Nádúr na Nollag – dán le Joe Steve Ó Neachtain

Ón gCartlann: Is cúis áthais dúinn dán ón gcnuasach ‘Fad Saoil’ leis an sárscríbhneoir Joe Steve Ó Neachtain a fhoilsiú inniu

Nádúr na Nollag – dán le Joe Steve Ó Neachtain

Nádúr na Nollag

Mothaím rúndiamhair
as taisce na spéire,
calóga sneachta
ag cur clóca
ar an sliabh,
Sólás na Nollag
i gcroí
an chine dhaonna,
nádúr nár athraigh
le dhá mhíle bliain.

Le anam na marbh
a chuirim mo bheannacht,
iad ag cumhdach
an linbh
sa teachín ceann tuí,
mé dhá samhlú
go suaimhneach
i soilse na gcoinnle,
is craobh cuileann dearg
ag cur fáilte roimh Chríost.

An t-aol ar na ballaí
chomh geal
leis an eala,
gríosach mhór dhearg
go fáilteach sa gclúid,
an páidrín páirteach
i bhfairsinge na féile,
is stocaí na bpáistí
crochta
ar an lúib.

An bhó is an t-asal
go ceansa
sa stábla,
ag ithe as mainséar
atá lán suas le féar,
méileach ag caoirigh
le titim na hoíche,
is madraí ag tafann
ar an réalt
ins an spéir.

Mothaímse síocháin
ar anáil na gaoithe,
chomh séimh
leis an naíonán
nár saolaíodh
go fóill,
tnúthán le dóchas
ón linbhín Íosa,
a thug sólás
dár sinsir
a fhad is a mhaireadar beo.

Tá Fad Saoil, cnuasach Joe Steve Ó Neachtain, ar fáil anois sna siopaí agus anseo ó Chló Iar-Chonnacht ar €10

 

Fág freagra ar 'Nádúr na Nollag – dán le Joe Steve Ó Neachtain'