NACH GRÁNNA É? Níl ann ach bacach…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH GRÁNNA É? Níl ann ach bacach…

Dá n-abraíodh duine “níl ann ach bacach” bheadh a fhios agat gur ceapadh gur duine tútach, suarach a bheadh ann.

Is ionann duine bacach agus duine a bhfuil éalang nó anó ar a chois. Tá bacaíl i gcois leis a déarfaí. Tá tarraingt bhacaíola ann.

Dá rachadh tairne i mbeo capaill dhéanfadh sé bacach í.

Bacach a thugtaí ar fhear siúil, ar shreothaí, ar ridire bóthair.

Tá a fhios ag bacach an bhóthair é sin a déarfaí faoi eolas a bheadh ag cách.

Bacach a thugadh muintir Eanach Dhúin ar an mbradán fireann.

Scéal bacach a thabharfaí ar scéal leamh agus leithscéal bacach ar leithscéal gan dealramh.

Bhí cluiche ann a dtugtaí an bacach buí air. Chuirtí slat mhara ina seasamh agus bhítí ag caitheamh slata mara léi ag iarraidh í a bhualadh.

Tá amhrán ann dar teideal ‘Bacach Buí na Léige’.

Fág freagra ar 'NACH GRÁNNA É? Níl ann ach bacach…'