Na halbaim is fearr – scoth an cheoil thraidisiúnta ó 2019

Roghnaigh ár léirmheastóir na halbaim is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi in 2019

Na halbaim is fearr – scoth an cheoil thraidisiúnta ó 2019

Tháinig neart albam traid ar an margadh arís i mbliana agus ardchaighdeán ceoil agus amhráin orthu ar fad. Rinne mise iarracht albaim na bliana dar liom a a roghnú agus mise á rá leat, ní jab éasca a bhí ann.

Tabhair mo Ghrá go Conamara an teideal atá ar an mbailiúchán d’amhráin a thaifead Terry Yarnell as Sasana i nGaillimh thiar sna 1970idí. Is álainn an bailiúchán é go deimhin agus é curtha le chéile ag John Howson ó Veteran Records agus nótaí atá breá cuimsitheach curtha ag Éamon Ó Bróithe sa leabhrán atá istigh leis an dlúthdhiosca. Tá cur síos ar na hamhráin agus ar na hamhránaithe, seachtar acu ar fad – Seán ’ac Dhonncha, Pádraic Ó Conghaile, Rita agus Sarah Keane, Colm Ó Caoidheáin, Tom Pháidín Tom Ó Coisdealbha agus Cáit Bn. Uí Chonluain.

Dén Díobháil an teideal atá ar an albam is deireanaí ón ngrúpa ceoil as Gaeltacht na Rinne i gontae Phort Láirge, Nuadán. Ceathrar atá sa ngrúpa seo a tháinig le chéile an chéad uair le páirt a ghlacadh i Siansa Ghael Linn. Seo é an dara taifeadadh atá déanta acu agus tá saibhreas ceoil agus amhrán an cheantair le cloisteáil uathu. Casann Cárthach Ó Faoláin an bosca ceoil agus an mileoidean, casann a dheartháir Macdara an basúcaí, an dordbhasúcaí, an fhidil agus an pianó, agus casann deartháir eile, Pax, an fhidil agus an bodhrán agus bhíonn siad triúr ag gabhail fhoinn freisin. Is é Iarlaith Mac Gabhann, fear na fliúite as Baile Átha Cliath, an ceathrú ball den ghrúpa fíorthraidisiúnta seo.

Humours of Derrynacoosan an teideal atá ar an albam a d’fhoilsigh Mossie Martin, fidléir den scoth as Doirín a’ Chuasáin i gCo Ros Comáin. Is as ceantar ceolmhar thuaisceart Chonnacht do Mhossie agus is iad ceoltóirí móra an cheantair sin, leithéidí Michael Coleman, James Morrison, Paddy Killoran, Josie McDermott, Matt Molloy agus tuilleadh nach iad, is mó a chuaigh i bhfeidhm air agus é ag éirí aníos. Ina theannta ar an gcéad albam aonair seo uaidh tá a athair Tom ar an orgán béil, a dheartháir Brendan ar an bhfidil agus ar an mbainseó agus a dheirfiúr Áine ar an gcláirseach. ’Sé John Blake atá á thionlacan ar ghiotár agus ar phianó. Tá meascán breá ceoil aige, píosaí breátha traidisiúnta as a cheantar dúchais chomh maith le roinnt ceoil nua-chumtha uaidh féin agus ó chuid roinnt cumadóirí aitheanta eile.

Lán Mara an teideal atá ar an albam seo ó Chló Iar-Chonnacht leis an amhránaí sean-nóis as Inis Mór, Árainn, Treasa Ní Mhiolláin. D’fhoghlaim Treasa go leor dá cuid amhrán óna máthair, Bairbre Ní Dhioráin, bean a raibh an-tóir uirthi mar amhránaí i dtithe ceoil agus ar bhainiseacha. Bhua Treasa Corn na mBan agus Corn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge i 1972. Tá naoi gcinn déag d’amhráin ar fad sa gcnuasach seo, ina measc roinnt a bhfuil aithne mhaith againn orthu, ar nós, ‘Dónal Óg’, ‘Baile an Róba’ agus ‘Caoineadh na dTrí Muire’. Ach tá cinn ann freisin nár chuala muid cheana, cinn a bhaineann le hÁrainn ar nós ‘Bailéad an Phíolóta’, ‘Amhrán Tigh Sheáin na Creige’ agus ‘Aill na nGlasóg’. Is bailiúchán álainn é seo d’aon duine a bhfuil suim acu sa bhfíor-amhránaíocht ar an sean-nós.

Dúchas an teideal ar albam Damien O’Reilly ó lipéad Raelach Records. Is as contae an Chláir do Damien agus casann sé an bosca ceoil agus an mileoidean. Is breá leis na seantaifeadtaí ceoil agus is léir go raibh tionchar mór air ag leithéidí PJ Conlon, John J. Kimmel, John McKenna, na Flanagan Brothers agus, ar ndóigh, na fidléirí Coleman, Morrison agus Killoran freisin. Ina theannta ar a chéad albam aonair, tá a dheartháir Pádraic ar phianó, John Blake ar ghiotár agus Caoimhín Ó Fearghail ar bhasúcaí.

