NACH DEAS É?: D’ith siad an fheoil anuas díom…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É?: D’ith siad an fheoil anuas díom…

D’ith siad an fheoil anuas díom.

Is éard a chiallaíonn sin gur stialladh leis an teanga é. Ag ithe na feola fuaire a bhíonn an té a bhíonn ag cúlchaint agus ag clúmhilleadh.

Is iomaí cineál feola ann: feoil dhearg, feoil bhán, caoireoil, mairteoil, muiceoil, laofheoil, oisfheoil (feoil fia). Tairteoil a thugtar ar an bhfeoil chrua nó dhearg agus saill ar an bhfeoil bhán

‘Cloigeann creabhair,

Cloigeann gabhair,

Cloigeann cnúdáin, na trí cloigne is lú feoil.’

Itear feoil chapaill freisin ar ndóigh. Tugtar feoil chapaill chomh maith ar mhóin a bhfuil grán fada righin inti mar a bheadh stiallacha feola. Lúbann sí ón sleán agus ní furasta sleán a chur tríthi.

Feoil an fhata—an bheatha atá sa bhfata, an chuid a itear.

Bíonn ionga i bhfeoil ar dhaoine, ionga ionfhásta, cor faoi ionga.

Is minic le daoine titim chun feola, éirí ramhar. B’fhearr i bhfad a bheith caol gan aon fheoil.

Ná déan feoil is iasc díobh–ná tabhair buntáiste do dhuine seachas an duine eile.

Idir feoil is leathar a bhíonn rud a bhíonn faoin gcraiceann.

An rud atá sa chnámh is doiligh a bhaint as an bhfeoil— mianach an duine.

Chuir sé mo chuid fola agus feola trína chéile – chuir sé le báiní, le deargmhire mé. Spréach sé mé. Chuir sé uafás orm.

Feoil choinín agus anraith giorria.

Níl feoil gan cnámh agus níl talamh gan clocha.

‘Oíche Inide gan feoil,

Lá Nollag Mór gan im,

Domhnach Cásca gan arán,

Sin é an bothán lom.’

D’ith siad an fheoil anuas díom. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É?: D’ith siad an fheoil anuas díom…'