ó tharla gur teanga oifigiúil de chuid an AE í, ar sí,

“Go raibh maith agaibh,” a dúirt sí

Bhláthaigh an cumas a bhí in Éirinn nuair a bhain sí ballraíocht amach san AE agus tháinig claochlú ar an dtír dá bharr, arsa von der Leyen.

Ghabh sí buíochas le muintir na hÉireann as tacaíocht a léiriú do mhuintir na hÚcráine ó chuir an Rúis tús lena “gcogadh uafásach” sa tír sin.

Ghuigh von der Leyen gach rath ar Éirinn agus ar an AE ag deireadh a hóráide, a thuill bualadh bos mór fada ó na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí a bhí i láthair don suí speisialta de dhá thigh an Oireachtais.

“Éire go brách! An tAontas Eorpach go brách!” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Ní bheidh an Breatimeacht ina chonstaic ar chonair an athmhuintearais in Éirinn – Ursula Von der Leyen'