Naomh Conaill i gcluiche ceannais eile, Naomh Anna slán agus an Daingean ag súil le filleadh Uí Chonchúir

Bhuaigh Naomh Conaill ar Ghaoth Dobhair chun cluiche ceannais Dhún na nGall a bhaint amach don séú bliain as a chéile agus deireadh le babhtaí na ngrúpaí i nGaillimh, i gCiarraí agus i Maigh Eo

Naomh Conaill i gcluiche ceannais eile, Naomh Anna slán agus an Daingean ag súil le filleadh Uí Chonchúir

Bratacha an Daingin agus Geelong ar foluain ar shráideanna an Daingin ag an deireadh seachtaine seo caite. Pictiúr saolodheas/Twitter

Ciarraí

Bhí dea-scéal ag muintir an Daingin luath maidin Dé Sathairn agus cluiche ceannais an AFL buaite ag Marc Ó Conchúir le Geelong. Ainmníodh Ó Conchúir ar an bhfoireann díreach roimh an gcluiche ceannais in aghaidh na Sydney Swans in áit Max Holmes. Rinne fear an Daingin agus fear Phort Laoise, Zach Tuohy, a gcuid sa bhua cuimsitheach a bhí ag Geelong ar na Swans, 133 in aghaidh 52.

Anois a thosóidh an chaint ar fhilleadh Uí Chonchúir do chluichí an Daingin i gCraobh Shinsir Chiarraí. Tá an Daingean le cluiche ceannais a imirt faoi cheann coicíse agus is mór an buntáiste a bheadh ann dóibh dá mbeadh Ó Conchúir acu timpeall ar lár na páirce. Agus scéal faighte go bhfuil deireadh tagtha le seal Deividas Uosis leis na Brisbane Lions, d’fhéadfaí fear eile a bhuaigh Craobh Mhionúir na hÉireann le Ciarraí a fheiceáil ar ais ag imirt leis an Daingean freisin.

Bheadh filleadh na beirte níos tráthúla fós má choinníonn na gortuithe a bhain do Paul Geaney agus Barry O’Sullivan in aghaidh Chiarraí Thoir ag an deireadh seachtaine iadsan ar an taobhlíne ar feadh tamaill.

Bhí an an Daingean agus Ciarraí Thoir cinnte d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais cheana féin ach d’imir siad cluiche taitneamhach i bPáirc an Ághasaigh Dé Domhnaigh. Fir Chiarraí Thoir a thug an lá leo, 2-13 in aghaidh 1-11. Scóráil David Clifford 1-4 do Chiarraí Thoir agus bhí Geaney (1-1) agus O’Sullivan (0-5) ar bheirt de na himreoirí ab fhearr don Daingean, Beifear ag súil nach rófhada a chuirfidh na gortuithe sin as dóibh.

Chaill Ciarraí Theas a seans ar na babhtaí leathcheannais nuair a chríochnaigh siad ar comhscór le Naomh Breandán, 0-16 an taobh. Ó chaill an Teampall Nua a gcluiche, bhí ar Chiarraí Theas an ceann sin a bhuachan. Bhíodar chun tosaigh dhá nóiméad isteach in am cúitimh ach d’aimsigh Naomh Breandán scór leis an gcic deireanach, nach mór, a d’fhág na foirne cothrom.

Chaill Ciarraí Thiar a dtríú cluiche sa chraobh agus bua 3-15 in aghaidh 3-9 faighte ag Na Gaeil orthu.

Dún na nGall

Imreoidh Naomh Conaill i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Dhún na nGall don séú bliain as a chéile tar éis d’fhir na nGleanntach an ceann is fearr a fháil ar Ghaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine.

Coimhlint ghéar chrua eile a bhí idir na foirne seo ach thug na tréimhsí fada a chaith Gaoth Dobhair gan scór sa chéad leath agus sa dara leath deis do Naomh Conaill ceannas a ghlacadh ar an imirt.

Chuir Gaoth Dobhair tús maith leis an gcluiche, pointí ó Odhrán Mac Niallais, Daire Ó Baoill agus Danny Curran á gcur chun tosaigh luath sa chluiche, ach tháinig Naomh Conaill ar ais le cúig scór as a chéile agus bhíodar chun tosaigh, 0-6 in aghaidh 0-4 ag leath ama.

Bhí na foirne ar comhscór arís agus thart ar 20 nóiméad fágtha ach chaith Gaoth Dobhair 20 nóiméad gan scór ar bith agus d’éirigh le Naomh Conaill bearna sé phointe a chruthú a bhuíochas do scóranna ó Dermot Molloy, Odhrán Doherty (2), Charles McGuinness, Ciarán Thompson agus Eoin Wade. Fuair Domhnall Mac Giolla Bhríde cúl do Ghaoth Dobhair in am cúitimh chun an bhearna a laghdú ach ní raibh siad in ann teacht ar comhscór, toradh a fhágann Naomh Conaill anois sa tóir ar a gcúigiú craobh ó 2010.

Cuireadh an cluiche leathcheannais eile idir Naomh Adhamhnáin agus Cill Charthaigh siar go dtí an deireadh seachtaine seo chugainn.

