Na himreoirí is mó a n-aireoidh muid uainn iad in 2017…

Agus deireadh tagtha le 2016, caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid de na himreoirí is fearr a d'fhógair i mbliana go raibh siad ag éirí as an imirt

Na himreoirí is mó a n-aireoidh muid uainn iad in 2017…

Marc Ó Sé ag teacht amach leis an liathróid le Berard Ó Brógáin sa tóír air

Marc Ó Sé (Ciarraí)

Tháinig deireadh, go fóill ar aon nós, leis an nasc idir muintir Ard an Bhóthair agus foireann peile Chiarraí nuair a d’fhógair Marc go raibh sé ag éirí as an imirt i mí Dheireadh Fómhair. Tá Marc aitheanta ar dhuine de na cosantóirí is fearr a d’imir dá chontae agus cúig bhonn uile-Éireann, trí ghradam All-Star agus gradam ‘Peileadóir na Bliana 2007’ ina sheilbh aige.

Eoin Larkin and Jackie Tyrrell celebrate after the game 30/9/2012
Eoin Larkin and Jackie Tyrrell. Pictiúr: INPHO

Eoin Larkin agus Jackie Tyrrell (Cill Chainnigh)

Beirt de na saighdiúirí is dílse a bhí ag Brian Cody, agus an triúr ina mbaill de chumann Shéamus Mac Stiofáin. Ba mhinic a spreag imirt na beirte na fir eile ina dtimpeall agus bhí Tyrrell agus Larkin ina gcaptaein ar fhoirne as Cill Chainnigh thug leo Craobh na hÉireann, Tyrrell in 2006 agus Larkin in 2012.

Eamon McGee of Donegal Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Éamon McGee (Dún na nGall)

Cé gur dibríodh ón bpainéal trí huaire, ar a laghad, fear Ghaoth Dobhair, thug  Éamon McGee 12 séasúr agus geansaí Dhún na nGall á chaitheamh aige. D’fhág sé slán leis an bhfoireann i mí Lúnasa agus gan rún aige filleadh. Ar ndóigh, ba í Craobh na hÉireann 2012 buaicphointe a thréimse leis an gcontae agus é féin agus a dheartháir Neil i measc chosantóirí na gConallach ar an bhfoireann a thug leo Sam.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Valerie Mulcahy (Corcaigh)

Ba í Mulcahy ba mhinice a scóráil d’fhoireann ban Chorcaí ach tháinig deireadh lena gaiscí scórála i ngeansaí an chontae i mbliana agus an cinneadh déanta aici i mí Aibreáin éirí as an imirt. Deich mbonn uile-Éireann a bhuaigh Mulcahy agus bhuaigh sí gradam laoch na himeartha i dtrí chinn de na cluichí ceannais sin.

Dick Clerkin agus Paul Finlay. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Dick Clerkin agus Paul Finlay. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Paul Finlay agus Dick Clerkin (Muineachán)

Ó d’éirigh Clerkin as an imirt, níl aon imreoir fágtha, sa pheil ná san iomáint, a thosaigh ag imirt dá chontae roimh thús na mílaoise seo. Bhí Clerkin agus Finlay ar bheirt de na himreoirí ab aitheanta, agus ab fhearr, a bhí ag Muineachán le linn na tréimhse céanna. Ba mhinic leo ceannaireacht a léiriú nuair nach mbíodh rudaí ag dul go maith dá bhfoireann agus rinne siad a gcuid nuair nuair a d’éirigh leis an gcontae Craobh Uladh a thabhairt leo in 2013 agus in 2015.

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Colm McFadden (Dún na nGall)

Duine eile de laochra 2012 Dhún na nGall a d’éirigh as an imirt nuair a bhuail Baile Átha Cliath iad i mbliana. Bhí fear Naomh Mícheál ar dhuine de na tosaithe is cumasaí le roinnt blianta anuas agus 25 cúl agus 434 cúilín aimsithe aige i ngeansaí an chontae, níos mó ná aon Chonallach eile.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Richie Power (Cill Chainnigh)

Agus slad á dhéanamh ar a chuid imreoirí, is cinnte go raibh aiféala ar Brian Cody le linn chluiche ceannais na hÉireann i mbliana nach raibh sé in ann Richie Power a chur chun páirce. Faraor, d’éirigh an tosach as an imirt ag tús na bliana agus gortú glúine ag cur as dó le fada an lá. Ocht mbonn uile-Éireann a bhuaigh Power san aon bhliain déag a chaith sé leis na Cait agus ról lárnach aige ar cheann de na foirne ab fhearr riamh.

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Daniel Goulding (Corcaigh)

Tugadh léiriú dúinn ar an athrú atá tagtha ar an bpeil le cúpla bliain anuas nuair a d’admhaigh Daniel Goulding, agus é ag éirí as an imirt, nach raibh sé ag baint taitneamh as an gcluiche idirchontae a thuilleadh. Duine de na tosaithe ba chruinne dá raibh ann lena linn, bhuaigh sé bonn uile-Éireann le Corcaigh in 2010. Dúirt sé nach bhfeileann an stíl imeartha atá ag teastáil faoi láthair dó. Is mór an feall é sin.

Fág freagra ar 'Na himreoirí is mó a n-aireoidh muid uainn iad in 2017…'