Na ‘Tráchtairí Móra’ agus Sinn Féin

Níl aon rogha ag na Tráchtairí Móra ach tosú ag scrúdú na bpolasaithe a bheidh ag Sinn Féin dá mbeidís i rialtas

13/11/2014. Sinn Fein. Pictured Sinn Fein Presiden
Pictiúr: Photocall Ireland

Ráiteas a chuala mé déanta faoin dá iar-Aire Gaeltachta Pat Carey agus Éamonn Ó Cuív a tháinig i m’intinn nuair a chonaic mé an drochbhail a d’fhág na pobalbhreitheanna is deireanaí ar Joan Burton agus ar Enda Kenny.

Bhí Fianna Fáil ag titim as a chéile go tréan ag an am, ach ní raibh trua ar bith ag an té a bhí ag caint don dá Iar-Aire.

“Pat Carey is toast,” a dúirt sé. “Ó Cuív is still in the toaster badly burned.”

Is é a fhearacht sin ag Burton agus ag Kenny é; níl seans ar bith faoin spéir ann anois go mbeidh siad in ann rialtas a chur le chéile tar éis an chéad olltoghcháin eile.

Fágann sin go bhfuil léirmheas á dhéanamh sa deireadh ar an gcineál rialtais a d’fhéadfadh a theacht ina n-áit. Ciallaíonn sé freisin nach bhfuil aon rogha ag na Tráchtairí Móra ach tosú ag scrúdú na bpolasaithe a bheadh ag Sinn Féin ina leithéid de rialtas.

Roimhe seo, polasaithe ‘off the wall’ a thugaidís orthu ach tuigeann siad anois go bhféadfadh Sinn Féin a bheith sa gcéad rialtas eile agus ba bhreá leo na polasaithe sin a mhaolú. Is é is fearr a d’fheilfeadh dóibh féin.

Cruthú breá ar an athrú treo atá ag teacht ar na Tráchtairí Móra an méid a dúirt Paul Gillespie san Irish Times le déanaí: “Sinn Féin’s own debate about it’s preferred strategy should receive more media attention than it gets,” a dúirt sé.

Tá a fhios ag an saol go bhfuil dhá thuairim faoin rialtas nua i Sinn Féin. Tá dream amháin ag rá nár cheart dóibh gabháil isteach ar fhaitíos gurb é bás an pháirtí an toradh a bheadh air mar atá ag tarlú don Lucht Oibre.

Ba bhreá leis an dream eile a bheith i gcumhacht i mBaile Átha Cliath, mar atá siad i mBéal Feirste, nuair a bheas an Comóradh ann i 2016.

Is iad na Tuaisceartaigh is mó a bheadh ar son an dara rogha, cé gur dóigh liom féin go bhfuil Gerry Adams níos críonna agus níos fadradharcaí ná go leor dá chuid comrádaithe ó thuaidh.

Ar ndóigh, más cóir géilleadh do cheannaire Fhianna Fáil, Mícheál Martin, is iad muintir Bhéal Feirste atá ag rialú Shinn Féin i gcónaí.

Chuaigh sé níos doimhne ná sin sa scéal agus é ag caint le Pat Kenny. Is éard a a dúirt sé go díreach “that the IRA still called the shots in Sinn Féin north and south”.

Nuair a fiafraíodh d’Éamonn Ó Cuív ar an gclár Cormac ag a Cúig ar Raidió na Gaeltachta ar aontaigh sé lena cheannaire, is éard a dúirt seisean nár chuala sé an t-agallamh agus nár mhaith leis tada a rá faoi.

Léiríonn na pobalbhreitheanna is deireanaí gur trí rogha rialtais atá ag teacht chun cinn:

  1. Fine Gael agus Sinn Féin agus broscán Neamhspleách ag tacú leo.

Ní tharlóidh sé seo.

  1. Fianna Fáil agus Fine Gael agus na PDs nua atá á mbunú ag Lucinda Creighton.

Ní bheadh aon locht mór ag Mícheál Martin air ach dá mbeadh baol ar bith ann go dtarlódh sé, seans maith go n-imeodh Ó Cuív, go dtabharfadh sé cúpla Teachta eile leis agus go mbunódh sé Fianna Fáil Leanúnach de chineál eicínt.

Sin nó go rachadh sé isteach i Sinn Féin plinc pleainc.

  1. Fianna Fáil agus Sinn Féin agus Neamhspleáigh.

Braithfidh chuile rud ar an bpáirtí is láidre acu a bheas nuair a chomhairfear na vótaí. Cloisim gurb éard atá ceannasaíocht Shinn Féin a rá lena gcuid ball ar fud na tíre nach ndrannfaidh siad le rialtas nua murab iadsan a bheas i gceannas.

Maidir le polasaithe Shinn Féin ina leithéid de rialtas, is fiú aird a thabhairt ar an méid atá á rá ag Eoin Ó Broin ar an aimsir seo. Fear straitéise i Sinn Féin é Eoin Ó Broin agus tá sé ar an Ard-Chomhairle freisin.

Dúirt seisean go bhfoilseoidh Sinn Féin clár oibre rialtais a bheas mion agus soiléir tamall roimh an olltoghchán.

