Nach mór 3,000 duine curtha den saol ag Covid-19 i Nua-Eabhrac

Tá 146 duine leis an gcoróinvíreas básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 48 duine ó thuaidh den teorainn agus 98 duine ó dheas di

Nach mór 3,000 duine curtha den saol ag Covid-19 i Nua-Eabhrac

Dúirt an tUachtarán Donald Trump nach gcuirfí iachall ar dhaoine mascanna a chaitheamh.

Tá nach mór 3,000 duine curtha den saol ag Covid-19 i Nua-Eabhrac.

Tá os cionn milliún cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan agus os cionn 55,000 duine a bhí buailte ag an ngalar curtha den saol.

De réir an áirimh is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, is i Stáit Aontaithe Mheiriceá atá an líon is mó cásanna deimhnithe den víreas faoin tráth seo agus beagnach 260,000 cás deimhnithe sa tír sin, os cionn a dhá oiread cásanna is atá deimhnithe sa Spáinn, an tír is mó ina bhfuil cásanna deimhnithe.

Os cionn 6,000 duine le Covid-19 atá básaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá, tráth a bhfuil sé á thuairisciú go bhfuil an Teach Bán le comhairle a chur ar dhaoine sna ceantair is measa atá buailte mascanna a chaitheamh le srian a choinneáil le scaipeadh an víris. 

Dúirt an tUachtarán Donald Trump nach gcuirfí iachall ar dhaoine mascanna a chaitheamh.

Tá comhairle curtha cheana ar mhuintir Nua-Eabhrac a leithéid a dhéanamh.

Dúirt an t-oifigeach sláinte is sinsearaí atá ag plé leis an iarracht dul i ngleic leis an gcoróinvíreas i Meiriceá, an Dr Anthony Fauci, gur chóir do gach stát ordú ‘fan ag baile’ a thabhairt’. Tá níos mó cásanna den choróinvíreas deimhnithe anois sa Spáinn ná mar atá san Iodáil.

117,710 cás atá deimhnithe sa Spáinn, mar a bhfuil os cionn 10,000 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe. 932 duine eile atá básaithe ansin le lá anuas.

Tá os cionn 14,000 duine básaithe san Iodáil, an tír is measa atá buailte ag an ngalar. Tá dóchas áirithe san Iodáil agus an Spáinn go bhfuil an chuid is measa den phaindéim curtha dóibh faoi dheireadh acu agus go bhfuil ag éirí leis na srianta a tugadh isteach an taoide a chasadh.

Tá laghdú ag teacht ar líon na gcásanna nua san Iodáil agus tá laghdú tagtha chomh maith, mar shampla, ar líon na ndaoine le Covid-19 sna haonaid dianchúraim sa Lombaird, cé go bhfuil na hospidéil fós i gcruachás.

Tá síneadh ama curtha leis na srianta atá curtha i bhfeidhm ar an Iodáil go dtí an 13 Aibreán agus dóchas áirithe go bhfuil feabhas ag teacht faoi dheireadh ar chúrsaí in ainneoin líon ard na mbásanna gach lá.

Sa Fhrainc, mar a bhfuil os cionn 5,000 duine básaithe, tá rabhadh tugtha do dhaoine fanacht ag baile do bhriseadh na Cásca, tráth an grand départ nuair a imíonn go leor as baile ar saoire de ghnáth. Tá bacainní ar bhóithre agus tuilleadh saighdiúirí agus póilíní ar dualgas lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid i mbliana.

Tá 6,400 duine ar mheaisín tacaíocht bheatha sa Fhrainc agus brú mór ar na hospidéil i bPáras agus áiteanna eile.

Amhail roinnt tíortha eile san Eoraip tá feabhas áirithe ag teacht ar chúrsaí sa Fhrainc ó tugadh na srianta isteach agus laghdú ag teacht ar líon na ndaoine ar gá iad a chur sna hionaid dianchúraim.

Tháinig méadú 23% ar líon na ndaoine a bhásaigh sa Ríocht Aontaithe agus 684 duine eile a bhí buailte ag an aicíd caillte, an t-ardú is mó go n-uige seo in aon lá amháin.

Tá 168 duine leis an gcoróinvíreas básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 48 duine ó thuaidh den teorainn agus 120 duine ó dheas di. 5,177 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn, 4,273 cás ó dheas agus 904 cás ó thuaidh.

Tuairiscíodh inniu go raibh cuid den trealamh cosanta pearsanta a fuarthas ón tSín lochtach agus gan mhaith.

