Nach deas é? Ní hionann a bheith gortach agus a bheith barainneach

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Ní hionann a bheith gortach agus a bheith barainneach

Ní hionann a bheith gortach agus a bheith barainneach.

Sin é a dúirt mo mháthair faoi bhean ar cuireadh ina leith go raibh sí gortach. Dá mbeadh an bhean sin gortach is iomaí ainm a d’fhéadfaí a thabhairt uirthi: baorthach,  ceachaire, gortachán, truailleachán, spriúnlóir, cníopaire, ainniseoir, cráiteachán, scrúile, cágaire, scanróir, scrabhdóir, scríbín, scríobálaí.

Dá mba shiopadóir a bheadh inti déarfaí go bhfuipeálfadh sí dreancaid go Baile Átha Cliath níos túisce ná thabharfadh sí lascaine dhuit.

Ar an taobh eile den scéal, más bean bharainneach a bhí inti bhí sí tíosach i dtaobh chuile shórt. Ní chuirfeadh sí airgead, bia ná rud ar bith eile amú. Bheadh sí bainistíoch, coigilteach, cnuaisciúnach.

Is minic a deirtí faoi fhear go mbeadh sé in am aige barainn a chur ar féin. Comhairle a bhí ansin gur cheart dó pósadh.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ní hionann a bheith gortach agus a bheith barainneach'