Is fidléir den scoth é Shane Meehan as contae Liatroma a thug twill do amach i mbliana. Tá traidisiún láidir fidléireachta sa taobh sin tíre as a dtagann Shane agus is léir sin ina chuid ceoil. Ag an am céanna tá a stíl shainiúil fhéin aige. Is fear an-óg é go fóill ach tá a chuid ceoil an-aibí go deo mar a chloisfear ar an gceirnín seo. Is cumadóir é Shane freisin agus tá naoi gcinn déag de phíosaí ceoil dá chuid fhéin ar an albab seo agus blas an-traidisiúnta orthu. Ina theannta ar an dlúthdhiosca tá Kevin Brehony ar phianó agus Macdara Ó Faoláin ar bhasúcaí.

Fidil

Triúr fidléirí as Tír Chonaill atá sa ngrúpa Fidil agus thug siadsan albam nua Decade amach cúpla seachtain ó shin ar Raelach Records. Seo an ceathrú albam atá curtha amach ag an ngrúpa seo a tháinig le chéile den chéad uair in 2008. Tá stíl láidir fidléirachta i dTír Chonaill agus sin an stíl atá le cloisteáil againn anseo ón triúr óg seo, Ciarán Ó Maonaigh, Aidan O’Donnell agus Damien McGeehan, chomh maith le píosaí nuachumtha ceoil a luíonn isteach go deas leis an traidisiún as ar fáisceadh iad.

Liag atá ar an saothar ó fhear an bhosca Dermot Byrne, fear an bhaineó Éamonn Coyne agus fear an ghiotáir John Doyle. Is ceol as Iardheisceart Dhún na nGall atá anseo den chuid is mó agus is ceol é atá tagtha anuas trí na blianta ó ghlúin go glúin agus é casta go breá croíúil ag an triúr ceoltóirí aitheanta seo a bhfuil neart taifeadtaí déanta acu roimhe seo ina n-aonar agus i dteannta cheoltóirí eile. Casann John Doyle cúpla amhrán breá ar an CD seo freisin agus cúpla píosa nuachumtha ceoil ag Dermot agus ag John.

Thug Doireann Glackin agus Sarah Flynn albam álainn amach i mbliana, The Housekeepers. Casann Doireann an fhidil agus is é an consairtín a chasann Sarah. Is as an ardchathair don bheirt bhan óg seo agus is togra an-speisialta é seo acu mar den chuid is mó is ceol a bailíodh ó mhná atá á chasadh acu ar an, mná a chuaigh i bhfeidhm orthu féin, ar nós Ella Mae O’Dwyer, Nora Hurley, Ellen Galvin, Mollie Myers Murphy agus Aggie Whyte. Tá John Francis Flynn le cloisteáil ar an ngiotár ar roinnt de na rianta ar an mbailiúchán breá ceoil seo atá iontach ó thús go deireadh.

Beirt deirfiúracha as Cill Mháille i gcontae an Chláir iad Aoibheann agus Pamela Queally a chuir Beyond the Bellows & The Bow amach i mbliana. Casann Pamela an fhidil agus is ar an gconsairtín a chasann Aoibheann. Stíl dheas réidh a chasann an bheirt bhan óg seo agus iad an-dlúth lena chéile. Is iad Gearóid McNamara, Shane Creed agus Eoin O’Neill a thugann tionlacan dóibh ar mhéarchlár, giotár agus basúcaí agus tá an sárbhoscadóir Nuala Hehir ina dteannta mar aoicheoltóir ar cheann de na rianta.

Is grúpa nua ceoil iad Uaine a chuir The Dimming of the Day amach i mbliana. Ceathrar ceoltóirí atá sa ngrúpa, Bríd Harper ar an bhfidil, Tony O’Connell ar chonsairtín, Lisa Butler ag gabháil fhoinn agus Paul Meehan ar ghiotár, bainseó agus maindilín. Tá Jim Higgins agus Brian McGrath ina dteannta mar aoicheoltóirí agus tá rogha bhreá ceoil agus amhrán ar a gcéad albam (ar ndóigh tá neart déanta ag na ceoltóirí seo i rith na mblianta ina n-aonar agus le ceoltóirí eile).

Le fíorghairid a a fuair muid One Day: November Woods le fear na fidle as oirthear na Gaillimhe, Fergal Scahill agus fear an phianó as Tír Eoghain, Ryan Molloy. Is cinnte go raibh an-spraoi ag an mbeirt seo agus iad i mbun taifeadta agus is léir sin ar a gcuid ceoil. Rinne siad an ceol ar fad a thaifeadadh in aon lá amháin agus ní raibh aon anonn ná anall eile leis. Is ceoltóirí breátha croíúla iad an bheirt seo agus iad féin ag baint barr dhá chéile.

Fág freagra ar 'Na halbaim is fearr – scoth an cheoil thraidisiúnta ó 2019'