‘Ní bhaineann dualgas reachtúil RTÉ i leith na Gaeilge liomsa’ – freagra ‘míshásúil’ an Aire Cumarsáide

Deir Richard Bruton nach mbaineann an scéal go bhfuil RTÉ ag sárú an dlí i leith na Gaeilge leis féin ar chor ar bith, dearcadh atá cáinte ag an bhfreasúra

‘Ní bhaineann dualgas reachtúil RTÉ i leith na Gaeilge liomsa’ – freagra ‘míshásúil’ an Aire Cumarsáide

Tá ráite ag an Aire Cumarsáide Richard Bruton nach mbaineann an scéal go bhfuil RTÉ ag sárú an dlí i leith na Gaeilge leis féin ar chor ar bith.

Dúirt an Coimisinéir Teanga sa tuarascáil bhliantúil is déanaí aige go raibh 99.3% de sceideal teilifíse RTÉ i mBéarla amháin agus go raibh an craoltóir ag sárú an Achta Craolacháin dá bharr. 

Tá go dtí deireadh na míosa seo ag RTÉ le plean a chur faoi bhráid an Choimisinéara ina leagfar amach conas a chinnteoidh siad go gcuirfear ar fáil feasta réimse cuimsitheach clár Gaeilge.

Ag trácht dó ar ráiteas an Aire Bruton, dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie nach bhfuil sé “sásúil ar chor ar bith” go mbeadh aire rialtais ag séanadh aon bhaint a bheith aige le cás mar seo.  Dúirt Ó Cuív nach “nglacann sé ar chor ar bith le ráiteas an Aire Cumarsáide nach bhfuil “aon ról aige a chinntiú go gcomhlíonfaidh RTÉ a dhualgas reachtúil i leith na Gaeilge”.

I bhfianaise na tuarascála a dfhoilsigh an Coimisinéir Teanga inar dúradh go raibh RTÉ ag sárú an Achta Craolacháin,2009, d’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil den Aire Cumarsáide faoi na bearta atá i gceist aige a dhéanamh chun a chinntiú go gcuirfidh RTÉ lena soláthar clár Gaeilge.

Mar fhreagra air sin, dúirt an tAire Cumarsáide nach raibh “aon ról” aige maidir leis an cheist agus gur cúram é do RTÉ agus d’Údarás Craolacháin na hÉireann.

“De réir Alt 98 den Acht Craolacháin 2009 is craoltóir neamhspleách náisiúnta seirbhíse poiblí é RTÉ agus,ar an ábhar sin, níl aon ról agamsa mar Aire ina chuid oibríochtaí ó go lá.. Foilsíonn RTÉ Ráitis Bhliantúla ar Ghealltanais Feidhmíochta le spriocanna a bhaineann le réimse seirbhísí, an Ghaeilge san áireamh. Déanann Údarás Craolacháin na hÉireann, mar rialtóir neamhspleách, athbhreithniú ar a fheidhmíocht i gcomhthéacs na spriocanna sin gach bliain,” a dúirt an tAire Bruton.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Éamon Ó Cuív gur ar an Aire agus ar an Rialtas atá an phríomfhreagracht sa chás seo.

“Sa deireadh is ar an Aire agus ar an Rialtas a thiteann an fhreagracht lena chinntiú go bhfuil a gceart á fháil ag lucht labhartha na Gaeilge agus acu siúd a bhfuil spéis acu sa teanga,” a dúirt Ó Cuív

Dúirt an Teachta Dála chomh maith gur chóir don Aire an reachtaíocht a láidriú, má tá laige ann, lena chinntiú go gcloítear leis.

“D’fhéadfadh an tAire an reachtaíocht a láidriú agus soiléiriú reachtúil a thabhairt ar cad é atá i gceist le ‘réimse leathan clár’.

“Más í tuairim an Coimisinéara Teanga nach bhfuil RTÉ ag cloí leis an reachtaíocht bheadh sé de chumhacht ag an Aire cuid den fhóirdheontas a thugann an stát do RTÉ gach bliain a choinneáil siar go dtí go gcloífí leis an reachtaíocht.

“Ní féidir liom smaoineamh ar aon chás eile go mbeadh Ombudsman nó Coimisinéir ag rá nach raibh eagraíocht stáit ag cloí leis an reachtaíocht agus nach ndéanfaí cinnte de go gcuirfí an rud ina cheart,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Tá sé i gceist ag Coiste Oireachtais na Gaeilge RTÉ a cheistiú mar gheall ar a dteip a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.

Mhéadaigh sa Dáil an tseachtain seo caite ar an mbrú atá ar RTÉ gníomh a dhéanamh i leith na Gaeilge.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur chóir do Theachtaí Dála impí ar an Aire Cumarsáide Richard Bruton tabhairt ar RTÉ a ndualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh. 

Dúirt sé gur chóir “a chur in a luí ar bhord RTÉ” gur gá “i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh agus cloí leis an dualgas bunreachtúil agus an dualgas poiblí atá aige, mar atá leagtha síos sa tuarascáil ón gCoimisinéir Teanga”.

Fág freagra ar '‘Ní bhaineann dualgas reachtúil RTÉ i leith na Gaeilge liomsa’ – freagra ‘míshásúil’ an Aire Cumarsáide'

  • Arú!

    An gcuireann seo iontas ar aon duine? Richard Bruton – duine den díorma a rinne páirtí frithréabhlóideach de Fhine Gael. Cibé dul chun cinn a rinneadh ionsar na cuspóirí náisiúnta, tá Fine Gael leagtha ar é a chur de dhroim seoil.

  • Seán Mac Gearailt

    Cén fáth gur ann do Aire Cumarsáide mura bhfuil sé/sí freagrach as cúrsaí cumarsáide ?? An bhfuil an t-Aire seo ag glacadh tuarastail mar Aire Cumarsáide ?

  • Pól Ó Braoin

    Tá a fhios ag madaí na sráide nach aon dream iad Fine Gael a dhéanfas rud ar bith le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge…

  • Sean mac carthaigh

    Bunaíodh tg4 ar bonn go mbeadh cainéal lán ghaelach. An gá go mbeadh an méid sin gaeilge ar chainéal ag freastail ar dhaoine gan gaeilge.