Dúirt an HSE gur cuid bheag den trealamh a bhí i gceist agus go raibh an scéal á phlé leis an soláthraí sa tSín.

Tuairiscíodh inniu go raibh cuid den trealamh cosanta pearsanta a fuarthas ón tSín lochtach agus gan mhaith.

Dúirt an HSE gur cuid bheag den trealamh a bhí i gceist agus go raibh an scéal á phlé leis an soláthraí sa tSín.

Idir an dá linn, chualathas an droch-scéal inniu go raibh an scríbhneoir, cartagrafaí agus ileolaí Tim Robinson tar éis bháis. Bhain Tim Robinson, a raibh an coróinvíreas air cáil amach mar gheall ar a shaothar eisceachtúil faoi Chonamara. Bhí sé 85 bliain d’aois.

Tá an t-amhránaí iomráiteach Bill Withers imithe ar shlí na fírinne chomh maith inniu. Bhí an fear a cheol amhráin mór le rá amhail ‘Ain’t no sunshine Anymore’  agus ‘Lean on Me’ 81 bliain d’aois. I ráiteas óna muintir dúradh gur “caonaí ab ea é a bhí tiomanta ina chroí istigh nasc a dhéanamh leis an saol mór”.

“Go macánta a labhair sé le daoine agus cheangail sé lena chéile iad,”  a dúradh.

Tá 22 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe in Éirinn agus 424 cás nua deimhnithe ó dheas.

Os cionn 5,000 cás den choróinvíreas atá deimhnithe anois in Éirinn.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan tráthnóna go raibh “imní” ann go háirithe faoin líon na gcásanna den ghlalar i dtithe altranais.

“Tá imní orainn faoi líon na mbraislí atá aimsithe in ionaid altranais. Tá roinnt beartas tugtha isteach againn i gcomhar leis an HSE, Caithfear iarrachtaí leanúnacha a dhéanamh chun an baol maidir le scaipeadh an víris in ionaid altranais agus ionaid fhadchónaithe  a laghdú,” arsa an Dr Holohan.

Dúirt an Leas-Phríomh Ofigeach Leighis an Dr Ronan Glynn go raibh seachtain chrua de shrianta curtha isteach ag daoine ach go raibh beatha daoine sábháilte dá bharr. Dúirt sé gur chóir clutharú a bheith á chleachtadh ag aon duine os cionn 70 bliain d’aois agus nár cheart do dhaoine san aoisghrúpa an baile a fhágáil in aon chor.

Dúirt sé nach bhféadfaí a bheith cinnte cathain a thiocfadh an bhrúisc i líon na gcásanna ach gur dóigh gur faoi cheann 7-10 lá  a tharlódh sé.

Maidir leis an 22 duine is déanaí a bhásaigh aon fhear déag agus aon bhean déag a bhí i gceist. San oirthear a bhí 18 de na daoine a bhásaigh, bhí triúr sa deisceart agus duine amháin in iarthar na tíre.

Bhí fadhbanna sláinte eile ag seisear déag acu.

110 duine a bhí in ionaid dianchúraim na n-ospidéal maidin inniu.

Tá 168 duine leis an gcoróinvíreas básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 48 duine ó thuaidh den teorainn agus 120 duine ó dheas di. 5,177 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn, 4,273 cás ó dheas agus 904 cás ó thuaidh. Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh dháréag eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.

7,525 tástáil atá déanta sa Tuaisceart. Maidir le cúrsaí tástála ó dheas, dúírt an Dr Tony Holohan tráthnóna go raibh i “bhfad níos mó” ná an 30,000 tástáil a tuairiscíodh cheana déanta.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte ó dheas, eolas a bhain leis an 3,282 cás a bhí deimhnithe faoi 1pm Déardaoin:

  • Fir a bhí i gceist le 48% de na cásanna agus mná iad 51%
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,039 duine, 28%
  • As na daoine sin, cuireadh 148 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 948 cás, nó 26%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 2,077 cás, nó 57%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 292 cás, nó 8%
  • 98 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.7%), 79 a bhí i gcontae Chiarraí (2.2%), 77 cás a bhí i nDún na nGall (2.1%), 55 cás a bhí i Maigh Eo (1.5%), 43 cás a bhí i bPort Láirge (1.2%) agus 88 cás a bhí i gcontae na Mí (2.4%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 61% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus taisteal thar lear ba chúis le 16%

Fág freagra ar 'Nach mór 3,000 duine curtha den saol ag Covid-19 i Nua-Eabhrac'