Naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 59 cás nua deimhnithe

2,173 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,651 duine ó dheas den teorainn agus 522 ó thuaidh di

Naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 59 cás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 59 cás nua den ghalar deimhnithe.

2,173 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,651 duine ó dheas den teorainn agus 522 ó thuaidh di.

Triúr ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu go raibh duine amháin eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe agus go rabhthas tagtha ar 13 cás nua.

29,638 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,929 cás ó dheas den teorainn agus 4,709 cás ó thuaidh.

42 duine a bhí in aonaid dianchúraim an stáit inniu, laghdú eile.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 24,870 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Déardaoin, an 28 Bealtaine:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,279 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 408 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 7,955 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,031 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,472 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,416 cás, nó 6%
  • 476 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 477 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 152 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 795 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 571 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 39% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 58% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

De réir an airímh is déanaí ag Ollscoil Johns Hopkins, tá beagnach 366,000 duine curtha den saol ag Covid-19 ó thús na paindéime agus nach mór sé mhilliún cás den ghalar atá deimhnithe sa domhan. Baineann 1.75 milliún de na cásanna sin le Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tír is measa atá buailte.

 

Fág freagra ar 'Naonúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 59 cás nua deimhnithe'