Nach deas é? Tá ciall na seacht suadh aige…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Tá ciall na seacht suadh aige…

Bíodh is go bhfuil an Ghaeilge ag éirí níos scáinte sa nGaeltacht ó bhliain go bliain agus líon na gcainteoirí ó dhúchas ag laghdú i gcónaí tá corrleagan maith Gaeilge le cloisteáil fós ar bhéal na ndaoine. Bhí mé ag éisteacht le bean an lá faoi dheireadh ag cur síos ar fhear faoi leith. ‘Tá ciall na seacht suadh ag an bhfear sin,’ a dúirt sí.

Is ionann an focal suadh agus an focal saoi. Sa nGréig a bhí an seachtar cáiliúil úd  2,500 bliain ó shin. Is iomaí bealach eile a n-úsáidtear an focal ciall freisin.

Seo cuid acu:

Ní thagann ciall roimh aois. Is fada go dtigeann ciall don duine.

Seanduine is ciall aige, rud nach raibh ariamh aige.

Duine ar bith nár chuir Dia ciall ann, ní chuirfidh maide ná bia ciall ann.

Ní hí an bhean is áille is mó ciall.

Bíonn a chiall féin ag chuile amadán.

Ní tromaide an cholainn ciall.

Is deise don abhainn an lacha,

Is deise don each an srian,

Is deise don chaora a holann,

Is deise don chloigeann ciall.

Ní dhearna croí agus ciall cuingir mhaith ariamh.

Is fearr ciall ceannaithe ná dhá chiall múinte.

Tafann madra i ngleann gan féar a bheith ag caint le ceann gan chiall.

An teachtaire is fearr a fuair tú ariamh duine gan ciall gan náire.

Is minic gur dóigh le fear buile gurb é féin fear na céille.

Tá ciall na seacht suadh aige. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Tá ciall na seacht suadh aige…'

  • Carraig

    Is ciall ar charraig é.

  • Seosamh Ó Cuaig

    An carr roimh an gcapall…… carraig ar chéill ab fhearr, cheapfainn.