Tá leagan nua den realpolitik ar bun ag rialtais ar fud an domhain ó d’fhill Donald Trump ar uachtaránacht na Stát Aontaithe. Leagan atá suarach ach sothuigthe.
Ludwig von Rochau, scríbhneoir agus polaiteoir Gearmánach, i leabhar a scríobh sé in 1853, a chum an focal realpolitik mar chur síos ar chur chuige polaitiúil a chuireann béim ar riachtanais agus ar an saol mar atá sé seachas ar idéil agus ar mhoráltacht.
Baineadh ciall níos teoranta as an bhfocal ina dhiaidh sin mar chur síos ar mhodh oibre Otto von Bismarck mar sheansailéir ar an nGearmáin. Moladh é mar cheannaire a thug tosaíocht i gcónaí do bheartais a bhí indéanta in ionad a bheith ag plé le haidhmeanna a bhí tarraingteach.
Níl aon dul as ag ceannairí rialtais na linne seo ach déileáil go bog faichilleach le huachtarán Meiriceánach a bhfuil gnáthchaidrimh a thíre le tíortha eile curtha as a riocht go hiomlán aige.
Treoraíonn a mhianta féin, a athraíonn uaireanta ó lá go lá, gach gné dá chur chuige. Is léir a dhrochmheas ar an dlí agus ar an gcomhthuiscint idirnáisiúnta i gcoitinne agus ar an Aontas Eorpach go háirithe.
Is bocht an scéal é, ach ní foláir don Taoiseach agus do cheannairí rialtais eile a bheith thar a bheith cúramach mura n-aontaíonn siad le beartais atá ar bun nó á mbagairt ag Trump. Mar a léirigh a ndúirt siad go léir tar éis do shaighdiúirí Mheiriceá uachtarán Veiniséala agus a bhean chéile a fhuadach (fuadach ar maraíodh céad duine lena linn, a dúirt urlabhraí rialtais i gCaracas).
Chuireadar go léir béime ar thábhacht an dlí idirnáisiúnta, ar ndóigh. Ach níor chuir ceannaire ná aire rialtais ar bith san AE i leith Trump go raibh an dlí sin sáraithe aige, faoi mar a dúirt saineolaithe dlí i mórán tíortha.
Is léir dúinn uilig an dá phríomhchúis le ráitis sheachantacha dá leithéid: an tacaíocht ó Mheiriceá a theastaíonn le cur i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an baol go ngearrfaidh Trump taraifí méadaithe ar thír nach dtairgeann margadh sásúil trádála dó. Realpolitikk mar a thugamar go léir faoi deara agus an Taoiseach sa Teach Bán anuraidh.
Ní dheimhníonn realpolitik tost i gcónaí, áfach. Spreag bagairt Trump go mb’fhéidir go ngabhfadh na Stáit Aontaithe seilbh ar an nGraonlainn le modhanna míleata agus caint láidir dhíreach ó cheannairí rialtais ar fud na hEorpa, an Taoiseach ina measc.
Ní bhaineann aighneas eile atá ag teannadh leis an rialtas agus leis an AE le mian áiféiseach an uachtaráin ach leis na slite ina ndéanann mórchomhlachtaí Meiriceánacha brabach náireach ar líne. Tá aird á tarraingt ag mífhreagracht X (nó Twitter mar a tugadh air roimhe seo) go háirithe ar lagfheidhmiú an dlí maidir le mná agus páistí ar líne a chosaint.
Chuir seirbhís Grok, a úsáideann intleacht shaorga nó AI chun ábhar a chur ar fáil d’úsáideoirí X, uirlis ar an gcóras le gairid a bhféadfaí a úsáid chun grianghraf a athrú ar dhóigh a fhágann duine (mná de ghnáth, nó páistí uaireanta) lomnocht. Nó beagnach lomnocht.
Tá Grok Imagine cáinte go forleathan ach ní cáineadh a theastaíonn ach feidhmiú dlíthe chun cur ina choinne. Is tábhachtaí dlí ná caint sa chás seo.
