NACH DEAS É? Níl smeámh as aer…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Níl smeámh as aer…

‘Nach bhfeiceann tú sin anois,’ a dúirt mo chara, ‘ bhí sé ina stoirm thintrí le trí lá agus níl smeámh as aer inniu.’

D’fhéadfadh sé a rá freisin nach raibh giol as aer. Puth gaoithe atá i gceist. Níl fleaim as aer focal eile a deirtí.

Téigle a thugtar ar an ngaoth is lú. Nuair a bhíonn sé ina chalm ní bhíonn gaoth ar bith ann. Lá ciúin den sórt sin ní bhíonn deannóid ghaoithe ann.

Is féidir an focal smeámh a úsáid ar bhealaí eile freisin:

Ba ghearr nár fhan smeámh ann – gur cailleadh é.

Is gearr gur thosaigh smeámh codlata ag teacht orm – suanaíocht chodlata.

Ní raibh smeámh i mo phíopa.

Níl smeámh as. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Níl smeámh as aer…'