Ní ar laethanta saoire a bhíonn gach veain campála

Bíonn an choiriúlacht thart timpeall orainn i gcónaí

Ní ar laethanta saoire a bhíonn gach veain campála

Tá an diabhal ar fad ar lucht na veaineanna campála, de réir na dtuairiscí is deireanaí. Bíonn siad de shíor ag stopadh amuigh sa bhfiántas, ar thránna, le taobh an bhóthair, gach áit a ligtear cead dóibh agus go minic ag fágáil bruscar agus ábhar níos measa ina ndiaidh.

Sin é a léigh mé le gairid agus bhí sé fós in m’ intinn agus mé ag filleadh ó Dhún na nGall cúpla seachtain ó shin. Tá go leor campaí saoire thart sa gcontae sin, iad coinnithe tharr barr agus slacht orthu. Dúirt fear amháin liom, a bhfuil campa breá saoire aige i Ros Goill, go bhfuil gach ionad campála ann curtha in áirithe cheana féin don samhradh.

Mar sin bhí an turasóireacht agus turasóirí ar m’intinn agam agus mé ar mo bhealach ó dheas ar an M1 agus uaidh sin siar ó dheas ar an M50. Thug mé suntas do chúpla carr le cláruimhreacha na Breataine agus cúpla ceann eile ón Mór-Roinn, ach níor mhór é.

Mar sin féin, thugamar aird ar leith ar an veain campála a raibh cláruimhir ón Liotuáin air. Chas sé isteach ón M1 agus choinnigh air ar an M50. Bhí an trácht réasúnta trom cé gur lár an lae a bhí ann.

Chaitheamar an t-am, de bharr moill ar an trácht, ag iarraidh buillí faoi thuairim a thabhairt faoi cá mbeadh a thriall. Ní raibh sé ar an mbealach go dtí calafort Átha Cliath, mar sin, an raibh sé ag dul go Ros Láir? Agus céard a thug an bealach ar fad as an Liotuáin é go dtí an tír seo?

Bhí cuma sean go maith ar an veain. Ní inniu ná inné a ceannaíodh é. Ach fós féin, bhí siúl réasúnta maith faoi. Amanta bhí sé deacair go maith súil a choinneáil air, toisc go raibh sé ag athrú isteach is amach as na lánaí ar an mótarbhealach. Ansin d’athraigh sé a chúrsa agus ba léir go raibh sé ag beartú casadh ar chlé. Bhuel, a dúirt mé liom féin, is beag áit champála atá thart ar Theach Mealóg.

Thug an tiománaí s’againne faoi deara go tobann go raibh bonnán nó dhó ag séideadh go tréan taobh thiar dínn – b’fhéidir go raibh timpiste tarlaithe agus gurb é sin é ba cionsiocair leis an mbrú tráchta?

Ach ní otharchairr a tháinig amach ag sianaíl tharainn ach carranna de chuid na nGardaí. Níor thóg sé ach cúpla soicind orainne teacht fhad leo agus iad stoptha go tobann ar thaobh amháin den M50, áit a raibh an bealach amach go Teach Mealóg. Bhí mise fós ag ceapadh gur timpiste a bhí tarlaithe, ach ní othar a bhí sínte ar an mbóthar ach mo mhéit ón veain champála. Ní raibh gíog as agus garda amháin ag cur glais láimhe air agus garda armtha eile ag léim as carr, an solas gorm lasta ag an soicind deireanach, ag díriú gunna air. Bhí sé timpeallaithe ag na carranna agus gardaí armtha ón Aonad Freagartha faoi Airm.

Agus mise ag ceapadh go raibh mé tar éis a bheith sáite in eachtra mhór coiriúlachta, nó ar a laghad in m’fhinné ar dhráma mór lán le contúirt, ghoill sé orm an oíche sin nuair a chinn sé orm teacht ar an tagairt is lú, fiú amháin, faoin scéal ar na meáin.

Nó an amhlaidh go mbíonn rudaí den chineál sin ag titim amach go minic agus gur beag poiblíocht a thugtar dóibh?

Nuair a chuir mé ceist ar gharda ar m’aithne, fear a bhfuil eolas aige ‘ón mbarr’, cúpla lá ina dhiaidh sin, ba bheag a d’inis seisean dom. Ach ar bhealach éigin thug sé le fios dom nach muidne amháin a bhí ag coinneáil súil ar an veain champála seo – agus go deimhin go raibh péire acu le huimhreacha ón Liotuáin faoi fhaireachas na ngardaí an lá sin. Amhras faoi cheangal a d’fhéadfadh a bheith acu le coiriúlacht ‘eagraithe’ sa tír seo, measadh.

Lá nó dhó ina dhiaidh sin agus ní raibh mé réidh fós le cúrsaí coiriúlachta.

Ag filleadh abhaile tar éis seisiún traenála ar an Duga a bhí mé lá nó dhó ina dhiaidh sin. Tar éis tamaillín agus mé ag piocadh suas blúiríní comhrá ó phaisinéirí taobh thiar díom ar an Dart, thuig mé go raibh mé sáite in eachtra eile dlí agus cirt.

Beirt leads agus iad ag caint os ard faoin gcaoi a gcaitheann duine acu an lá. Bhí caint ar dheochanna ‘próitéin’ agus seisiúin sa seomra aclaíochta. Ba léir go raibh seisean ag trácht ar na bealaí éagsúla atá aige chun an lá a chaitheamh. Labhair sé freisin faoin áit a raibh sé i lár na cathrach agus dúirt sé go raibh áit ‘eile’ ann go bhféadfadh duine am a chaitheamh ann agus go mb’fhéidir go bhfaigheadh sé cead ‘imeacht luath’ as an áit áirithe sin.

‘Ach tá sé níos fearr a bheith sa gcathair,’ a dúirt sé, ‘toisc gur féidir leat do bhean is do chlann a fheiceáil go rialta ansin.’

Ansin thosaigh sé ag cur síos ar an tionscal beag bearbóireachta a bhí aige. Rinne sé cur síos mion dá chompánach ar na stíleanna éagsúla a bhí ar fáil uaidh.

‘Ach b’éigean dom mo chuid praghsanna a ardú,’ a dúirt sé leis an bhfear eile.

‘Praghsanna?’ d’fhiafraigh seisean. ‘Cén chaoi a bhfuil tú in ann praghas a ghearradh agus tú istigh?’

‘An-éasca,’ a dúirt an lead eile. ‘Tá sé ardaithe ó thrí canna cóc go dtí ceithre channa anois.’

Fiú amháin sa phríosún tá an boilsciú i réim.

Fág freagra ar 'Ní ar laethanta saoire a bhíonn gach veain campála'