Thug sé léargas ar chuid de na pointí a bheas ann: deireadh leis na táillí uisce agus leis an gcáin tí, cáin mhaoine a thabhairt isteach agus an tríú ráta de cháin mar a thuillir a chur i bhfeidhm, fiacha na mbancanna a bhaint de na daoine agus a chur ar an dream atá freagrach astu ó cheart.

Syriza sa nGréig, Podemos sa Spáinn, Sinn Féin in Éirinn; beidh neart le scríobh ag na tráchtairí móra i rith na bliana 2015.

Fág freagra ar 'Na ‘Tráchtairí Móra’ agus Sinn Féin'

  • Bob Quinn

    O Cuaig tuisceanach i gcónaí. Agus dóchasach!

  • Fearn

    Fianna Fáil agus Fine Gael agus na PDs ??

    Deacair á samhlú gan tagairt do á réaladh.

  • Concubhar Ó Liatháin

    Creidim féin gur mór an difir a bheidh idir an plean a fhoilseoidh Sinn Féin roimh ollthoghchán agus an plean a chuirfidh siad i bhfeidhm. Dá bhféachfadh Seosamh ó thuaidh den teorainn. chifeadh sé an slí a chuireann Sinn Féin polasaithe na déine i bhfeidhm go neamhleithscéalach (cé go mbionn siad ag iarraidh an lucht a chur ar na Toraithe i Londain). Is páirtí caomhach iad Sinn Féin i gclóca radacach.

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Níl ós na Tráchtairí Móra ach córas an dá pháirtí go leith a choimeád buan. Féach a ndúirt Colm Keena le déanaí ar an Irish Times, in alt oipineoin a mhol vótáil dóibh agus gan bacaint leis an ndream ar an imeall, sotalthuairim dá dtrácht Gene Kerrigan ar Sindo an Domhnaigh seo caite. Tá léirithe go neamhbhalbh ag Kenny ná fuil sé ach i dtinneas vóta a pháirtí féin, an 10% – 20% ar bharra an rangú ioncaim dá seasaimh na léinteáin ghorma riamh. Is léir san ón mbuiséad deireanach … agus ón gceann le réamhfhógairt san earrach. Dála Thatcher, ní nós leis an lady seo iompó. Pé scéal ag clócaí radacha é beidh thiar ar an gcuid eile againn má ghéilltear do Keena, Kenny et al. Cuirim mo dhóchas agus mo chlóchas i ndóchas Uí Chuaig .. Syrza, Podemos, sinn féin, sinn féin … ní le héinne eile sinn!

  • Concubhar Ó Liatháin

    Ní miste liom, a Phádraig, cén pháirtí a thagann i gcumhacht ó dheas nó is an dá mar a chéile iad. Níl aon difir idir FF, FG, Lucht Oibre nó Sinn Féin uair amháin a thoghtar iad. Tabharfaidh mise, mar sin, an vóta don t-é is fearr/an t-í is fearr i mo thoghcheantar féin a sheasfaidh an fhód ar son na rudaí ar suim liomsa (an Ghaeilge, an Ghaeltacht etc) agus más Sinn Féineach é nó í, ní miste liom. Ach ná cuirtear in iúl gur cuid de ghluaiseacht éigean nua iad SF a athróidh rudaí ó bhun go barr. Ní tharlóidh sin, mar a chonaiceamar ó thuaidh mar atá córas dhá pháirtí SF/DUP i réim gan freasúra éifeachtach seachas b’fhéidir, agus ní thaithníonn a pholataíocht liom, Jim Allister. Má theastaíonn uait leid ar cén chineál Rialtas a bheadh SF páirteach ann, féach ó thuaidh. Má cheapann tú nach rachadh SF isteach le FF nó fiú FG chun cumhacht a bhaint amach, féach ó thuaidh. Agus dein do dhochas a thomhas dá réir….

    • Pádraig Ó Cíobháin

      Ní bhacfad le féachaint ó thuaidh. Fanfaidh m’amharc ó dheas. An baol go gcuirfí vótaí ó dhoras sa chás go vótálfadh daoine do Neamhspleáigh is araile – iarrathóirí ná raibh baint acu leis an leagan suarach seoiníneach den bpolaitíocht atá tagtha chun cinn ó bhunú an Stáit. Óm thaobh féin de, agus ní mhaífinn gur ainrialaí me (fiú’s gur mb’fhéidir gur bhreá liom san), dhúnfainn an Dáil ar maidin amáireach. Chuirfinn a bhfuil ann do theachtaí dála ar chúrsa Fás a chuirfeadh a’ scuabadh na sráideanna iad, a’ bailiú thralaíanna ón dtaobh amuigh de pé ollmhargadh, nó pé rud eile a mhol Enda Kenny dúinne atá dofhostaithe agus dífhostaithe a dhéanamh. I bhfocail eile, chaithfinn leothu mar a chaithfid linn. N’fheadar cé méid pinsean atá an Kenny céanna ina theideal má fhaigheann sé an bhróig. Rud amháin a déarfad … bí cinnte go mbeidh idir chraiceann is a luach aige … agus cosa as!