Sna babhtaí dícháilithe, tá Ard an Rátha slán bliain eile sa Chraobh Shinsir tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Náille, 3-7 in aghaidh 0-9. Bhí an dá chúl a scóráil Ard an Rátha sa dara leath cinniúnach, ceann ó Shane Whyte ag teacht cúig nóiméad tar éis do Lorcan O’Donnell an dara chúl a scóráil dóibh. Chuir na cúil ocht bpointe idir na foirne agus bhí an beart déanta ag Ard an Rátha. Imreoidh Naomh Náille in aghaidh Bhun Dobhráin sa chluiche ceannais dícháilithe.

Gaillimh

Tháinig Naomh Anna, Leitir Móir slán ina gcéad bhliain ar ais i gCraobh Shinsir na Gaillimhe agus na babhtaí dícháilithe seachanta acu. Scóráil Myles Mac Donnacha cúl agus pointe i dtreo dheireadh an chluiche in aghaidh Mhaigh Cuilinn lena chinntiú go gcríochnódh na foirne ar comhscór, 2-8 in aghaidh 1-11. Bhí Maigh Cuilinn tríd go dtí babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe cheana féin ach bhí cuma na maitheasa orthu agus iad 0-6 in aghaidh 0-2 chun tosaigh théis 30 nóiméad ach ba mhór an spreagadh do Naomh Anna cúl Warren Seoige díreach roimh leath ama.

Scóráil Antaine Ó Laoi cic éirice don Spidéal in am cúitimh chun a gcéad chluiche i gcraobh na bliana seo a bhuachan. Uachtar Ard a sháraigh siad, 2-8 in aghaidh 3-4. Bhí an Spidéal seacht bpointe chun deiridh agus thart ar dheich nóiméad fágtha ach rinneadar an-teacht aniar. Tá fir Chois Fharraige fós ag dul i dtreo na mbabhtaí dícháilithe ach tugann an bua deis eile don Spidéal iad féin a shlánú agus réamhbhabhta in aghaidh Naomh Séamus acu faoi cheann coicíse.

Rachaidh An Cheathrú Rua díreach chuig grúpa dícháilithe na Gaillimhe. Chríochnaigh fir na Gaeltachta ar bhun Ghrúpa 2 tar éis do Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach greadadh a bhualadh orthu Dé Domhnaigh, 5-16 in aghaidh 0-9. Is beag a bhí an Cheathrú Rua in ann a dhéanamh chun Robert Finnerty, Tomo Culhane agus Evan Murphy a stopadh agus cuma fíorláidir ar Bhóthar na Trá.

Cé nár imríodh an cluiche idir Bearna agus Eanach Cuain ag an deireadh seachtaine mar gur cuireadh siar é go dtí oiche amarach, tá Bearna slán sa phríomhghrád ar feadh bliana eile a bhuíochas do na torthaí eile ina ngrúpa.

Sa Chraobh Idirmheánach, imreoidh Oileáin Árann in aghaidh Chill Chonla sna babhtaí leathcheannais tar éis do na hÁrannaigh Micheál Breathnach a chloí i gcluiche drámatúil Dé Sathairn. Is beag a bhí idir na foirne i rith na huaire. Bhí Micheál Breathnach chun tosaigh agus an t-am nach mór caite ach scóráil an cosantóir Peter Ó Donnchadha cúl thar a bheith tábhachtach d’Oileáin Árann chun an bua a thabhairt dóibhsean, 1-15 in aghaidh 0-17.

Port Láirge

Chaill peileadóirí na Rinne a gcéad chluiche i gCraobh Shinsir Phort Láirge 2022 agus an ceann is fearr faighte ag an Uidhir orthu, 1-11 in aghaidh 1-9. Chuir an Rinn tús maith leis an gcluiche agus iad trí phointe chun tosaigh théis trí nóiméad ach tháinig an Uidhir ar ais sa choimhlint agus chuir cúl a fuair siad théis sé nóiméad chun tosaigh iad. An cúl sin a scar na foirne ag leath ama agus mhéadaigh an Uidhir an bhearna sa dara leath. Scóráil Donie Breathnach cúl deireanach don Rinn chun aon phointe amháin a fhágáil idir na foirne ach is iad an Uidhir a fuair an scór deireanach chun áit sna babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach dóibh féin.

Maigh Eo

Tá rás Bhéal an Mhuirthead i gCraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo rite tar éis d’fhir na Gaeltachta cailliúint in aghaidh Bhréachmhaí ag an deireadh seachtaine. Bhí bua ag teastáil ó Bhéal an Mhuirthead chun na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach ach chliseadar ar scór 0-13 in aghaidh 1-8. Tháinig Ryan O’Donoghue isteach san imirt théis ceathrú uaire, a chéad chluiche i mbliana dá chumann, agus cé gur scóráil sé ceithre phointe ó chiceanna saora, níor leor sin chun an cluiche a chasadh i dtreo Bhéal an Mhuirthead.

Sa Chraobh Idirmheánach, chaill Cill tSéadhna a dtríú cluiche as a chéile agus an ceann is fearr faighte ag Baile an Róba orthu, 3-11 in aghaidh 0-10. Imreoidh siad anois in aghaidh Ard na Rí i gcluiche leathcheannais dícháilithe.

Fág freagra ar 'Naomh Conaill i gcluiche ceannais eile, Naomh Anna slán agus an Daingean ag súil le filleadh Uí Chonchúir'