Ní thuigeann an Saoithín Aeráide an cine daonna a thuilleadh.
Ó bhog sé isteach in árasán nua i gcathair Salvador, sa Bhrasaíl, nach mór bliain ó shin, bhí nead i gcrann almóinní sa phlásóg os comhair an fhoirgnimh ag rálóg mhangróibh, éan a mheabhródh corr réisc duit, corr réisc a mbeadh a cheann buailte aige in aghaidh fuinneog éigin nach bhfaca sé.
Ní hí an rálóg mhangróibh an t-éan is áille amuigh, bail ó na Déithe uirthi, ach bhí cion ag an gcomharsanacht ar fad uirthi toisc gur oibrí chomh dúthrachtach í: ag eitilt anonn is anall idir an crann almóinní agus an cladach de ló is d’oíche ag tabhairt bia do na rálóga beaga agus ag tógáil a neide.
Bhí cion ar leith ag an Saoithín ar an rálóg toisc gur créatúr as baile isteach atá inti, a dhála féin. Más fíor don bhean thíos staighre, bhog an rálóg, nach bhfeictear sna cathracha go minic, isteach sa chrann almóinní coicís sular bhog an Saoithín isteach ina árasán.
Lá éigin i dtús na seachtaine seo caite, scrios duine éigin an nead.
An fear bodhar a bhfuil cónaí air san fhoirgneamh béal dorais an chéad duine a fuair amach faoi, agus mheall sé aird an tSaoithín ar an scéal.
‘Há! Hae!!’ Bíonn an fear bodhar ag béiceach i gcónaí toisc nach gcloiseann sé a ghlór féin i gceart, ach an uair seo ba léir go raibh alltacht air dáiríre. ‘Na cipíní ar fad ar an talamh! Nead scriosta! Toisc go mbíonn sí ag cac ar na carranna!’
Níl aon difear ar ndóigh idir nead a scrios toisc go mbíonn an t-éan ar leis an nead ag cac ar charranna, agus carr a thiomáint. Déantar dochar don timpeallacht sa dá chás. Ach i gcás na neide, b’éard a chuir alltacht ar an bhfear bodhar agus ar an Saoithín araon ná mínáire an ghnímh.
Cúpla lá i ndiaidh na heachtra sin bhí an bua ag an bpolaiteoir conspóideach Geert Wilders in olltoghchán na hÍsiltíre, tír dhúchais an tSaoithín.
Lá ina dhiaidh sin arís chuir slua bithiúnach busanna agus tram trí thine i mBaile Átha Cliath.
Ansin bhí drochmhisneach ceart ar an Saoithín.
Cén bhaint atá ag an dá scéal sin le nead na rálóige a deir tú?
Ní polaiteoir frith-inimirce amháin atá in Geert Wilders, ach polaiteoir frithaeráide, leis. Sampla amháin: teastaíonn uaidh deireadh a chur leis an táille timpeallachta €26.43 atá á gearradh ar aerthaistealaithe san Ísiltír ó thús na bliana seo agus a cuireadh i bhfeidhm d’fhonn líon na n-eitiltí a laghdú, agus teastaíonn uaidh go méadófaí aerfort Schiphol tuilleadh.
Ceann de na rudaí atá ag dul ó mheabhair ar an Saoithín Aeráide faoi thorthaí an olltoghcháin san Ísiltír ná gur chaith duine as ceathrar i mbaile mór Haarlemmermeer – an baile is mó san Ísiltír atá thíos le truailliú agus le torann eitleán toisc gur ann atá aerfort Schiphol suite – gur chaith duine as gach ceathrar sa bhaile sin vóta do pháirtí Geert Wilders, an PVV.
Ar an gcaoi chéanna, an timpeallacht (i measc go leor rudaí eile) a bhí thíos leis an loitiméireacht a tharla i mBaile Átha Cliath Déardaoin na seachtaine seo caite: ceann de na fáthanna go bhfuil busanna agus tramanna ann ná daoine a mhealladh amach as a gcuid carranna agus líon na n-astaíochtaí CO2 a laghdú.
Nead a scrios toisc go mbíonn an t-éan atá ina chónaí inti ag cac ar na carranna, vóta a chaitheamh do pholaiteoir frith-aeráide toisc gur tábhachtaí saoire shaor faoin ngréin ná sláinte an phobail, áiseanna iompair phoiblí a chur trí thine gan mearsmaoineamh féin a dhéanamh faoin bhfáth go bhfuil na háiseanna sin ann, nó faoi na daoine a bhíonn ag brath orthu – an meon ceannann céanna atá taobh thiar de na trí rud, dar leis an Saoithín Aeráide: mise, mise, mise agus bíodh an diabhal agaibhse.
Ach inné, nuair a bhí an Saoithín ar tí dochar a dhéanamh do rud éigin é féin le teann drochmhisnigh, ba é seo chuige an fear bodhar le loinnir dhóchais.
‘Há! Hae!!’ a bhéic an fear agus gáire air ó chluas go cluas. ‘Nead nua! Díreach feicthe agam! Sa chrann almóinní taobh amuigh d’Oifig an Phoist!’
Fág freagra ar 'Nead éin a scriosadh sa Bhrasaíl, círéibeacha Bhaile Átha Cliath agus bua Geert Wilders san Ísiltír'