Fógraíodh aréir na leabhair Ghaeilge atá ainmnithe do Ghradaim Leabhar na Bliana An Post.
Tá ceithre leabhar ficsin Gaeilge san iomaíocht don Ghradam Love Leabhar Gaeilge i mbliana agus, den chéad uair ó bunaíodh na gradaim 20 bliain eile, tá áit bainte amach ag leabhar Gaeilge i measc leabhar Béarla ar ghearrliosta eile seachas an ceann Gaeilge.
Tá An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin, a mhaisigh Anastasia Melynkova agus a d’fhoilsigh Futa Fata, ainmnithe ar an ngearrliosta don ghradam do leabhar páistí na bliana.
Ceithre leabhar ficsin atá ainmnithe don ghradam do leabhar Gaeilge na bliana, atá á riar ag Lorg Media le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge. Is iad na leabhair sin, An Bhlaosc sa mBois le Micheál Ó Conghaile, a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht, Fiche le Colm Ó Ceallacháin, a d’fhoilsigh Leabhar Breac, Scéalta Nollag le Alan Titley, a d’fhoilsigh Leabhair COMHAR agus ‘Bódléar’ le Darach Ó Scolaí, a d’fhoilsigh Leabhar Breac.
Chuir Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, fáilte mhór roimh fhógairt na ngearrliostaí.
“Ní hamháin go bhfuil saothair ar ardchaighdeán á scríobh agus á léamh i nGaeilge ar ghearrliosta Love Leabhar Gaeilge, tá leabhar Gaeilge den scoth anois ainmnithe ar ghearrliosta a bhí luaite go stairiúil le leabhair Bhéarla amháin.
“Táimid ag súil go mór go mbeidh pobal na Gaeilge an-ghníomhach sa phróiseas vótála do na catagóirí agus go mbeidh an Ghaeilge i lár an aonaigh nuair a bhronnfar na gradaim arís i mbliana,” a dúirt sé.
Dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin, úinéir Futa Fata, a d’fhoilsigh An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin go raibh “íiméad” air faoin bhfógra.
“Aitheantas é ar an gcaighdeán ard oibre atá bainte amach ag Sadhbh Devlin le blianta mar scríbhneoir don óige agus ar an stíl ar leith maisiúchán a thug Anastasia Melnykova léi óna tír dhúchais, an Úcráin, stíl a chuir go mór leis an leagan nua seo de sheanscéal ón traidisiún Gaelach.”
Fógraíodh gearrliostaí Ghradaim An Post 2025 ag ócáid speisialta in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath aréir. Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid a bheidh ar siúl in Ionad na Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an 27 Samhain 2025.
Fág freagra ar 'Na leabhair Ghaeilge atá ainmnithe do Ghradaim Leabhar na Bliana An Post fógartha'