Dúirt an tAire Cultúir agus Cumarsáide, Patrick O’Donovan, Déardaoin gur ar dhaoine a chuireann íomhánna athraithe ar líne atá an fhreagracht. Is sárú ar an dlí scaipeadh nó bagairt scaipeadh íomhánna, a dúirt sé.
Níor thagair an t-aire ná an Taoiseach don smacht dlíthiúil a d’fhéadfaí a chur ar X agus ar mheáin shóisialta ar bith a chuireann uirlis dá leithéid ar fáil.
Tá scóip an dlí á breithniú ag an Ard-Aighne Rossa Fanning i bhfianaise an scéil is deireanaí, ach b’fhéidir gur tábhachtaí an úsáid gan mhoill go bhféadfaí a bhaint as Acht Seirbhísí Digiteacha an AE.
Tá foráil san Acht sin, atá i bhfeidhm le dhá bhliain, a chuireann oibleagáid ar Choimisiún na hEorpa maoirseacht a dhéanamh ar an dualgas atá ar chomhlachtaí móra an chontúirt a bhaineann lena seirbhísí maidir le cearta bunúsacha agus le cosaint daoine óga.
Níl aon amhras ar fheisire Eorpach Fhianna Fáil, Billy Kelleher, a dúirt Déardaoin gur chóir don Choimisiúin Grok a chur ar fionraí agus tús a chur acu le cás dlí in aghaidh na seirbhíse ar cuireadh faillí chórasach ina leith.
Mhaígh an Teachta Dála Sinéad Gibney, ó na Daonlathaithe Sóisialta, go bhfuil ró-aird tugtha ag an rialtas agus ag an AE ar stocaireacht na mórchomhlachtaí teicneolaíochta. Dar léi go bhfuil cead a gcinn tugtha dóibh ábhar a fhorbairt a dhéanann dochar sóisialta.
Léirigh na ráitis bearna i bhfeidhmiú an dlí faoi láthair chomh maith le dúshlán a bhaineann le feidhmiú éifeachtach an chórais in Éirinn agus san Eoraip.
An laige: níl sé cothrom ná réalaíoch a bheith ag iarraidh ar dhaoine aonair gearán a chur faoi bhráid na nGardaí a chuirfeadh tús le fiosrú fada casta gan aon bharántas go gciontófaí an té (gan ainm go minic) a bhí freagrach.
An dúshlán: tá mórchomhlachtaí na meán (frith-) shóisialta ag cur brú ar an rialtas le tamall cur i gcoinne rialáil níos déine ón Eoraip ar a seirbhísí. Má neartaítear an dlí nó feidhmiú an dlí, treiseofar ar a stocaireacht ina choinne, agus ar fhrithbhrú an AE ar an rialtas, toisc gur in Éirinn atá a gceanncheathrúna.
Thug comhlacht intleacht shaorga Elon Musk, ar a dtugtar xAI, lagfhreagra ar na gearáin Dé hAoine. Thug ráiteas le fios go gcuirfeadh Grok bréag-íomhánna ar fáil feasta do shíntiúsóirí a íocann as an tseirbhís amháin.
Dáiríre b’ionann agus masla an lagfhreagra. Ní hamháin nach gcuirfear deireadh leis an mí-úsáid a éascaíonn iompar an chomhlacht ach gearrfar táille feasta ar an dream a dhéanann an dochar. Ní raibh focal mar leithscéal sa ráiteas.
Tá dúshlán an rialtais agus an AE tugtha ag Musk go mínáireach. Níl aon rogha ag ceannairí an rialtais abhus agus thall, agus ag Coimisiún na hEorpa, ach aghaidh a thabhairt ar an díobháil shóisialta agus phearsanta a dhéanann a ghléas gránna nua.
Beidh siad go léir náirithe mura gcuirtear cosc láidir i bhfeidhm ar bhréagíomhánna dá leithéid, nó mura gcuireann feidhmiú an dlí reatha stop leo.
Gan mhoill, gan chaint bhog agus gan aird ar thuairimí Trump.
Fág freagra ar 'Náireofar rialtais an AE mura gcuirfear iachall ar Elon Musk a Grok Imagine náireach a chur as feidhm'